‘Tá na scoileanna ag feidhmiú i bhfolús’

Ionad taighde nua le cinntiú go mbeidh foghlaim agus teagasc na Gaeilge bunaithe ar thaighde

Foclóir: Sealbhú - acquisition, feasach - knowledgeable, eolach - learned, eoclaíoch - scientific, taighde - research, daonnachtaí - humanities, eolaíochtaí sóisialta - social sciences, acmhainní - resources, múnla - model.

Bunús feasach agus eolach a chur leis an díospóireacht agus an plé a dhéantar ar chúrsaí oideachais na Gaeilge.

Tá sé sin ar cheann de na mianta a luaigh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, leas-déan, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) agus é ag trácht ar ‘Sealbhú,’ ionad nua taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in OCBÁC.

Tá sé i gceist go dtarraingeoidh an t-ionad nua na dámha éagsúla le chéile chun leas a bhaint as taithí na ndaonnachtaí, na neolaíochtaí sóisialta agus institiúid oideachais na hollscoile.

READ MORE

Agus é ag déanamh cur síos ar spriocanna an ionaid, dúirt Ó Duibhir go bhfuil sé ag súil go mbeidh ról lárnach ag Sealbhú le cinntiú go bhfuil gach gné de réimsí foghlaim agus teagasc na Gaeilge bunaithe ar thaighde.

Anuas ar sin, is minic go mbíonn easpa béime ar thaighde eolaíoch nuair a chumtar polasaithe agus nuair a dhéantar plé ar chúrsaí oideachais Gaeilge. Tá súil ag an Ollamh go gcabhróidh an lárionad nua le dul i ngleic leis seo.

“Bíonn an-chuid tuairimíochta á chur chun cinn sna meáin maidir le múineadh agus foghlaim na Gaeilge,” ar sé, agus é ag caint le Tuarascáil.

“Bíonn cuid mhór de bunaithe ar thaithí na ndaoine nuair a bhí siad féin ar scoil, bíodh sé deich mbliana ó shin, scór bliain ó shin nó dhá scór bliain ó shin!”

Nuair a bhíonn an Ghaeilge le plé, b’fhearr leis go mbeadh an díospóireacht: “chomh feasach agus chomh heolach agus is féidir agus é a bheith bunaithe ar an méid atá ar eolas againn faoi mhúineadh teanga, buntáiste an dátheangachais agus rudaí den chineál sin.”

Taighde

Tá sé i gceist go ndéanfar taighde ar theagasc na Gaeilge sa lár-ionad nua agus tá súil ag Ó Duibhir “an cleachtas is fearr maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge a chur chun cinn”. Tá sé beartaithe go ndéanfar tarraingt freisin ar thaithí idirnáisiúnta “ó thaobh múineadh agus foghlaim teangacha mionlaigh, ach go háirithe áit a bhfuil mór-theanga i dteangmháil leo, faoi mar atá an Ghaeilge agus an Béarla in Éirinn.”

Cás eiseamláireach d’fhiúntas an taighde seo is ea líon na scoileanna nua lán-Ghaeilge a osclaíodh le tamall anuas.

“Tá thart ar ocht faoin gcéad de pháistí bunscoile ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge. Breathnaíonn sé sin dearfach, agus tá sé dearfach le hais na seachtóidí, ach níor bunaíodh ach deich mbunscoil lán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann le deich mbliana anuas.”

“Is ráta fíor, fíor íseal é sin. Sin é an buntáiste atá leis an taighde go bhfuil daoine ag breathnú ar na rudaí seo go cúramach agus go géar agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin sách maith mar ráta fáis.

“Léiríonn figiúirí an ESRI sa taighde atá déanta acu siúd go bhfuil éileamh ó 23 faoin gcéad de thuismitheoirí agus ón bpobal i gcoiteann ar scoil lán-Ghaeilge dá mba rud é go raibh ceann ar fáil dóibh.

“Sin trí oiread an lín atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge agus thóg sé dhá scór bliain orainn an staid sin a bhaint amach. Cén fhad eile a thógadh sé orainn dul go dtí an 23 faoin gcéad sin?”

Ach, ar an lámh eile, dá mbainfí an sprioc sin amach, agus dá bhféadfadh na daltaí sin dul ar aghaidh go dtí Gaelcholáistí, “rud atá i bhfad níos dúshlánaí fós,” dár leis, bheadh “cohórt” de dhaoine óga ag fágáil na scoile le scileanna cumarsáide sa Ghaeilge,

Rud é sin a chabhródh “le hiriseoirí, le dochtúirí, agus le gach saghas gairme agus lucht oibre eile a chur ar fáil a mbeadh Gaeilge acu.”

Múnla

Rinneadh plé le gairid ar an múnla a úsáidtear chun polasaithe oifigiúla a shocrú. An dóigh leis go dtugtar dóthain airde ar thaighde eolaíoch nuair a chumtar na polasaithe seo agus an mbeadh ról ag Sealbhú ann amach anseo?

“Is dócha nach dtugtar an méid airde ar an taighde agus gur mhaith liomsa,” a deir sé.

“Tá sé feicthe agam i gcaitheamh na mblianta i réimse an oideachais: bíonn an ghné pholaitiúil ann chomh maith leis an ghné oideachasúil.

“Bhí baint agam le leasú curaclaim i gcaitheamh na mblianta. Is páirtnéaracht atá ann - sin é an múnla atá againn in Éirinn agus mar sin bíonn tuairimí ó gach saghas páirtnéir sa phróiseas. Agus uaireanta, déantar dearmad ar an ngné oideachasúil agus an bunús taighde. Is dócha trí lárionad mar seo, seachas glór aonair, gur treise a bheidh an cás atá le cur chun cinn.”

“Ba mhaith linn a bheith mar phointe teagmhála do lucht déanta polasaí le gur féidir an obair sin a bheith ar bhunús oideachasúil, agus go mbeadh daoine níos eolaí faoina bhfuil ar siúl acu agus, dar ndóigh, tiocfaidh ceisteanna chun cinn nach mbeidh freagraí againn orthu ach b’fhéidir go bhféadfaimis taighde a chur sa tsiúl a chabhróidh le freagraí a chur ar na ceisteanna sin.”

Dúshláin is mó

Cad iad na dúshláin is mó a fheiceann sé ó thaobh na Gaeilge de?

“Tá go leor dúshlán ann,” ar sé.

Go dtí go bhfeiceann daltaí scoile go bhfuil deiseanna úsáide acu agus go bhfuil teagmháil éigin acu leis an teanga lasmuigh den scoil, ní bheidh siad spreagtha í a fhoghlaim - “seachas í a fhoghlaim mar ábhar scrúdaithe”.

Tá an easpa feiceálachta seo lasmuigh de shuíomh na scoile ar cheann de na dúshláin is mó, dár leis: “Tá na scoileanna ag feidhmiú i bhfolús agus níl an tsochaí ag cuidiú leis an obair a dhéantar sa scoil,” ar sé.

Ní cheistíonn aon duine foghlaim ábhar eile ar nós matamaitice nó cúrsaí eacnamaíochta mar go bhfuil sé soiléir go bhfuil úsáid agus fiúntas ag baint leo.

“Ní fheictear don ghnáth dhuine go bhfuil an Ghaeilge ag teastáil ach gur rud deas í agus go bhfuil sí mar chuid dár n-oidhreacht.”

Ní ar na scoileanna amháin atá an fhreagracht.

“An chéad chéim ná cumas a thabhairt do dhaoine sa teanga agus ina dhiaidh sin tá dearcadh dearfach i leith na húsáide agus is leis sin atá an plean straitéiseach bunaithe: cumas, deiseanna agus dearcadh dearfacha i leith na húsáide a chothú.”

“Mar a bhí mé ag rá leis na cianta sílim go bhfuil an iomad béime ar an gcumas agus nach bhfuil dóthain béime ar na rudaí eile. Teastaíonn cumainn nó pobail nó bunú pobail Gaeilge timpeall ar na scoileanna chun na toscaí sin a spreagadh.”

Go dtí go dtarlaíonn sé sin, ní fheicfidh daltaí scoile an tábhacht nó an fheidhmíocht a bhaineann léi.

* Is féidir tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar SEALBHÚ ar dcu.ie/sealbhu

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.