Taispeántas faoi Mháirtín Ó Direáin seolta i nGaillimh


Tá taispeántas speisialta “Máirtín Ó Direáin: Fathach File/Reluctant Modernist” ar siúl in Áras Uí Argadáin, ollscoil na Gaillimhe

Síobhra Aiken, taighdeoir PhD in Ionad an Léinn Éireannaigh, atá ag feidhmiú mar choimeádaí an taispeántais.

Bhain sí úsáid as cartlanna ollscoile, Stáit agus príobháideacha le saol agus saothar an fhile mhóir a chur os comhair an phobail as an úr.

Dúirt Aiken: “Ce go n-áirítear fós é mar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’, d’fhéadfaí a rá go raibh neamhaird tugtha ar an Direánach le tamall beag de bhlianta anuas agus níor scríobhadh a bheathaisnéis riamh.

READ MORE

“Tá súil agam go gcuirfidh an taispeántas eolas nua beathaisnéise ar fáil, rud a thabharfaidh tuiscint níos fearr ar a shaothar agus a spreagfaidh breis taighde ar shaol Uí Dhireáin agus a chuid filíochta.”

Tá ábhar cartlainne agus ábhar príobháideach sa taispeántas, chomh maith le foinsí agus bailiúcháin ealaíne san ollscoil agus lasmuigh di, ábhar a thugann léargas “suntasach ar an bhfile íocónach seo”.

Tá cead isteach saor in aisce don taispeántas agus beidh sé ar siúl in Áras Uí Argadáin go dtí mí Iúil. Tá dánta an Direánaigh ar shiollabas na hArdteiste agus creideann lucht an taispeántais go mbeidh an-suim ag daltaí meánscoile ann. Eolas: www.nuigalway.ie/odireain