Éileamh nua déanta Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm

Litir oscailte sínithe ag 200 duine aitheanta ag éileamh go ‘ndéanfar beart de réir briathair’

An ceoltóir iomráiteach Damien Dempsey. Grianghraf: Cyril Byrne/The Irish Times

An ceoltóir iomráiteach Damien Dempsey. Grianghraf: Cyril Byrne/The Irish Times

 

Tá litir oscailte seolta chuig an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh Aire na Breataine Theresa May ag éileamh orthu a gcuid dualgais maidir le Comhaontú Chill Rìmhinn agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh agus Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart.

Shínigh 200 duine aitheanta ó shaol an spóirt, an oideachais, chearta daonna, ón earnáil dlí agus na healaíona an litir a foilsíodh ar an Irish News inniu.

Scríobhann siad: “Éilíonn muidne, na daoine a bhfuil ár n-ainmneacha leis seo, go gcuirfear i bhfeidhm go huile is go hiomlán na coimitmintí a tugadh i gComhaontu Chill Rìmhinn in 2006 maidir le cearta Gaeilge.

“Éilíonn muid mar sin go ndéanfar beart de réir briathair. Munar féidir teacht ar réiteach sásúil sna cainteanna reatha seo, éilímid muid ar Rialtas na Breataine an t-acht a chur i bhfeidhm de réir a ndualgas i gComhaontu Chill Rìmhinn agus aithnímid muid nach mór do Rialtas na hÉireann a ról mar chomh-shínitheoir Comhaontu Chill Rìmhinn a chomhlíonadh go sásúil fosta.

“Ba cheart go gcaithfí le pobal na Gaeilge le cothrom na Féinne.”

I measc lucht scríbhe na litreach tá an ceoltóir Damien Dempsey, an dornálaí Paddy Barnes, rúnaí réigiúnach an cheardchumainn UNISON, Patricia McKeown, an tOllamh Phil Scraton agus an gníomhaí teanga Linda Ervine.

“Tuigimid, mar abhcóidí ar son comhionannais agus cearta daonna, gurb ionann cearta teanga agus cearta daonna,” a dúirt Patricia McKeown.

“Ní mór gealltanais a rinneadh a chur i bhfeidhm chun go mbeidh cothrom na Féinne ann. Éilíonn muid Rialtas áitiúil atá laistigh de chreatlach an chomhionannais agus cearta daonna mar atá leagtha amach i bhforógra UNISON agus an Equality Coalition,” a dúirt sí.

Dúirt Colin Harvey atá ina Ollamh leis na dlíthe i leith Chearta an Duine, in Ollscoil na Banríona, go bhfuil “géarchéim ann san am i láthair maidir le cearta agus cothromas sa tsochaí seo”. Dúirt sé go bhfuil daoine “ ag fanacht agus ag fanacht gan aon réiteach ar an scéal seo” ach go bhfuil an “t-am sin thart anois”.

“Anois an t-am leis na ceisteanna seo a réiteach agus chun seasamh le chéile ar mhaithe le todhchaí níos fearr. Deirtear nach féidir é a dhéanamh. Ach caithfear é a dhéanamh. Tá bunathruithe claochlaitheacha de dhíth anois. Mar chuid den ghluaiseacht seo ní mór go n-aithneofar pobal na Gaeilge- agus go gcuirfear an tAcht Gaeilge i bhfeidhm. Ná cuirtear aon mhoill eile leis seo.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhra An Dream Dearg, a d’eagraigh scríobh na litreach: “Tacaíonn cúig pháirtí le reachtaíocht, maraon le Comhairle na hEorpa agus na Naisiún Aontaithe agus níos tábhachtaí arís, léiríonn na sluaití a raibh páirteach san fheachtas, gnáth-dhaoine ón phobal, an tacaíocht leathan atá ann don Acht.

“Is linne ar fad an Ghaeilge agus léiríonn an litir seo, arís eile, go bhfuil sciaranna leathan don phobal tiománta do chosaint agus cuir chun cinn na Gaeilge ag bogadh chun tosaigh.

“Déantar sin trí reachtaíocht, an cineál reachtaíochta ceart-bhunaithe a ghealladh dúinn i 2006. Má táimid dáiríre faoi ‘dhípholaitiú’ na Gaeilge, is trí chearta a chur ar fáil an bealach is eifeachtaí agus inmharthana chun seo a dhéanamh,” a dúirt sé.

Cuireadh borradh faoin bhfeachtas ar son Acht Teanga sa Tuaisceart cúpla seachtain ó shin nuair a shínigh 11 ball de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga litir a thacaigh le hiarrachtaí gníomhaithe teanga atá ag troid ar son cothrom na féinne.