Vermeer agus ré órga na hOllainne

Spreagann saothar Vermeer an tsúil agus an t-anam


Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo pháiste go raibh dhá phictiúr crochta ar bhalla an tseomra bia: An Fear Súgach (The Jolly Drinker) le Frans Hals agus An Cailín Bleánaí (The Milkmaid) le Johannes Vermeer.

Mhínigh m’athair dom gur thaitin na pictiúir chlasaiceacha seo go mór leis, ní hamháin, de bharr gur chruthaigh na healaíontóirí ina steillbheatha na daoine iontu ach go raibh solas agus scáth aimsithe go paiteanta acu sna pictiúir freisin.

Fuair Johannes Vermeer bás sa bhliain 1675 agus, ar feadh 200 bliain ina dhiaidh sin, ba bheag trácht a bhí ar a shaothar ealaíne.

Ba é an stiúrthóir iarsmalainne Gearmánach, Gustav Waagen, a tháinig ar an bpictiúr Ealaín na Péintéireachta (The Art of Painting) i ngailearaí i Vín agus a thuig gurbh é Vermeer a dhathaigh in ionad Pieter de Hooch, ealaíontóir ar cuireadh an saothar i leith roimhe sin.

READ MORE

As sin amach rinne Waagen taighde ar Vermeer sa chaoi gur fhoilsigh an léirmheastóir cáiliúil, Theophile Thore-Burger, catalóg dá phictiúir sa bhliain 1866. Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh clú domhanda ar an ealaíontóir.

Is cosúil gurb í an phortráid is mó clú dá chuid ná Cailín le Fáinne Cluaise Piorla (Girl with a Pearl Earring) go mórmhór ó rinneadh scannán leis an teideal céanna sa bhliain 2003, bunaithe ar úrscéal Tracy Chevalier, agus scannán inar ghlac Scarlet Johansson agus Colin Firth na príomhpháirteanna. Scéal rómánsúil a bhí sa scéal agus ní móide ar bith é gur tharla na heachtraí céanna i saol Vermeer mar is beag eolas atá ann i ndáiríre i dtaobh shaol an ealaíontóra féin.

Rugadh sa bhliain 1632 é agus chaith sé a shaol i gcathair Delft na hOllainne. Phós sé bean Chaitliceach agus d’aistrigh ina Chaitliceach féin.

Feictear rian an Chreidimh seo i gcuid dá shaothar Bean a bhfuil Meá ina Láimh aici (Woman holding a Balance) ach go háirithe.

Bhí a bhean chéile agus máthair a chéile go maith as agus bhí pátrún saibhir aige féin, Pieter Claesz, bailitheoir a cheannaigh mórchuid dá phictiúir.

Shaothraigh Vermeer le linn Ré Órga na hOllainne sa 17ú haois nuair a bhí ealaíontóirí ar nós Rembrandt, Frans van Mieris, Gerard ter Borch, Gerrit Dou agus Gabriel Metsu i mbarr a réime.

Fiacha

Bhí Vermeer féin mall go leor chun pictiúr a chríochnú de bharr gur theastaigh uaidh máistreacht a bhaint amach ina shaothar.

Mhair aon pháiste dhéag dá chlann, rud a thug air obair go crua chun soláthar dóibh. Faraor, tháinig deireadh obann le Ré Órga na hOllainne nuair a rinne an Fhrainc agus a comhghuaillí ionradh ar an tír bheag sa bhliain 1672.

Chlis ar ghéilleagar na tíre agus, nuair a d’oscail na hOllannaigh na díoga, bádh cuid mhór den tír – ina measc siúd feirmeacha mháthair chéile Vermeer.

Nuair a fuair a phátrún bás go luath ina dhiaidh sin bhí ar an ealaíontóir airgead a fháil ar iasacht.

Ba mhór an náire d’fhear ag an am sin gan a bheith ábalta soláthar dá chlann agus theip ar shláinte Vermeer, báite i bhfiacha mar a bhí. Fuair sé bás go hanabaí in aois a dhá scór is trí bliana.

Faoi láthair, i nDánlann Náisiúnta na hÉireann, tá taispeántas den scoth ar siúl dá shaothar.

Ní saothar Vermeer amháin atá ar taispeáint ach saothar a chomhealaíontóirí Metsu, Steen, ter Borch agus a leithéid eile.

Ó tá na pictiúir ar taispeáint faoi théamaí ar leith: grá, litreacha, ceol, obair tí, srl, is féidir an ceangal cultúrtha a fheiceáil go cruinn idir na healaíontóirí féin agus an crostoirchiú a tharla.

Tugtar gléasanna éisteachta don lucht féachana agus is féidir cuntas suimiúil cruinn a fháil fad a bhíonn na pictiúir á scrúdú agat.

B’ionadh liom cé chomh hoilte is a bhí Vermeer ar a ghairm: tá peirspictíocht neamhghnách sna pictiúir mar aon le réimse leathan dathanna.

Go minic sna saothair feictear solas na gréine ag bá seomraí na dtithe istigh agus ag soilsiú aghaidheanna na ndaoine is ábhar do na pictiúir.

Daoine uaisle is mó a fheictear ach tá na searbhóntaí ann freisin agus iad ag freastal ar a máistrí. Tá an-bhéim go deo ar shaol na mban sna pictiúir agus feictear collaíocht iontu ó am go chéile ach í faoi smacht de ghnáth.

Seans gurb é an rud is suimiúla sna pictiúir ná nádúr buanseasmhach an chine dhaonna ó na fir ag mealladh na mban le fíon, go haoibhneas an ghrá féin, ní áirím giúmar agus spraoi uilíoch.

Má fuair Vermeer bás in umar na haimléise tá a chearta seasta dó ar na saolta seo ar fuaid an domhain anois mar atá ‘mire Vermeer,’ (nó ‘Vermeer mania’) faoi lán seoil.

Leanfaidh an taispeántas go dtí Meán Fómhair na bliana seo. Is inmholta an taispeántas amach is amach.