Uimhir a 6 Sráid Fhearchair: finné ar stair na hÉireann

Scéal stairiúil an fhoirgnimh thábhachtach seo le cur os ár gcomhair i gclár faisnéise

FOCLÓIR: Léargas - insight; coimeádaí - custodian; ceannáras - headquarters; olltoghchán - general election; urchar - shot; adhastar teann - tight rein; uilechoiteann - universal; ceárta - forge.

Dá mbeadh caint ag na ballaí! Dá mbeadh caint ag na ballaí in Uimhir a 6 Sráid Fhearchair d’inseodh siad cuid mhaith de scéal na hÉireann le breis is dhá chéad agus tríocha bliain anuas.

Bheadh cur síos le déanamh acu ar imeachtaí agus ar phearsain mhóra i stair na hÉireann a tháinig le chéile sa teach chun bheith rannpháirteach i gcruinnithe, i ndíospóireachtaí, in obair agus in imeachtaí eile a bhain le mór-ghluaiseachtaí cultúir agus polaitíochta an dá chéad seo caite.

Craolfar clár faisnéise faoin teach ar TG4 an tseachtain seo ina dtabharfar léargas ar chuid de na hathruithe a tháinig ar chathair Bhaile Átha Cliath agus ar an tír ón mbliain ar tógadh an foirgneamh.

READ MORE

Labhair Tuarascáil le Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, faoin gclár, agus iarradh air cén tábhacht atá le 6 Sráid Fhearchair i stair na tíre.

“D’imir an foirgneamh ról lárnach i stair na hÉireann,” a dúirt Cuan linn.

“Má chuimhníonn tú ar na daoine a bhí sa teach agus an chaoi ar thionlaic siad agus ar stiúir siad dán na tíre, bheadh sé deacair teacht ar shampla d’fhoirgneamh eile i mBaile Átha Cliath a raibh baint níos mó aige le stair na hÉireann agus nasc níos mó aige le heachtraí tábhachtacha i stair an náisiúin” a dúirt sé.

Bhí an parlaimint choilíneach fós i mbun gnó i bhFaiche an Choláiste agus formhór mhuintir na hÉireann ina ndaoir ag córas na dtiarnaí talún nuair a tógadh an foirgneamh sa bhliain 1786.

Nochtar eolas sa chlár faoi Hans Blackwood, mac an Ridire John Blackwood MP, a thóg an teach. Chaith Hans tamall ina fheisire ar Pharlaimint Bhaile Átha Cliath.

Bhí seisean ar an chéad duine as Uimhir a 6 a raibh tionchar aige ar stair na tíre nuair a chaith sé vóta ar son Acht an Aontais.

Sna 1850dí bronnadh an teach ar John Henry Newman a tháinig go Baile Átha Cliath chun Ollscoil Chaitliceach a bhunú agus is ann a bhí cónaí air.

Bhunaigh sé Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath ar an láthair agus is mór an tionchar a d’imir sé sin ar an tír ó shin.

I Meitheamh 1910 ceapadh Uimhir a 6 mar cheannáras ag Sinn Féin agus d’fhéadfá a rá gur éirigh cúrsaí níos teasaí ina dhiaidh sin.

Ceárta a bhí ann inar múnlaíodh an t-idéalachas agus teoiricí na saoirse.

Bhí an oiread sin ar siúl ann - ó bhanc Shinn Féin go dtí an méid a bhí ar bun ag Micheál Ó Coileáin in 1918 agus 1919 - nach iontas ar bith é go raibh súil ghéar á choinneáil ag Feidhmeanas na Breataine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an áit.

Tá cuid de na comhaid a bhí in úsáid acu le feiceáil i gCartlann Náisiúnta na Breataine, i Kew i Londain.

“Tá a lán tuairiscí ann faoi Uimhir a 6,” a dúirt Ó Seireadáin.

“Bhíodh Príomh Aire na Breataine go minic ag léamh tuairiscí faoi na daoine a bhí in Uimhir a 6. Tharla sin go háirithe roimh an olltoghchán i 1918. Bhí an foirgneamh i lár an aonaigh, mar a déarfá, ag an am.”

Déantar cur síos freisin sa chlár ar an méid a tharla in Uimhir 6 le linn Éirí Amach 1916. Ghlac Arm na Breataine seilbh ar an fhoirgneamh agus is as a scaoileadh na hurchair a ghoin an réabhlóidí, Margaret Skinnider.

Tá cur síos ar na ruathair armtha a rinneadh níos deireannaí ach go háirithe an t-ionsaí a rinne Arm na Breataine ar an bhfoirgneamh le cabhair ó mhic léinn Choláiste na Tríonóide i Mí na Samhna 1918.

Is ann freisin a rinneadh an cinneadh ar an 19 Nollaig Dáil Éireann a bhunú.

“Ceann de na cinntí is stairiúla i stair na tíre,” a dúirt Ó Seireadáin.

