Rud maith amháin

De dheasca - nó de bharr- na dianghlasála eile seo déanfar cúpla seachtain, seachas cúpla mí den Nollaig arís

Is deacair smaoineamh ar oiread is aon rud amháin dearfach a rá mar gheall ar an gcoróinvíreas mallaithe seo, agus is beag duine atá á iarraidh. Ba dhóbair dom poll a dhéanamh im chloigeann á thochas, ach ar deireadh thuirling sé de phlimp!

Is ea, seo é é: tá an Nollaig ag filleadh ar Éirinn. Nó ba chirte a rá, tá an Nollaig ag filleadh ar an Nollaig. Beidh Nollaig sa Nollaig arís murab ionann is í a bheith sa tSamhain, nó i mí Dheireadh Fómhair, nó i Meán an Fhómhair, nó go deimhin uair ar bith tar éis chontráth liath an tsamhraidh.

Bhí blianta ann nuair a bhí na crainn Nollag bréige á réiteach i mí Lúnasa, bhí Santa ag cur snasa ar a bhuataisí móra dubha, an sneachta cadáis á bhaint as na boscaí agus na siopaí bréagán á luchtú le pé giúirléidí a shocraigh déithe na tomhaltóireachta a bheadh san fhaisean le linn an tséasúir fhada de dhíol is de cheannach.

De dheasca - nó de bharr- na dianghlasála eile seo déanfar cúpla seachtain, seachas cúpla mí den Nollaig arís. Drochscéal don bhroid ghnó, b’fhéidir, ach ardú croí agus meanman dá lán eile nach bhfuil ag iarraidh réinfhianna a fheiscint sna fuinneoga agus teas fann éigin fós sa ghrian, ná lucharacháin Darby O’Gill ag stuáil málaí le stuif, ná fear mór ramhar dearg féasógach ag hó hó hó-áil ar feadh seachtainí fada léanmhara gan chrích.

READ MORE

Tá bailte áirithe i dtíortha de chuid na hEorpa a chuireann dianchosc ar aon fhógraíocht ná aon chomharthaí Nollag go dtí an mhí ina bhfuil an fhéile. Beag an baol go gcuirfí aon dlí mar sin i bhfeidhm anseo toisc go bhfuil an brabús róramhar sna scipéid, ach dá n-ainneoin, tá an víreas gránna seo a bhfuil cloigeann air ionsamhlaithe le leadán chnó capaill tar éis iachall a chur orainn carbad fiain na Nollag a shrianú. Agus nach maith sin!

Is mé atá ag déanamh talamh slán de nach mbeidh an sciobadh céanna timpeall ar an iomportáil Mheiriceánach eile sin, an Aoine Dhubh, ina sairsingítear ort dul amach agus do phócaí a fholmhú ar son gréibhlí agus daighsíní nach bhfuil a dhíth.

Is é a amhlachas céanna ag féilte eile é. Bhí tráth ann nuair a bhain oíche Shamhna le…bhuel, oíche Shamhna. Le cúpla bliain anuas tá na cnámharlaigh ag teacht amach as na cófraí níos luaithe agus níos luaithe, na púcaí páipéir ar foluain gan teorainn agus na puimcíní oráiste ag dul i dtoirt de réir is mar atá na húlla ag dul i laghad. I dtaobh is gur leor go mbeadh an t-aos sí ag teacht chun tú a chrá san aon oíche amháin sin, nárbh b’fhearr nach mbeadh réim trí seachtaine nó tuilleadh acu?

Tá na galair shínte seo tógálach. An poipín fola féin, an suaitheantas sin a chaitheann daoine áirithe thall (agus abhus) d’fhonn comóradh a dhéanamh ar shléacht agus ar choncas agus ar bharbaracht, tá tugtha faoi deara agam go bhfuil sé ar na lipéid cheana, agus gur ródhócha go rachaidh ar aghaidh níos sia dá réir.

Déarfá go ndéanfar an féilire a áireamh feasta de réir féilte an airgid mhóir. Saor-reic na hathbhliana, ullmhú don tsaoire thar lear, Imbolc, bolg ar bith, lá fhéile Vailintín, lá fhéile Pádraig, lá na máithreacha, (lá na n-aithreacha), lá na seantuismitheoirí, lá fhéile Gavil Princips, ceannach an tsamhraidh, anois teacht an fhómhair is an lá ag dul i ngiorracht, oíche Shamhna, Aoine Dhubh, Nollaig, Nollaig, Nollaig, Ragairne na hAthbhliana, Nollaig na mBan, Imbolc, gach bolg…

Ar éigean go mbeidh gnáthlá ar bith fanta feasta. Nó a bhuíochas sin leis an gcoróinvíreas tá seans ann go mbeidh gnáthlaethanta againn ar ais arís.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar