Polaitíocht agus pingneacha

Is minic cúrsaí polaitíochta agus airgid in achrann lena chéile


Tá scéal ann gur dhein áisínteacht de chuid na Náisiún Aontaithe rangú ar na stáit ba chaime ar domhan le déanaí. Tháinig an Nigéir amach ar bharra an liosta. Ach ansin, dhein siad an bhreabaireacht chuí d’fhonn iad a bhaint den chraobh.

Ráineodh nach bhfuil ann ach scéal thairis, ach ansin arís tá craiceann na fírinne air – agus feoil na dóchúlachta, agus corp na cosúlachta.

Níl ann ach cúpla lá ann ó tugadh bata beag agus bóthar mór an airgid do Jacob Zuma na hAfraice Theas toisc líomhaintí iomaí a bheith ina leith go raibh sé chomh cam leis an staighre bíseach.

Beidh le feiceáil.

READ MORE

Nó ní bheidh.

Duine den liosta le háireamh é Zuma ar cuireadh i leataoibh na slí iad de dheasca líomhaintí chúblála airgid nó caimiléireachta dá shórt i ndéanaí aimsire. Cá dtosnóimid leo?

Taca an ama seo anuraidh b’éigean d’uachtarán na Cóiré Theas, Bean Uí Pháirc Guen-Hye imeacht as oifig tar éis scéalta a bhain le searmanais seamanúla agus mórán um an ngnáthstuif eile a bhain le Samsung agus le hairgead agus le pé rud atá acu thoir mar mhalairt ar chlúdaigh litreach donna.

Is mó is fuaire iad na cluichí Oilimpeacha geimhridh in PyeongChang agus sinn ag féachaint orthu seachas mar ba ghá dá mbeidís ar siúl sa Bhrasaíl.

B’ait leat go luafaí an Bhrasaíl maidir leis na cluichí Oilimpeacha geimhridh, ach ina dhiaidh sin tá foirne ag Meicsiceó, Malta, Madagascar, Iosrael agus againn féin ann, gan trácht ar an Malaeisia, na Filipíní agus Timor-Leste, bíodh nach dócha go mbainfidh cuid acu bonn adhmaid ar bith.

Ina choinne sin thall, tá an Bhrasaíl ar cheann de na tíortha sin a chaill uachtarán de dheasca caimiléireachta polaitiúla le cúpla bliain anuas nuair a cuireadh an dlí ar Dilma Rousseff ar chúiseanna a bhain le, bhuel, líon isteach na bearnaí duit féin.

Déanadh í a tháinseamh agus a chur as oifig in ainneoin cumhachtaí láidre dlí agus cinsil a bheith laistiar di.

Is í an Bhulgáir an tír is mó caimiléireacht san Aontas Eorpach de réir na dtomhas idirnáisiúnta, bíodh nár caitheadh aon duine isteach sa charcair ansin go fóill.

Is dócha go bhfuil sé de bhuntáiste ag tíortha an iarthair go bhfuil córas dlí acu atá chomh láidir ag cosaint an oilc is atá sé ag cur na córa chun cinn.

Bíodh a theist sin ar na binsí fiosrúcháin againn féin. Ní sinne an stát is lofa sna gnóthaí seo, ach san áit a bhfuil cumhacht tá airgead, agus san áit a bhfuil airgead tá drochbholadh. Ní gá do pholaiteoir abhus a bheith cam chun go leanfadh na potaí stóir é.

Is d’inneach an phoist é daoine ag triall chun an dorais chugat lena gcuid maitheasaí, cuid acu go hoscailte ar an trucail amuigh sa tsráid, cuid eile a thabharfar isteach go dleathach don chúlghairdín.

Ceirt aonuamach í an pholaitíocht agus an gnó, glac agus ordóg. Bíonn an gnó ag marcaíocht ar an bpolaitíocht fad is atá an pholaitíocht ag ithe na míolta a thálann an lucht gnó dóibh. Ba mhiotalach neamhspleách é an polaiteoir a thiocfadh slán sleamhain as mealladh na haicme a bhfuil an t-ór ag spréacharnach ina gcuid súile.

Mar sin féin is ann dóibh. Ní lag de smaoineamh é do ghuth a chaitheamh ar son duine nach bhfuil ribíní lucht gnó timpeall a mhuiníl.

Fachtar an méid sin amach duit féin ar a gcomharthaí sóirt.