“Tá sé ar aon chéim le hÉirí Amach na Cásca,” a dúirt sé.

“Nuair a smaoiníonn tú air, bíonn daoine ag caint faoi Ard Oifig an Phoist agus an siombalachas a bhaineann leis agus tá sé an-tábhachtach, ach chaith Óglaigh na hÉireann sé lá in Ard Oifig an Phoist agus caitheadh b’fhéidir 1,000 lá nó 1,200 lá in Uimhir a 6 ag beartú, ag eagrú agus ag stiúradh chun stát neamhspleách a bhaint amach.

Lár an aonaigh

Más i lár an aonaigh a bhí Uimhir 6 an tráth sin, maireann sé mar shiombail freisin ar chomh lárnach agus a bhí gluaiseacht na Gaeilge sa choimhlint a ghnóthaigh saoirse na tíre.

Baill den Chonradh ab ea seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916 agus ba chainteoirí Gaeilge iad a bhformhór siúd a daoradh chun báis go gearr ina dhiaidh sin.

Mar chuid de chomóradh 50 bliain Éirí Amach 1916 agus chun buíochas a ghabháil le Conradh na Gaeilge as ucht an pháirt a bhí ag an eagras i ngluaiseacht na hathbheochana agus na saoirse, bhronn an Stát Uimhir a 6 ar Chonradh na Gaeilge i 1965.

Ar bhealach, bhí an teanga agus an ghluaiseacht teanga ar adhastar ag an Stát go dtí sin agus is i ndiaidh sin a tháinig athrú ar chur chuige ghluaiseacht na Gaeilge.

Faoin am sin, bhí deireadh dúile bainte ag an gConradh as an dóchas go ndéanfadh an Stát beart fónta ar son na teanga.

Glacadh seasamh neamhspleách agus ní raibh leisce ar bith cúlú ceilte an Stáit ó chuspóir athbheochan na Gaeilge a nochtadh agus a cháineadh.

Chun dúshlán an Roinn Oideachais a thabhairt maidir le hoideachas trí Ghaeilge bhunaíodar an ghluaiseacht naíonraíochta. Réitigh sin an bealach don ghluaiseacht mhór ghaelscolaíochta atá ag dul i neart i gcónaí, thuaidh agus theas.

Cuireadh Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta ar bun agus d’eascair Gluaiseacht Chearta Sibhíalta na Gaeltachta as sin. Bhí cuid mhór de sin faoi thionchar An Ráiteas Uilechoiteann ar Chearta an Duine agus bhí cearta an phobail Ghaelaigh chun maireachtáil mar phobal i lár na smaointeoireachta.

Bunaíodh Oifig na gCeart in Uimhir a 6 chun taifead a dhéanamh ar na bealaí a sháraíonn an Stát cearta teanga na ndaoine.

“B’fhéidir gur as sin a d’eascair an smaoineamh gur chóir go mbeadh oifig Coimisinéir Teanga ann. Arís agus arís eile, tarlaíonn rudaí beaga agus móra in Uimhir a 6 a imríonn tionchar ar rudaí a tharlaíonn taobh amuigh,” a dúirt Ó Seireadáin.

Todhchaí

Fuair Conradh na Gaeilge cead pleanála i mí na Nollag 2020 athchóiriú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh. Ar nós go leor tithe eile mar é, rinneadh an-chuid athruithe beaga thar na blianta nach gcloíonn le bun charachtar Seoirseach an tí.

“Baineadh na tinteáin amach sna seascaidí - sin an rud a tharla ag an am chun teas a chaomhnú. Cuirfear rudaí mar sin ar ais ionas go mbeidh cuairteoirí in ann ré Mhicheál Uí Choileáin agus De Valera agus Markievicz a shamhlú agus iad ag tabhairt cuairte ar an áit.”

“Tá sé in am tar éis 230-240 bliain athchóiriú domhain a dhéanamh ar shubstaint an fhoirgnimh - ní bheadh a fhios agat riamh cad atá ag tarlú faoi na hurláir i bhfoirgneamh mar sin.”

* Craolfar ‘Uimhir a 6’ ag 9.30in ar TG4 Dé Céadaoin an 14 Aibreán.

* Bhí spéis ag a lán daoine san alt a bhí againn ar 29 Márta faoi Roxanna Nic Liam agus ina saothar filíochta, “Siúcra” a bhí faoi chaibidil againn. Dúirt sí gur fhreastal sí ar Scoil Chaoimhín, gaelscoil bheag i gceartlár Bhaile Átha Cliath. Ó shin, chuir Ciarán Ó Fearraigh, Príomhoide na scoile sin in iúl dúinn go bhfuil páistí agus foireann na scoile an-bhródúil as Roxanna agus a saothar. Déanann siad comhghairdeas léi agus deireann Ciarán go bhfuil Scoil Chaoimhín ag dul ó neart go neart.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.