Tost liteartha nach scagtar

Is ionann Irish Literature anois agus litríocht an Bhéarla. Ní fíor!


Nach iontach mar atá litríocht na hÉireann i mbéal an phobail!

Eimear McBride agus Mike McCormack ainmnithe ar ghearrliosta an Dublin International Literary Award agus caoi acu ar an bpota óir – rud is annamh do scríbhneoir ar bith. Tá an bheirt acu airí ar aon ghradam a dhearlacfaí orthu, agus cá bhfios, mhéadódh ar an díolachán, leis.

Fairis sin, dhein James Kelman gearán ar an nuachtán seo le gairid go raibh scríbhneoirí próis na hÉireann “cushy”, neamhcheistitheach. Pé ní i dtaoibh fírinne nó iomrall a ndúirt sé, bhí sé sásta ceisteanna móra a dhúiseacht maidir le sláinte mheabhrach na tíre agus cad tá idir chamáin phléite againn; nó a mhalairt.

Bhíodh na ceisteanna seo á suathadh ceithre scór bliain ó shin, ach ba dhóigh leat orainn nach suim linn aon rud anois lasmuigh den eacnamaíocht leamh agus den pholaitíocht bhaoth.

READ MORE

Bhí gnó ag an litríocht riamh sinn a bhriogadh is a chrá is a dhúiseacht. Sinn a chur ag machnamh. Sinn a chur le feirg, fiú amháin.

An bhféadfaí leabhar ar bith a scríobh inniu a chuirfeadh an tráchtaire poiblí is íogaire anam le báiní?

Tá poll mór sa dioscúrsa seo nach luaitear. Is ionann an téarma ‘Irish literature’ inniu agus litríocht Bhéarla na hÉireann.

Bhí tráth ann nuair a thugtaí ‘Anglo-Irish literature’ uirthi, agus bhí ranna ollscoile ann arbh í sin a cúram. Ansin, tháinig an ceo, agus tosnaíodh ar ‘Irish literatures’ a thabhairt ar a bhfuil againn idir Ghaeilge agus Bhéarla. An sleabhac smeartha sleamhain le fána síos.

Ansin, leagadh an claí teorann ar fad uile go léir siar amach go dtí clais dheireanach an bhaile fearainn.

Cromadh ar ‘Irish literature’ a thabhairt go hiomlán hólas bólas ar a bhfuil á scríobh in Éirinn as Béarla agus tosnaíodh ar litríocht ársa breis agus míle bliain na tíre a shacadh ina hóinseach sa chúinne.

Féach leat cnuasach ar bith de phrós na hÉireann, nó leabhar critice ar bith a bhfuil ‘Irish literature’ ina theideal.

Is é oighear diachrach an scéil é ná go bhfuil aitheantas á fháil anois ag litríocht na Gaeilge thar lear ar shlí nach bhfuair sí ó tuigeadh do na scoláirí móra ón nGearmáin go raibh seoda acu ag tús na haoise seo caite.

Duais mhór

Bronnadh duais mhór liteartha Zbigniew Herbert ar Nuala Ní Dhomhnaill le déanaí as feabhas a cuid filíochta. Aitheantas ceart cóir ón bPolainn arb onóir dúinn go léir é, leis.

Cúpla lá féin ó shin, bronnadh duais liteartha Magnesia Litera ar Radvan Markus ar son an aistriúcháin a dhein sé ar Cré na Cille go Seicis.

Agus shaothraigh an t-aistriúchán Gearmáinise an Hamburger Preis, fara an Lois Roth Award a bheith bronnta ar an aistriúchán Béarla a dhein Liam Mac an Iomaire agus Tim Robinson.

Maíonn Radvan Markus go bhfuil an chreidiúint ag dul do Mháirtín Ó Cadhain, agus thuigfeá go bhfuil bun leis sin; ach b’iad na haistritheoirí a thug leathantas dó.

Nach lánait go léir é, mar sin, nuair a osclaíonn tú an aiste ar ‘Irish Literature’ san fhoilseachán sin a bhíodh mar shlat tomhais ag cách gur theastaigh instealladh tapaidh eolais uathu, an Encyclopaedia Britannica, nach lánait go ndeirtear leat go lomsoiléir gurb ionann í agus litríocht an Bhéarla sa tírín seo?

Féach air, ach cuirtear an cat i bhfolach.

Mar bhreis ar an masla iarrtar ort, sa chás aisteach is gur theastaigh uait fiosrú a dhéanamh faoi litríocht na Gaeilge, dul á lorg id dhalta dána faoi ‘Celtic literature.’ Ní le magadh atáim. Ní litríocht Éireannach í litríocht na Gaeilge feasta, ach ceirt éigin Cheilteach.