Éist le fuaim na Sionainne

Lón anama, aigne, agus coirp a gheobhadsa agus tú i dtiúin leis an abhainn


Beidh maidin an lae inniu dian ar cheann amháin den dá chontae a bhí in iomaíocht inné – seachas gur comhscór a bhí ann ar ndóigh.

Dhá bhóthar abhaile, éagsúil óna chéile a bheidh tugtha ag an dá lucht leanúna, cuid acu trasna na Sionainne, an chuid eile ag fanacht ar an dtaobh eile.

Ach éagsúil i slite eile, sna cosa, mar shampla, cuid acu trom, cuid acu éadrom. Mar beidh áthas in áit amháin.

Ach an díomá san áit eile?

READ MORE

Cad is féidir a dhéanamh?

Ní éinne gan taithí sa roinn seo. Cabhraíonn sé a bheith fillte abhaile, go dtí an comhluadar, gnásanna, agus áiteanna a bhfuil taithí againn orthu.

Seal beag gairid i measc a dhaoine a theastaigh ón Direánach chun faoiseamh a fháil “ó bhuairt aigne ó uaigneas dhuairc”. Cois cladaigh.

Ar an gcuma chéanna, “ón uair go bhfuil an t-ualach trom is an bóthar fada” mhol an Ríordánach filleadh go “faobhar na faille thiar”.

Siar go dtí an cósta sa dá chás. Ach an gá dul chomh fada sin siar?

Cois na habhann? Nach mbeadh faoiseamh agus ardú meanman le fáil chomh maith ó na haibhneacha intíre? Ó ghluaiseacht agus glór an uisce? Tamall ag siúl ar an mbruach, ag leanúint lúb na habhann agus i dtiúin leis an rithim.

Tagann Sailm 23 isteach sa cheann a thugann le fios gur mar sin atá, gur féidir leis na huiscí suaimhneacha, misneach a mhúscailt an athuair sa duine atá in ísle brí. Agus dhealródh go bhfuil bonn eolaíoch leis seo chomh maith sa taighde a mholann dúinn go leor ama a chaitheamh cóngarach leis an uisce farraige, loch, abhainn, nó scardán uisce i ngairdín poiblí.

Ach tá tréithe eile ag baint leis an abhainn agus spreagann sí sinn i slite eile. Nach in aice na habhann a chuir Brian Merriman tús lena mhachnamh iomráiteach ar chúirt an mheán oíche, agus é “ag siúl le ciumhais na habhann” mar ba ghnách leis?

Tá go leor díobh sa dá chontae – aibhneacha. Ach tá ceann amháin a sheasann amach maidin inniu, de bharr go bhfuil sí ina ceangal idir an dá chontae atá faoi thrácht.

Scarann sí agus aontaíonn sí iad ag an am céanna. An leor é sin mar leid?

Teorainn an uisce

Is ea. An tSionainn. Ach cé leis í? B’shin an cheist a chuir tús le hargóint nó iomarbhá sna meánaoiseanna. Leis an deisceart agus Leath Mogha a bhain sí.

Ní hea, arsa file ó Leath Choinn (a thugann dúinn Connachta an lae inniu). Cén file? Agus cén leath lenar bhain siad? Ó Briain agus Ó hUiginn – is leor an sloinne a lua.

B’fhearr gan an argóint a adhaint an athuair, ar maidin an lae inniu ach go háirithe. Ach is maith mar a thuig na filí an uair úd an tábhacht a bhain leis an tSionainn.

Is fíor go bhfuil éileamh ar mhórán contaetha uirthi ó shin. Tá cúrsa na habhann fada agus is iomaí sruthanna agus aibhneacha a shníonn isteach inti ó thuaidh, chomh fada suas le Binn Chuilceach idir contae Fhear Manach agus contae an Chabháin.

Go deimhin, d’fhéadfaí foinse a aimsiú i sruthán sléibhe níos faide ó thuaidh i dTuaisceart Éireann.

Sásaíonn an tSionainn riachtanais eile chomh maith. Cuimhnigh ar chumhacht an uisce agus giniúint an leictreachais ag Ard na Croise.

Ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh sí ann i gcónaí. Bhí meabhrú airsean le fáil i rith an tsamhraidh nuair a thit an leibhéal uisce go dtí an pointe is ísle le fada an lá. Agus tá éileamh ar an uisce sin anois in oirthear na tíre agus pleanáil tosaithe ar na mílte galún a iompar trí phíopaí talún trasna na tíre.

Ní bheadh aon tarrac ar uisce nuair a bhíodh an Cathach thart, an ollphéist a bhíodh ina chónaí inti anallód. Chuir Naomh Seanán deireadh lena ré siúd, áfach, san áit a dtugtar Inis Cathaigh anois.

Is mó deoir usice atá gafa béal na Sionainne amach ón uair úd. Fiú ó thráthnóna inné nuair a chríochnaigh an cluiche. Tréaslaímid leis an bhfoireann atá ag ceiliúradh maidin inniu. Don fhoireann eile, beidh teacht aniar ann. Is féidir a bheith deimhin. Agus is fearr deimhin ná díomá.

Spléachadh atá anseo, agus Seachtain na hOidhreachta díreach tosnaithe, ar roinnt den luach a bhaineann le haibhneacha na tíre. Tá cothú le fáil iontu cinnte – corp, aigne, agus anam.

Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. An bhfuil sé in am cluas éisteachta a thabhairt?

Siúlóid, éinne?

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. @cathaldepaor