Íogaireacht na hUaine

Tar éis an tsaoil, bhí Cogadh na Saoirse ann.

Tá deich mblianta na gcuimhneachán agus na gcomórthaí fós faoi bhogshiúl, ach an chuma orthu go mbeidh siad glaiste go ceann tamaill de dheasca an namhad nach bhfeictear. Níos measa fós, tá cuid mhaith den phlé ina stad óir ní ligfear leis na cruinnithe, leis na díospóireachtaí poiblí, leis na hallagair pharóiste, leis na himeachtaí gan áireamh thall is abhus toisc go bhfuilimid inár ngialla ag díoltas an dúlra.

Is mór is trua sin, óir ba chuid dhílis de phlé an phobail éirí amach 1916 agus ar lean, agus bíogaí beaga cuimhneacháin Chogadh na Saoirse ina dhiaidh. Tá an chuma anois air nach mbeidh an chabaireacht sin againn arís go ceann tamaill, agus nach aoibhinn mar a oireann dá lán óir nach gá dul i ngleic lenar tharla?

Tar éis an tsaoil, bhí Cogadh na Saoirse ann. Bhí fuilteach, fíochmhar agus déanadh gníomhartha barbartha lena linn. (Seachabairt: ní raibh cogadh riamh nár déanadh gníomhartha barbartha ann, sin nádúr an chogaidh, is ea ‘ar an dá thaobh’, ionas go mbeadh cuma an mhilleáin cothrom).

Is í an téis ar chúl an chlaí i gcónaí, áfach, nach raibh gá le Cogadh na Saoirse in aon chor, agus go mbeadh an Bhreatain dílis dá focal ‘for England may keep faith/for all that is done and said’ (i bhfriotal Yeats nár thuig puinn faoin bpolaitíocht, seachas an bhá a léirigh sé do na léinte gorma ar ball), áiteamh nach mbaineann beag ná móirín ná lúidín ná frídín ná faicín féin le fianaise na staire.

READ MORE

Is chuige sin an t-éileamh go gcaithfear a bheith ‘íogair’, ‘mothaitheach’, ‘leochaileach’ mar gheall ar aon rud a scríobhfaí faoi Chogadh na Saoirse. Conas sin? B’é cogadh na saoirse a bhí ann: cad ina thaobh go gcaithfí siúl ar uibheacha na linne seo nach dtuigeann gurbh é an gnás coiteann síoraí uiledhomhanda go gcaithfí troid ar son na saoirse mar nach raibh cumhachtaí an choncais sásta scaoileadh lena dtráilleanna?

D’fhéadfaí tosnú leis na Macabaeigh a bhfuil tuairisc orthu sa Bhíobla agus iad ar a seacht míle dícheall ag iarraidh na Seiliúsach a chloí a raibh siad ina ngéillsinigh dóibh. Baineann sin le tréimhse i bhfad siar, áfach. Ach san Eoraip shibhialta féin agus a críocha, b’eigean do na Portaingéiligh éalú ó na Caistiliánaigh, is na Polannaigh ó na Rúisigh, is na Polannaigh ó na Prúisigh, is na Prúisigh ó na Rúisigh, is na Rúisigh ó na hOttamanaigh, is na hOttamanaigh ó na Francaigh/Sasanaigh, is na Francaigh/Sasanaigh ó bhagairt na nGearmánach, is na Poncánaigh ó na Sasanaigh, is an Spáinn ón bhFrainc, is an Airgintín ón Spáinn, agus Eacuadór, agus Veiniséala agus an Bholaiv agus Meicsiceo, agus an Bhrasaíl ón bPortaingéil, agus an Eastóin ón Rúis, agus Vítneam ó na Francaigh agus ó na Seapánaigh agus ó na Francaigh arís agus ó na Meiriceánaigh ar deireadh, agus an Iodáil ón Ostair, agus Bangla Deis ón bPacastáin, agus Mósaimbíc ón bPortaingéil…agus liosta saoirse ón gcóilíneachas gan a bheith tosnaithe fós ansin ar éigean. Ní heol dom gur deonadh saoirse do dhream ar bith díobh sin gan airm faobhair agus tine.

Cad ina thaobh go mbeadh iontas ar dhuine ar bith gur ghá cogadh ar son na saoirse a bheith in Éirinn? Tar éis an tsaoil, bhí iarrtha fada go leor. Cromadh íseal go maith insan phuiteach, déanadh lúitéis leis na blianta, hiarradh go béasach is go humhal mar a dhein gach cine eile a raibh an chos ar an mbolg acu. An t-eiteachas lom a fuair siad má d’éirigh leo teacht thar chú an dorais isteach.

Cén fáth agus cad chuige agus dé chúis mar sin a mbeadh aon rud ‘íogair’, nó ‘mothaitheach’, nó ‘leochaileach’ féin ag baint le comóradh Chogadh na Saoirse?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar