Taighde le Dealramh

Luadh Dickens, Shakespeare, Joyce agus George Eliot go háirithe, ach is de shuimiúlacht nár luadh Jane Austen in aon chor

Is minic mé ar sceitimíní uafáis maidir leis an taighde a dhéanann forais éagsúla, ollscoileanna san áireamh. Tar éis cúpla milliún euro nó zloty nó dinar a chaitheamh fionnfar le hiontas gur fearr a fhoghlaimíonn duine teanga má chaitheann sé trí huaire an chloig ina bun go laethúil seachas leathuair an chloig in aghaidh na seachtaine; go bhfuil áthas ar dhaltaí scoile go bhfuil scrúduithe an teastais shóisearaigh i leataoibh; go bhfuil daoine ramhra níos troime ná daoine tanaí; go bhfuil níos mó páistí i dteaghlaigh mhóra ná mar a bhíonn sna teaghlaigh bheaga.

Nó an suirbhé eile sin nach raibh bun ná barr leis, gur líonmhaire iad na daoine a fhaigheann bás de dheasca stoirme a bhfuil ainm baineann uirthi, abraimis Aoife nó Bróna nó Caoimhe nó Deirdre, seachas stoirm a bhfuil ainm fireann léi, leithéidí Ádhamh nó Brian nó Cathal nó Dubhaltach. Ní le magadh atáim, bhí a leithéid ann; ach táim róleisciúil le ceist a chur ar an íseal Google ná ar an uasal Alecsa faoi láthair.

Bíodh sin mar atá, déanadh taighde ar shláinte mheabhrach thall thoir le déanaí a bhfuil séala ollscoil Áth an Daimh leis, nó Oxford féin mar is fearr aithne air. B’é toradh an taighde gur sláintiúla don intinn, don spiorad, don mheabhair, don chuimhne, úrscéalta a léamh ná aon mhumbó jumbo síceolaíochta ná leabhair fhéinchabhracha ó sheilf go seilf. Mar dhíon ar an ngalar dubhach, ar phianta éagsúla agus ar an néaltrú go ró-áirithe a bhí i gceist. Dúshlán na teanga ba mhó faoi dear sin, dúshlán ar ‘spreagadh roicéid’ don inchinn a bhí ann, dar leo. Leabhair a chuireann lasair faoin intinn a luadh go sonrach agus inar ghá dul i ngleic le frásaí, le nathanna, le castaíocha foclóra agus comhréire a choinneodh dé na fiosrachta beo san intinn leamh sheanchaite.

Luadh Dickens, Shakespeare, Joyce agus George Eliot go háirithe, ach is de shuimiúlacht nár luadh Jane Austen in aon chor óir is dócha nár fheadair siad cad iad na galair éagsúla a mhúsclódh a cuid úrscéalta san anam íogair: galar na lobhar, an bholgach aicmeach, pairilis an tí mhóir, cancar an chiarsúir, sméar na caillí, an lúitéis mharbh, bolgán na brád, lámhacán na leipreachán, caoile na croibhe, altlúbadh na n-amadán, sponcmharbh an spreangaide, fiaradh na feasa, domblas an draid, caitheamh na cairbe, slabar na smige, plá an phíobáin, garr an ghoile, geanc an ghéarsholais, neamhfhios an imleacáin agus tuilleadh nach fiú iad a lua anseo.

READ MORE

B’é toradh an taighde seo ná gurbh fhearr an léitheoireacht dhúshlánach mar íocshláinte ná rud ar bith a mholfadh soidéalach síceolaíochta duit ar a tholg. Ní mhaím nach bhféadfadh a mhalairt de ransú toradh urlacain eile a chaitheamh suas. Ach chaithfí é a bhréagnú chomh cinnte is nach bhfuil pící i Loch Garman ná Sam Maguire i gCiarraí.

Bhí solas beag éigin eile sa taighde, áfach. Bhí an léitheoireacht inti féin ar fheabhas, ach bhí bua faoi leith eile ag baint leis an léitheoireacht os ard. Is é sin le rá, leis an scéalaíocht! Duine amháin ag léamh agus daoine eile ag éisteacht. Agus fairis sin, daoine ag plé na léitheoireachta sin lena chéile a dtugtar an chriticeoireacht air anois de cheal aon fhocal níos talmhaí a bheith ar fáil.

Dá réir sin, múchtar an teilifíseán, cuirtear an raidió as, neodraítear Netflics, baintear díot na cluasáin, ná bactar le mac an bhacaigh agus téitear i bhfolach sa bhothán ar chúl an tí, nó sa tseomra ar leith, nó sa teach beag féin agus léitear cúpla céad leathanach d’úrscéal.

Tiocfaidh t’intinn amach as i bhfad níos sláintiúla ná mar a ghabh sí isteach ann, cibé faoi bhall ar bith eile ded chorp.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar