Tonn teasa

Táimid damanta, a dheirfiúracha – ag brath ar an taighde a léann tú


An raibh tú ag guí go dtiocfadh an tonn teasa chun críche le tamall anuas? An raibh tú ag triall ar an bPoirtingéil nó ar an Spáinn nuair nárbh fhéidir leis an nathair féin sa scrobarnach an brothall a fhulaingt? Nó ar chuir tú laetha saoire in áirithint sa Ghraonlainn d’fhonn na cnoic oighir a fheiscint ag leá agus iad ag teacht faoi do dhéin?

Is cuimhin liom fear a fheiscint ar shráideanna Chorcaí im óige a raibh focail na tairngreachta ‘The End is Nigh’ breactha ar fhógra dhá chlár aige. Bhítí ag magadh faoi, gan amhras, óir níor comhlíonadh an fháistine áirithe sin fós.

Is mó sin fáistine mar é atá feicthe againn – na gortaí atá le teacht, ganntanas uisce, plaistic ag plúchadh na mara, an ciseal ózóin ag tanú, geimhrí núicléacha, aigéadú na n-aigéan, caitheamh iomlán na hola, gannchúis mhianraí, fásaigh ag fás, báisteach chrua le titim, cogaí acmhainní nádúrtha, beacha dúnmharfacha, buganna ríomhairí, epidéimí na mbó mire, buillí astaróidigh, agus go ró-áirithe téamh leanúnach an domhain. Ba leor go bhfíorófaí cúpla ceann de na fáistiní sin le go mbeimis san abar, bíodh go mbeadh fáilte roimh an abar suas is anuas leis an gcinniúint dhorcha atá á bagairt.

Is é is fearr faoin bhfáistine gurb annamh go gcomhlíontar í. Liosta gan áireamh a liacht uair gur tuaradh deireadh an domhain, agus bhí eolaithe ann a mhaígh nach bhféadfadh daoine gluaiseacht níos tapúla ná 30 míle san uair nó loiscfí iad, nach mbeadh éileamh choíche ar ríomhairí, go gcuirfeadh an meaisínghunna deireadh le cogaíocht, gur choirp lofa maighdeana mara ba chúis leis an bplá. Is maith liom go háirithe, an duine a dúirt san 19ú haois go mbeadh sráideanna Bheirlín ag cur thar maoil le cac na gcapall faoin mbliain 1920.

READ MORE

Bheadh an ceart aige, gan amhras, murach gur tháinig an rothar agus an gluaisteán in áit an chapaill mar mhodh taistil sna bailte móra. Is é an ‘murach’ sin an tairne íogair ar a bhfuil an scéal ar fad ag crochadh. Is fíor go gcuirfimid cos agus lámh agus géag agus cloigeann inár ndíothú féin mura ndéanfaimid beart éigin dearfach mar gheall ar a bhfuil inréitithe de chruachoir an chine saghas daonna.

Seo í an áit ball díreach ina dtagann scaradh an dá mheoin. Is mó an t-airgead taighde a gheobhaidh tú ó fhondúireacht éigin atá lofa le múlá má fhógraíonn tú go bhfuil tubaist na tubaiste i neas dúinn seachas má chraobhscaoileann tú go bhfuilimid ceart go leor, ócé fiú amháin, ag dul ar aghaidh go réidh, go dtiocfaimid slán ach meabhair agus ciall a chaitheamh leis.

Ní bhfaighidh tú aon chinnlínte ar ‘Cheirt na Cathrach’ ná ar ‘Drochscéalta an Domhnaigh’ má chuireann tú os ard go bhfuil méadú thar cuimse ar fhad bheatha an duine le cúpla céad bliain anuas, gur féidir linn gluaiseacht níos mire ná riamh, go dtig linn labhairt le chéile ó thaobh taobh an domhain laistigh de nanashoicindí, go bhfuil leigheas ar ghalraí anois a chuir as do dhaoine ina milliúin cheana, go bhfuil teacht ar níos mó gigibhearta, meigiheirtsí, eolais, faisnéise, ceoil, ealaíne, gan trácht ar airgead féin (dá mba thábhachtach leat é) ná riamh.

D’fhocal gearra, tá éirithe leis an gcine saghas daonna seo teacht ar réitigh ar fhadhbanna féin nach raibh insamhlaithe tráth. Is é sin, b’fhéidir go bhfuil ár bport seinnte agus ár gcaiscín meilte, ach tharlódh, leis, go bhfuil duine nó daoine ag obair leo i seomra gan gheaitire ar shás éigin a dhéanfaidh ár leas ar bhealach nach eol dúinn anois.

Mar sin féin, ní drochsmaoineamh é an ticéad sin chun na Graonlainne.