Púcaí, deamhain, bás, creideamh

Níl sa chinsireacht ach deis le daoine nach réitíonn leat a chur ina dtost


Nuair a bhuaigh an scríbhneoir Sasanach, Geraldine McCaughrean, an bonn Carnegie le haghaidh litríocht do pháistí le déanaí, thapaigh sí an deis chun bleaist a ligean le foilsitheoirí a bhí coimeádach, faichilleach agus fíoreaglach.

Is é adúirt sí go raibh cinsireacht á déanamh acu ar fhocail a bhí neamhchoitianta, ar ábhar nach dtaitneodh le tuismitheoirí, ar scéalta a chuirfeadh sceimhle ar leanaí óga.

“No witches, no demons, no alcohol, no death, no religion,” agus go cinnte bac ar fhocail a raibh níos mó ná dhá shiolla go leith iontu.

Dealraíonn go bhfuil an ceart aici, mar nocht go leor scríbhneoirí eile as a gcuid seomraí dúnta a réitigh go láidir léi.

READ MORE

Is léir go bhfuil an péas piúratánach, an chosaint choimeádach, an garda cúngintinneach ansin amuigh go neamhbhinn ag iarraidh saoirse cainte, agus níos tábhachtaí ná sin saoirse samhlaíochta a thachtadh sa chliabhán.

Index Librorum Prohibitorum

Bhí tráth ann nuair a bhí an Index Librorum Prohibitorum ag an Eaglais Chaitliceach ar déanadh muga maga faoi, mar a dhéantar fós.

Dhéanadh scríbhneoirí an Ghúim cinsireacht go minic orthu féin, bíodh nach raibh aon chinsireacht ‘mhorálta’ ar siúl acu in ainneoin réim na linne.

Sa lá atá inniu ann, ní cúrsaí gnéis ná graostacht ná foréigean féin a bhfuil bac orthu, ach na gnéithe sin den duine a spreag an tsamhlaíocht riamh ó d’éiríomar aniar ar ár gcosa deiridh agus ó tháinig an chéad ghlogar amach as scornach an ápa.

Is fíor go raibh an claonadh seo beo fadó riamh. Déanadh glantachán measúil ar go leor de na scéalta a bhailigh na deartháireacha Grimm sa Ghearmáin mar bhí an fhírinne rólom go hiomlán iontu.

Mar shampla, nuair a d’alp an mac tíre seanmháthair Róisín Húda Dearg na coille níor tháinig aon ghearrthóir crann an treo chun í a bhaint amach as a bholg; agus nuair a dódh Hansel and Gretel san oighean inar shac an chailleach ghránna iad, b’in sin.

Níl sna haguisíní ach siúcra.

Más fíor don Chogaránach thuas agus do na scríbhneoirí eile is dulta níos sia fós atá na foilsitheoirí agus na cinsirí buirgéiseacha measúla.

Níl cead ag scríbhneoir a thuilleadh tarraingt as tobar fairsing sin na samhlaíochta ina bhfuil eagla agus iontas agus bréaga agus caimiléireacht agus laochra agus droch-chaint agus draíocht agus saol eile nach é an saol seo é.

Ní hea amháin gur dúnmharú na samhlaíochta é, is dúnmharú an réalachais é chomh maith céanna.

Sin deireadh ar fad a bheag nó a mhór le Fionn mac Cumhaill an seanduine salach agus le Deirdre an bhitseach cham agus le miotais na Gréige agus le scéalaíocht na Róimhe, gan trácht ar an sean-Tiomna ar foinse iontach é don chuid is measa de thréithe an duine.

N’fheadar conas ab fhéidir stair an domhain, ná stair na hÉireann, ná stair Luimnigh féin a insint gan trácht ar dhúnmharú agus ar sceana agus ar chreideamh agus ar dhaoine gránna a bheith ina lúb istigh.

Is é a bhun is a bharr ná go gcaithfidh daoine rud éigin a bheith acu nach foláir dóibh cosc a chur leis. Tá toise láidir phiúratánach chaolaigeanta ginte sa duine. Níl ann ach go gcuireann sé cruthanna éagsúla air féin ó uain go ham.

Tá amhrán iontach (i measc na gcéadta eile) ag Bob Dylan a bhfuil “You gotta serve somebody” air. B’fhéidir gur chirte ‘You gotta ban somebody’ a thabhairt air. Mar níl i saol na díospóireachta timpeall ar shaoirse cainte ach cur i gcéill. Ní chreideann aon duine ann.

Níl ann ach ‘Tabhair dom leithscéal le gur féidir liom na daoine nach réitím leo a chur ina dtost.’

Sin uile.