1798: Stair ligthe i nDearmad

Árasáin le tógáil ar shuíomh Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe

Foclóir: armchúirt - court martial, díorma - troop, gíománach - yeoman, leas - benefit, teachtaire - messenger, rosc catha - battle cry, buachallán buí - ragweed, coimheascar - struggle.

Ar an 25 Bealtaine, 1798, i gcathair Bhaile Átha Cliath, dhaor armchúirt Patrick Ledwich agus fear darb ainm Wade chun báis.

An lá dar gcionn, ar Dhroichead na Banríona, Droichead Mellows, san lá atá inniu ann, crochadh an bheirt.

Cúpla lá roimhe sin cuireadh tús leis an Éirí Amach. Dar le stairithe, maraíodh suas le 30,000 duine lena linn - líon níos mó, a deirtear, ná a daoradh chun báis le linn Ré an Uafáis le linn réabhlóid na Fraince. Mheas Myles Byrne, a bhí rannphairteach, gur maraíodh níos mó ná a dhá oiread sin.

READ MORE

Ar 23 Bealtaine 1798, más fíor do Sir Richard Musgrave, bhí Wade agus Ledwich i measc slua 500 fear de chuid na nÉireannach Aontaithe, a tháinig le chéile ag “The Ponds” i Rath Fearnáin.

Stairí claonta, seicteach ab ea Musgrave ar ndóigh ach ní dóigh go raibh aon leas le déanamh aige don seicteachas as líon an lucht éirí amach ná scéal na beirte a crochadh a thuairisciú go míchruinn.

Bhí an slua á threorú ag David Keely, James Byrne, Edward Keogh agus Patrick Ledwich. Bhí oiliúint saighdiúra faighte ag Keogh agus Ledwich san díorma gíománach a bhí i Ráth Fearnáin agus ar nós go leor eile mar iad, thréigeadar fórsaí Rí Seoirse III chun dul chun troda ar thaobh na nÉireannach Aontaithe.

Bhíodar lán dáiríre faoin bpoblacht a bhí á bhunú acu mar a shíleadar. “Liberty and no King” an rosc catha a bhí acu agus chomh maith lena n-airm phearsanta bhí dhá cháirt acu - cairt chapaill, is dóigh, agus pící agus armlón carnaithe acu iontu.

Mar sin, ba léir go rabhadar ag súil go dtiocfadh go leor earcach chucu agus iad ar a mbealach isteach go lár Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i gceist acu teacht aniar aduaidh ar fhórsaí an rí sa chathair.

Ba le David La Touche eastát mór Marlay, teach mór agus 300 acra a bhfuil sean aithne agus eolas ag na mílte air san lá atá inniu ann agus é ina pháirc phoiblí atá i seilbh Chomhairle Dhún Laoghaire Ráth an Dúin.

Dúirt Musgrave go raibh 70-80 oibrí ag obair ar eastát Mharlay agus agus go rabhadar ar fad - seachas b’fhéidir deichniúr - rannpháirteach i mbuíon na nÉireannach Aontaithe an lá úd.

A luaithe is a tuigeadh do La Touche, a bhí i gceannas ar na gíománaigh an lá sin, go raibh an tÉirí Amach tosaithe i Rath Fearnáin, chuir sé teachtaire isteach caol díreach go Caisleán Átha Cliath. Thug an fógra seo deis, dár le Musgrave, do arm an rí i mBaile Átha Cliath teacht roimh na mílte Éireannach Aontaithe lena n-airm a bhí bailithe sna taobh bhóithre i lár na cathrach.

Bhris óglaigh Rath Fearnáin ar na gíománaigh a d’ionsaigh iad, ag The Ponds is cosúil, agus i ndiaidh sin thugadar aghaidh ar Chluain Dolcáin, áit a raibh súil acu casadh le hóglaigh eile a bheadh ar a mbealach isteach sa chathair.

Deir Musgrave gur tháinig saighdiúirí an rí faoi cheannas an Lieutenant O’Reilly agus an t-Iarla Roden ar óglaigh Rath Fearnáin ar bhóthar Rath Chúil, agus gur briseadh go tubaisteach orthu, gur maraíodh beirt dá gcinnirí, James Keeley agus James Byrne. Tógadh a gcoirp siúd isteach go clós Chaisleáin Átha Cliath chun iad a chur ar taispeáint, agus cupla lá i ndiaidh sin, crochadh na cinnirí eile, Patrick Ledwich agus Wade.

Mar a duirt J Beresford, duine de bhoic mhóra na linne, le Lord Auckland i litir ar an 25ú lá de mhí Bealtaine: “Two men of Lord Ely’s yeomanry are just condemned by a court-martial and are carrying away to be hanged. In very great haste.”

Theastaigh ó fhórsaí an rí sampla a dhéanamh dóibh siúd a raibh sé de dhánaíocht iontu seasamh láidir a ghlacadh.

Thuairisc an Freeman’s Journal ar an 29 Bealtaine: “On Sunday, the house of the deceased rebel Byrne, who was killed in the neighbourhood of Tallagh (sic), and exposed in the Lower Castle-Yard, was fired and continued to ashes ; a proper example to all others to avoid or withdraw themselves from the Rebellion.”

“For if taken armed against the Government of their country, it is fit they see that the consequences will not terminate with their own lives, but that summary and signal justice will pour down posthumous inflictions upon them.”

The Ponds

Blianta ó shin tógadh tithe agus foirgintí eile ar an chuid is mó de The Ponds i Rath Fearnáin san áit ina bhfuil Loreto Terrace san lá atá inniu ann.

Ach le blianta fada freisin tá garraí ar Loreto Terrace a bhfuil limistéir 0.64 acra inti fágtha gan tógáil. Níl ann ach féar fada, buachalláin bhuí, feochadáin agus cupóga sráide, luibheanna atá, dála an scéil, in aghaidh an dlí.

Tá an garraí suite díreach ag crosbhóthar Bhóthar na Gráinnsí agus Ascaill an Gharráin Chnó.

Shíl cuid de mhuintir an cheantair, go saonta is cosúil, gur de bharr gur ann a thosaigh Éirí Amach 1798 i mBaile Átha Cliath a bhí an garraí beag seo á choinneáil saor ó thógáil agus mheasadar go raibh an Chomhairle Chontae ag tabhairt aire don suíomh.

In Aibreán, na bliana seo, tugadh cead pleanála chun 32 árasán a thógáil ar an láthair stairiúl seo agus ar 17 Iúil, fógraíodh go mbeadh na hárasáin ar fad á dtógáil agus á ndíol mar aonad amháin.

Níl oiread agus comhartha cuimhneacháin sa láthair.

Tá sonraí báis formhór ceannairí Éirí Amach 1798 ar eolas againn, ach ní chloistear mórán faoi na gnáth dhaoine a ghlac páirt san choimheascar ba mhó a tharla ó Bhriseadh Luimnigh níos mó ná céad bliain roimhe sin.

Céard a d’imigh orthu?

Is tábhachtach linn a gcuimhne a choinneál beo.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.