Éire le roinnt

Rith sé liom, mar sin, má bhí stát amháin soir ó thuaidh, cad ina thaobh nach mbeadh stát eile siar ó dheas?

Tá na comhráití fós ag dul ar aghaidh 100 bliain ó shin idir toscairí na hÉireann agus rialtas na Breataine Móire a thug an conradh réitigh dúinn, dá mba réiteach é. Murab ionann agus an comóradh ó sheachtain go seachtain a bhí á chuimhneamh timpeall ar 2016 tá an ciúnas i réim anois. Ní foláir nó ceaptar go bhfuil an plé fós idir dhá cheann na meá, go bhfuil an uile ní chomh híogair sin toisc gurb iad na ceisteanna céanna atá i dtreis i gcónaí ach iad i bhfeisteas na linne seo.

Beifear i bhfad níos íogaire an bhliain seo chugainn nuair a thosnófar ar chogadh na gcarad arís. Tá na húdaráis ag guí chun Dé agus na naomh neamhsheicteacha go mairfidh an phaindéim tamall eile fós ionas go mbeidh bac agus cosc agus teir ar aon tsaghas plé poiblí a réabfadh caille an chiúnais, a bhearnfadh balla an bhalbháin.

Ach fágaimis an plé sin lasmuigh den ghort go fóill cé go mbeidh an snaidhmearnach smaointe, an lúbadh aigne agus an iomrascáil intinne thar a bheith spéisiúil nuair a thiocfaidh ann don chabaireacht nach féidir í a sheachaint.

Is é a rith liomsa ná a mhalairt scéil sa chás is go raibh críoch eile ar an gcogadh cathardha seachas an ceann a bhí; nó go raibh críoch ábhairín éagsúil seachas mar a tharla.

READ MORE

Bhí comharsa bhéal bhéal bhéal dorais agamsa a throid i mBaile an Róistigh sa chath fíochmhar in aghaidh gabhála chathair Chorcaí ag fórsaí an tSaoir Stáit sa bhliain 1922. Níor ghéill sé riamh go raibh sé i ndán gur mar sin a chaithfeadh a bheith. B’é a mhaígh sé go bhféadfadh poblacht neamhspleách Chorcaí agus Chiarraí a bheith ann murach an dream bocht silteach i gcoinne an chonartha nár chuir le chéile.

Níor mhinic mé ag smaoineamh ar seo, agus níor phollaigh sé mo shuan rómhór i gcaitheamh an ama; ach níorbh é an t-aon duine é a shamhlaigh a leithéid mar tá an saol ag cur thar maoil le samhlaíocht. Bhí smut den spéacláireacht seo ina sheasamh ar an gcogadh níos tréine a bhí ó dheas in aghaidh an stáit nua sna míonna deiridh den uafás.

Rith sé liom, mar sin, má bhí stát amháin soir ó thuaidh, cad ina thaobh nach mbeadh stát eile siar ó dheas? Thabharfadh sé comhréir chruinn don tír, sé chontae ag gobadh amach i dtreo na hIorua agus fearainn Shanta Claus, agus dhá chontae mhóra eile ag amharc le dóchas i dtreo na gréine thuas san Afraic ó dheas.

Is mó sin stát neamhspleách atá ann a bhfuil éirithe thar barr leo agus níl aon chúis nach mbeadh Corcachiarraí chomh maith le habraimis Lucsamburg, Monaco, na hOileáin Marshall nó Macau. Tharlódh a bheith ina mhalairt ar fad don stáitín soir ó thuaidh, an fearann seicteach, biogóideach, claonta, dúr, dorrga, inbhreithnitheach, féinsciúrsach úd.

Bheadh an tsíocháin i réim i gCorcachiarraí, an turasóireacht faoi bhláth, dhá aerfort idirnáisiúnta ar a laghad, príomhchathair a d’aithneofaí mar Veinéis an tuaiscirt lena canálacha agus naomhóga, aghaidh ar an Atlantach siar ar leith amháin agus ar an Eoraip ó dheas ar an leith eile, aimsir bhreá bhog sa gheimhreadh agus grianmhar sa tsamhradh agus é níos gaire don mheánchiorcal ná áit ar bith eile, cuanta a mheallfadh luamha an domhain mhóir isteach, aibhneacha fíoruisce lánluchtaithe le bradáin agus le bric, bailte néata slachtmhara nár ghá comórtas d’fhonn iad a choinneáil glan, bia úr folláin ón bhfeirm caol díreach chun boird, mil agus neachtar ina slaoda, polaiteoirí macánta ag stiúrú leas an phobail, naoimh agus nollaimh i mbun an oideachais…

Is ea, b’in píosa deas samhlaíochta a chuir cúpla nóiméad thart gan mórán dochair.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar