Tost á Scagadh

Nach fearr cabaireacht ná cogaíocht? Nach fearr soiléir na piléir?

Nuair a d’fhéachas isteach im liathróidí criostail ar maidin ní bhfuaireas romham ach an uain ag méiligh, agus an doircheacht. Is féidir liom na gnáth-thuair a dhéanamh - nach mbuafaidh Cill Mhantáin craobh na hÉireann, nach rachaidh an Vatacáin cun chogaidh leis an tSín agus go dteascfar lámha de dhaoine san Araib Shádaisteach - ach is beag an mhaith é sin do dhaoine a bhfuil cló na bliana seo romhainn a dhíth orthu.

B’éigean dom, mar sin, filleadh ar thuairimíocht bhuile, ar mhachnaimh faoi thuairim agus ar an aineolas coiteann is dual don chine daonna. Baineann ceann de na ceisteanna móra le hiarmhairt an Bhreatimeachta atá bruite anois (deirtear) agus imithe (ceaptar) ionas gur féidir linn filleadh ar chúraimí ár n-oileáinín bhig féin. Nó sin a shílfeá.

Tár éis an tsaoil, bhí de leithscéal ag ár n-aos polaitiúil gan tada ná faic ná puinn a dhéanamh ná a rá fad is a bhí an gheamaireacht léanmhar ar bun lastoir dínn. Anois go bhfuil an cuirtín á tharraingt agus na bobaidí ag imeacht agus na mná ramhra ag ceol, shílfeá go mbeadh athrú poirt éigin ar bun abhus. B’ait le rá an intinn chúng aircipiligeóch oileánrach abhus a léirigh níos mó suime in imeachtaí na mátharthíre (mar adéarfá) ná a raibh ar siúl inár measc féin féinig féineach faon.

Ceann de na ceisteanna móra sin is ea an cor polaitiúil a thiocfaidh de thoisc nach bhfuil móramh aontachtach níos mó sa stáitín thoir thuaidh den tír. Ba dhóigh leat go mbeadh seo ar an bhfíric is mó plé ar an gclár náisiúnta, mar is mó sin polaiteoir aontachtach féin ar mhaith leis cineál an stáit a mheas a bheadh i ndán dó sa chás is go nascfaí an dá chuid le chéile.

READ MORE

Ach cad é freagra FGFF d’aon ghuth ar a leathanach laoi cumann féin? ‘Ní thig linn sin a phlé!’ ‘Níl an t-am i gceart!’ ‘Níl an uain oiriúnach.’ ‘Ní bheadh sé iomchuí an tráth seo!’ ‘Chuirfeadh sé as d’aontachtóirí!’ ‘Is binn béal ina thost!’ (nó, ‘b’fhéidir go mbeadh orainn rud éigin a rá!’)

Cuireadh achainí timpeall ag deireadh na bliana seo caite inar shínigh míle duine litir a d’iarr ar an Taoiseach fóram náisiúnta a thionscaint d’fhonn ceist seo Éireann Aontaithe a phlé. Ní ag éileamh tíre aontaithe polaitiúla a bhíodar. Ná níor dúradh gur rud maith a bheadh ann. Ná níor dúradh go gcaithfeadh gurb é sin críoch agus deireadh na mbeart. Bhí siad ag iarraidh go ndéanfaí crot agus cumraíocht na socruithe polaitiúla ab fhéidir a bheith romhainn a phlé. A phlé. Sin an méid.

Nach fearr cabaireacht ná cogaíocht? Nach fearr soiléir na piléir? Nach fearr cur le chéile ná a bheith trí chéile? Ach níorbh é sin freagra FFFG; b’é a fhreagra: ‘Ní thig linn seo a phlé, níl an uain oiriúnach, ní bheadh sé iomchuí an tráth seo, chuirfeadh sé as d’aontachtóirí’….

Is beag rud is náirí mar cheist bhunreachtúil lenár linn ná an mheatacht gan áireamh seo. Bhí ‘meatacht gan teorainn’ ar ghob mo phinn, ach is ‘meatacht le teorainn’ atá i gceist. Is cuimhin liom gur scríobh Nollaig Ó Gadhra tráth nuair a bhí an cogadh ó thuaidh in airde láin, go mbeadh ar náisiúntóirí an taoibh thoir thuaidh troid a dhéanamh d’fhonn fáil isteach in Éirinn Aontaithe. Dealraíonn anois go mbeidh ar na haontachtóirí a leithéid chéanna a dhéanamh, leis, an méid díobh a bhfuil sin uathu.

Bhí uair ann nuair a bhíodh ‘the united ireland party’ scríte go mion faoi bhun phóstaeir FG, agus ‘the republican party’ ag dul i laghad ar fhógraíocht FF. Is fearr a d’oirfeadh an IPP (The Irish Partionist Party) - páirtí críchdheighilteach na hÉireann -d’FGFF anois.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar