Seachtain na Gaeilge 2020: go leor beartaithe

Seoladh an fhéile i gcathair na Gaillimhe mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Seoladh Seachtain na Gaeilge na bliana seo i gcathair na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.

Bhíomar fiosrach faoina bhfuil beartaithe i mbliana. Labhair Tuarascáil le hOrlaith Nic Ghearailt atá ina bainisteoir ar an bhféile.

“Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ar an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan,” ar sí.

“Is iad na grúpaí pobail atá mar chroílár na féile agus eagraíonn siad imeachtaí fud fad an domhan le linn 17 lá na féile.”

READ MORE

Dúirt sí go bhfuil sé mar sprioc ag an bhféile an Ghaeilge a chur chun cinn agus deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid a chur ar fáil do chách.

“Bímid ag iarraidh freastal ar dhaoine atá ar bheagán Gaeilge, orthu siúd a bhfuil spéis acu sa teanga agus, ar ndóigh ar chainteoirí laethúla na teanga.”

Beidh deiseanna ann duit “cuma cén caighdeán Gaeilge atá agat nó cé chomh minic is a bhaineann tú úsáid aisti de ghnáth”.

"Beidh imeachtaí á reáchtáil - ó chéilí i Massachusetts go ciorcal comhrá i Stuttgart, ó Lá Gaelach i Somerset go dráma sa Bhruiséil. Is féidir tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad a bheas á reáchtáil le linn na féile a fháil ar peig.ie."

Tá na himeachtaí pobail i gcróilár na féile agus is féidir le haon duine imeacht a eagrú.

"Iarrtar ar dhaoine a n-imeachtaí a chlárú ar peig.ie le bheith sa chlár oifigiúil," adúirt Nic Ghearailt.

"Mura bhfuil imeacht eagraithe i do cheantar féin tá neart smaointe ar fáil ar snag.ie le cuidiú leat d'imeacht féin a eagrú. Níl aon imeacht ró-bheag nó ró-mhór agus má tá aon tacaíocht uait is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag snag@cnag.ie.

Lá na bPobal nua

Ar cheann de na himeachtaí is inspéise i mbliana beidh ‘Lá na bPobal nua’.

Séard atá i gceist leis an imeacht seo ná deis a thabhairt do na pobail nua blas a fháil ar an nGaeilge.

“Is ceiliúradh é ar na pobail nua in Éirinn,” a dúirt Nic Ghearailt.

“Táimid ag iarraidh go dtuigfeadh éinne a thagann go hÉirinn gur linne ar fad an Ghaeilge agus chuige seo tá painéal cainte á eagrú againn mar chuid den lá seo i nDroichead Átha, Co Lú.”

Tá imeacht eile, ‘An Chaint’, socruithe dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil i dtaithí ar í a labhairt.

Is éard atá i gceist leis An Chaint, a deir Nic Ghearailt ná daoine le Gaeilge “a spreagadh leis ‘An Chaint’ a bheith acu le daoine eile go bhfuil Gaeilge acu ach go labhraíonn siad Béarla lena chéile de ghnáth.”

“Seans gur chuireadar aithne ar a chéile trí Bhéarla, nach bhfuil siad i dtaithí ar Ghaeilge a úsáid go sóisialta le chéile nó d’fhéadfadh go bhfuil neart cúiseanna eile ann.”

Tá físeáin le feiceáil ar-líne a dhéanann míniú ar a bhfuil i gceist go díreach leis ‘An Chaint’. Is féidir teacht orthu ar na meáin shóisialta ach an haischlib #AnChaint a leanúint.

Maoiniú

Leis an gcúlú eacnamaíochta agus an titim a tháinig ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ó 2008 i leith tharla titim shuntasach freisin ar mhaoiniú na n-ealaíona Gaeilge.

“Is mór againn an bhunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge le Seachtain na Gaeilge a eagrú. Ach ó 2015 i leith tá laghdú 21 faoin gcéad tagtha ar an mbunmhaoiniú sin agus de thoradh sin, tá teorainn leis an tacaíocht gur féidir linn a chur ar fáil do ghrúpaí a bhíonn rannpháirteach san fhéile agus leis an scóip d’imeachtaí agus tionscadail gur féidir linn a fhorbairt don fhéile.”

Cé go mbíonn siad ag brath go mór ar thacaíocht mhaoinithe ón Stát bíonn gá le hurraíocht sheachtrach a mhealladh.

“Ceann de na dúshláin is mó atá ann ná an maoiniú atá againn agus sinn ag iarraidh freastal ar an méid daoine gur féidir linn. Dár ndóigh cuidíonn an urraíocht a fhaighimid go mór le sin agus is iontach an rud é go bhfuil síneadh trí bliana curtha lenár gcomhpháirtíocht le Energia,” arsa Nic Ghearailt.

I gcomparáid le féilte náisiúnta eile ar nós St Patrick’s Festival is beag an méid a fhaigheann siad ón Stát chun an fhéile a reáchtáil, ar sí.

Ar chuid den an obair eile a dhéantar, cuirtear lámhleabhair agus póstaeir ar fáil do gach scoil sa tír agus cuirtear ábhair bolscaireachta agus tacaíochta ar fáil do na céadta grúpa agus iad i mbun imeachtaí.

Dá mbeadh tuilleadh maoinithe ar fáil chuideodh sé go mór leis an bhféile agus leis an líon imeachtaí a eagraítear ar bhonn náisiúnta a mhéadú go suntasach, ar sí.

“Dúshlán eile a bhíonn ann ná imeachtaí móra éachtacha a rachadh i bhfeidhm ar sciar mhór don phobal a reáchtáil. Ba bhreá linn cur leis an imeacht BEO a bhí againn le linn Bhliain na Gaeilge, imeacht a tharraing Gaeil ó fud fad na tíre le chéile i mBaile Átha Cliath.

“Dá n-éireodh linn tuilleadh maoinithe a fháil d’fhéadfaimis paráid ar nós Bród a reáchtáil in éineacht le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Cúlú eacnamaíochta

De réir an méid a gealladh sa cháinaisnéis is déanaí, ní chaithfear mórán níos mó ar an teanga nó ar an nGaeltacht i mbliana.

Níor tháinig ach ardú 4 faoin gcéad nó méadú €2.17m ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta sa gcáinaisnéis is déanaí (ó €55.52 milliún i 2019 go dtí €57.69 milliún i mbliana).

B’éigean gearradh siar ar chaiteachas stáit leis an Troika agus a gcairde a shásamh i 2010, deirtear, agus is cinnte gur fhulaing go leor sa tír de bharr an chúlaithe agus na ciorraithe géara a tharla dá bharr.

Mar sin féin, fiú más fíor é gur tháinig borradh mór faoin ngeilleagar ó shin i leith, maítear go bhfuil éagothroime shuntasach fós le sonrú maidir le maoiniú na n-ealaíona Gaeilge.

I dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht de chuid Tithe an Oireachtais anuraidh dúradh gur mhór an díomá é nach bhfuil an Ghaeilge ach “in áit na leathphingine fad agus a bhaineann leis na healaíona.”

Ó thaobh na gceanneagraíochtaí de, cuireadh €4.6m ar fáil dóibh ina niomláine i 2019 mar thacaíocht do fhorbairt na teanga ag leibhéal an phobail ar fud na tíre. Fuaireadar €4.7m i 2016.

Léiríonn sé sin an dúshlán atá curtha faoi na heagrais imeachtaí agus féilte cuimsitheacha ar nós Sheachtain na Gaeilge a reáchtáil. Is iontach an méid a éiríonn leo a dhéanamh leis an méid a fhaigheann siad.

Beidh Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil ón 1 - 17 Márta

FOCLÓIR: Beartaithe - planned, bainisteoir - manager, domhain - world, imeachtaí - events, sprioc - goal/aim, caighdeán - standard, ceantar - area, ceiliúradh - celebration, físeán - video.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.