RnaG – compánach buan na cistine


Am ar bith a bhfeicim píosa cáinteach tuairimíochta faoin Ghaeilge, bíonn fonn orm ceist a chur ar an údar: “An éisteann tú le Raidió na Gaeltachta?”

Ar ndóigh, bíonn freagra na ceiste ar eolas agam – seans mór nach n-éisteann. Ach sílim gur chóir go mbeadh riail ann nach mbeadh cead ag duine ar bith tuairim ar bith a thabhairt ar an teanga mura gcaitheann siad cúpla uair an chloig gach aon seachtain (ar a laghad) ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta.

Mura bhfuil tú ag éisteacht leis an stáisiún, is beag eolas a bheas agat ar an cheantar nó aithne ar an phobal.

Chuige sin an imní faoi na tuairiscí ar, bhuel, ar tuairisc.ie go bhfuil ciorrú i ndán don tseirbhís, go bhfuil baill den fhoireann le himeacht go luath agus gan cead nua daoine a earcú ina n-áit agus go bhfuil easpa airgid ag cur crua ar an tseirbhís.

READ MORE

“Sceideal sealadach” atá le bheith ann go ceann dhá mhí, deirtear, sula gcuirtear seirbhís an tsamhraidh i gcrích agus “sceideal suntasach” ar theacht an fhómhair.

Ní dea-thuar don tseirbhís é ná don bhainistíocht ná don fhoireann ná do na héisteoirí go bhfuil an focal “ciorrú” á lua leis an stáisiún ar chor ar bith. Is é RnaG ceann de na héachtaí cultúrtha is mó a baineadh amach sa ré seo. Tugann an tseirbhís glór (sea, scríobh mé sin) don Ghaeltacht ar bhealach nár thug eagras ná grúpa ná gluaiseacht ar bith eile riamh roimhe.

Bímis macánta, is beag cainteoir dúchais a chastar ‘san earnáil’ ort. Ach cá bhfuil an duine nach gcuireann aithne ar gach aon choirneál den Ghaeltacht ach éisteacht le RnaG go rialta? Cá bhfuil an duine nach gcuirtear iontas agus fearg agus díomá agus áthas air agus é i dtiúin le pobal na Gaeltachta?

“Cur i gcéill atá i nGaeilge na Gaeltachta,” a deirtear go minic, “ní chluinim in am ar bith í.” (Ní gan bunús an gearán, gan amhras.) Ach bíonn cainteoirí dúchais ag caint liomsa sa chistin agus sa charr gach lá. Tagann scéalta aniar, aneas agus aduaidh gach aon lá, scéalta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúla.

Cluineann tú faoi dhaoine i bhfad i gcéin agus faoi dhaoine i ndeas don bhaile. Cluineann tú faoin tubaiste ar an taobh thall den domhan agus faoin tragóid sa bhaile fearainn is deise duit.

Is é an t-iontas é go dtarlaíonn sé ar chor ar bith. Is é an t-iontas é go n-éiríonn le heagarthóirí cumasacha clár a chur le chéile lá i ndiaidh lae i ndiaidh lae i ndiaidh lae... agus cainteoirí ciallmhara a chur roimh an lucht éisteachta.

Is é an t-iontas é go bhfuil láitheoirí misniúla in ann éirí as a gcuid leapacha ar maidin agus aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón arís agus arís agus arís eile le labhairt leis an phobal. Ní obair mhaslach go hobair sna meáin ghortacha Ghaeilge.

Sea, sea, sea – ní bhíonn seirbhís – oiread chéanna le saoi – gan locht. Thiocfadh leat x a mholadh agus y a athrú agus z a dhéanamh le go mbeadh an tseirbhís ní b’fhearr.

Thiocfadh leat sin a rá faoi gach aon réimse de chraoltóireacht agus d’iriseoireacht na Gaeilge. Ní bhíonn an acmhainn riamh mar is ceart; ní bhíonn na scríbhneoirí nó na cainteoirí ann.

Tá go maith.

Ach teastaíonn tuilleadh tacaíochta ó RnaG, tacaíocht fhiúntach gan stad ná staonadh. Tá an méid sin tuillte acu – agus níor chóir go mbeadh an méid beag féin thar cumas na n-údarás cuí.

Raidióóóó na Gaeltachta; ar fud na tííííííírrree!

Fada, gairid, garbh, mín

Bhí an straitéis 20 bliain don Ghaeilge faoi chaibidil ar

7 Lá

TG4 an tseachtain seo caite. Bhí Eibhlín Ní Chonghaile, iriseoir, ina cathaoirleach don oíche agus beirt pholaiteoirí – Éamon Ó Cuív (FF) agus Joe McHugh (FG) – i measc na gcainteoirí.

Bhí an tAire Stáit McHugh ar a dhícheall ag cosaint an Rialtais agus an obair mhór a bhí déanta ar son na teanga agus na straitéise.

Níorbh amhlaidh an scéal ag Ó Cuív é; bhí deiseanna ligthe le sruth agus faillí déanta san obair, a chreid sé.

Chuir sé an dán, Na Daill, le Biddy Jenkinson i gcuimhne dom:

Beirt dhall

de mheabhair na méar

ag foghlaim grá.

‘Fada!’ ar seisean.

‘Gairid!’ ar sise.

Nach ait le rá?

‘Garbh!’ ar sise

‘Mín!’ ar seisean

Nach mór an crá

Bíodh sin mar atá, ní raibh duine ar bith dall faoin am ar labhair Seosamh Mac Donncha ó ollscoil na hÉireann.

D’ullmhaigh seisean tuairisc do TG4 ar an straitéis agus ba léir nach raibh sí á cur i gcrích go héifeachtach ar chor ar bith.

Ní raibh cantal ar bith i gceist lena chritic ach focail mhúinte: tá a leithéid seo scríofa sa straitéis ach níl sé déanta, agus dá réir sin.

An fada eile a leanfaidh na daill, de mheabhair na méar, ag foghlaim Gaeilge?