A bhfuil san áiléar

Is ann atá smut maith ded shaol.

Ceann de na gnóthaí sin ar cheart do dhuine a dhéanamh gach bliain ná an t-áiléar a ghlanadh. Is ea, dúirt mé gach bliain, ach áibhéil is ea é sin. Bhuel, abair gach cúig mbliana. Ar airigh mé a deich? Duine ar bith ar son an fhiche?

Ach tiocfaidh an lá, an lá cinniúnach, lá Chití na Scuab, lá Philip na gCleití, lá Dhaidí na nGiúirléidí Nollag, an Lá Nach Foláir Aghaidh a Thabhairt Air (go drogallach). An lá a gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an dorchadas lastuas.

Rabhadh: baineann seo go léir le daoine a bhfuil teach dhá stór acu, nó trí scór tharlódh, nó ceithre scór ar a seans, nó cloigtheach ar éigean. Más bothán tuí atá agat nó bungaló nó yurt nó puball sa ghairdín, stad anois. É seo ar eagla go mbeadh daoine nach bhfuil lonnú orthu i dtithe dhá stór, nó trí stór, nó i gcaisleáin nó i gcloigthithe maslaithe agus óifindid.

Tarraingíonn tú an dréimire anuas, nó faigheann tú ardú le cathaoir agus le matáin aníos agus is tú atá ann.

READ MORE

I gcloigeann an tí tá banc dramhaíl, tír ghránna trína chéile, is ann atá droch-chuimhní cinn is nithe áille naofa. Luchóga deasa ag siúl na slí gan bróga orthu ná aon phioc, le fiacla acu is gach aon rud. Tá saontacht ann is ál gan bhrí, is búclaí buí gan éifeacht, is teidí mór dubh gan chloigeann tinn, is málaí plaistic gan éifeacht.

Is ann atá smut maith ded shaol. Go leor de nach bhfuil tú ag iarraidh a mhúscailt in aon chor. Cad é an dragan bog seo a bhfuil cadhnra marbh anois ann agus cad a bhí i gceist aige a dhéanamh? Cé dó a ceannaíodh é? Ar chaith sé lasracha amach as a theanga, agus cén fáth nár chuaigh an teach trí thine?

Carn de dhlúthdhioscaí le hamhránaithe agus le bannaí ceoil nach bhfuil trácht feasta orthu fág gurbh iad na sméara mullaigh iad tráth dá raibh. Oirfidí foltfhada nach n-aithneodh iad féin anois, gan trácht ortsa. Cérbh iad na Gabhail Ghaeil, mar shampla, nó Mún na Muice, nó Thuas Seal agus Thuas Seal, Páid Ghlaice, Ólé agus na Cearca, Jimín Máire agus Tadhg, na Bocairí Bána agus eile? Is measa fós na téipeanna, na spóil agus fan go fóill, na ceirníní céaracha. Dá dtabharfá iad sin anuas shílfeadh an chlann óga gur plátaí dubha ón spás iad a raibh scéalta rúin greanta orthu. Agus b’fhíor go raibh.

Agus cad é seo? Camán a bhfuil banna miotail air! Smúr fola éigin ar a bhas, nó b’fhéidir subh na maidne. Is mó sin cluiche a d’imir sé le díomhaointeas ag feitheamh le sliotar nár tháinig ach go hannamh.

Bosca cairtpháipéir eile. Creimeadh beag déanta ar an imeall. Níor mhór suim lucht cheithre chos a chreimthe ina raibh laistigh. Irisí den uile shaghas a raibh tábhacht leo Inné, nó Inniu ag an am, nó Amárach le Dóchas, agus cá bhfios Feasta Agus gach Lá fós cibé rud a Scríobh na húdair mar Tuairisc orthu. Seanchóipeanna buí den TLS ina raibh ailt agus aistí le scrioblálaithe a bhí i mbéal a bpobailín lena linn ach nach bhfuil aird an dreancaide i mbéal dreoilín faoi láthair orthu.

Veidhlín as tiún. Cloisim go bhfuair duine Stradivarius lastuas san áiléar aige uair amháin, ach ar éigean gur ceann eile é seo mar tá ‘fidil’ scríte air. Bhí trácht ar sciatháin leathair nó ar fheascarlucha ann uair amháin ach tá na cúinní dorcha sámh go maith anois seachas an ghliogarnach.

Ach is iad na maisiúcháin Nollag an dúshlán is mó… lasmuigh de pé cnámharlaigh atá i bhfolach agat san áiléar.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar