Ag casadh ar ais arís

Ná baintear den riachtanas a bhí ann cogadh na saoirse a fhearadh

 

Ní féidir nach bhfuil sé tugtha faoi deara. Tar éis bliana go leith den chiúnas tá an stair ag filleadh ar Éirinn. Nó ag filleadh ar na colúnaithe agus ar lucht bladair go ró-áirithe. Ní raibh aon chomóradh le plé nó le hionsaí a dhéanamh air anuraidh mar bhí go leor de na hóglaigh fós sa charcair de réir blianta an chuimhneacháin, agus bhí an phleanáil mhíleata rórúnda d’fhonn cinnlitreacha gáifeacha a fháscadh aisti.

Tá deireadh leis sin anois, áfach, agus 100 bliain ó shin go díreach inniu tharla dhá eachtra a chuir cor mór in imeachtaí na linne, mar atá, an Chéad Dáil a bheith ina shuí, agus an luíochán a dhein buíon óglach de chuid na Treas Briogáide Thiobraid Árann ar an gConstáblacht Ríoga ag Sulchóid Bheag, ionsaí a áirítear go minic mar thús chogadh na saoirse.

Nílim ag comhaireamh go cruinn, beag an baol, ach ó thosach na míosa seo tá ar a laghad leathdhosaen alt léite sna mórmheáin agam ag caitheamh anuas, nó ag síolrú an amhrais, mar gheall ar an dá eachtra sin. ‘Ní raibh bua Sinn Féin chomh mór sin uile i dtoghchán 1918, fuair siad suíocháin gan freasúra, ní raibh na saighdiúirí Sasanacha go léir fillte ó na trinsí, bhí go leor nár chaith vóta ar chor ar bith, rinneadh bagairt ar dhaoine, níor thuig daoine an córas vótála, bhí botúin sa chomhaireamh…’ Tá’s agat an liodán faoi seo.

Mar a chéile leis an luíochán: ‘Bhíothas meáite ar dhúnmharú a dhéanamh, níor tugadh seans do na constáblaí géilleadh, ní ionsaí oifigiúil a bhí ann, ní raibh sé daonlathach…’ agus bóthar siar 1916 ar ais arís le prás agus le práib.

Is í an eilifint laistiar den arras, áfach, mar a bhí sa phlé seo cheana, ná an tuairim gur bhotún ba ea saoirse an stáit a bhaint amach in aon chor, nó ar an gcuid is lú de, nár ghá troid ar a son. Aontachtóirí ina gcroí istigh is ea an chéad dream díobh seo, is gabhann an fhianaise go léir mar nimh ina mbrád gur stát i bhfad níos éirithí is ea an ceann seo de réir gach tomhais idirnáisiúnta ná an ceann ónar fuasclaíodh sinn.

Faoi bhun gluaiseacht ar ais in inneall ama ní féidir a mheas arbh fhéidir linn ár gcuid neamhspleáchais a ghnóthú ceal troda, ach tá sé nach mór cinnte nach bhféadfaí. Is minic a luaitear Rialtas Baile, nó Hómrúl sa trácht seo, ach mo thrua an ceann gan chiall, ní hionann saoirse agus na cumhachtaí atá ag comhairle chontae. D’fhéadfadh siad an bille a bhí réidh ullamh a achtú uair ar bith tar éis Samhain 1918, ach níor dhein. Tá cuid againn ciniciúil go leor le go bpéacfadh an drochsmaoineamh aníos ionainn .i. ní raibh sé riamh i gceist ag Dáil na Breataine rialtas baile a ghéilleadh dúinn. Arís ar ais, gealladh bille rialtais bhaile d’Albain, agus d’imigh sin le Sruth na Maoile an túisce is nach raibh gol na bhfear san ár le cloisint níos mó.

Is ea, cloisfear na poirt seo á seinneamh go hard as seo go dtí Bailte Ó Síoda.

Cuirtear rud amháin chun leapan láithreach, áfach. Níorbh aon naoimh iad Óglaigh na hÉireann. Dá mb’ea ní éireodh chomh maith sin leo. Dhein siad gníomhartha barbartha gránna mar a dhein gach arm oifigiúil nó neamhoifigiúil riamh agus a dhéanfaidh arís. Aithnímis na smáil agus na cambhearta. Ach ná cuirimis poll inár gcliabh le huchtbhualadh agus le lúitéis leithscéaltach.

Thar aon rud eile, áfach, ná baintear den riachtanas a bhí ann cogadh na saoirse a fhearadh, agus den mhisneach a ghlac sé dul i ngleic leis an mbulladóir mór.