Páláis agus poimp

Ní bhíonn fonn ar an deachtóir a chuid cumhachta a ghéilleadh


Ó am go chéile nuair a bhíonn daoine cráite faoi shaol na polaitíochta (agus b’fhéidir nach ó am go chéile é sin) cloiseann tú an monabhar. Ó chúinní an bhéil i dtosach, agus ansin gabhann i ndánaíocht: ‘Is é atá uainn anois ná deachtóir chun an tír a chur ina ceart!’ Nuair nach nglactar go lánfhonnmhar leis an mbaoite, tharlódh go maolófaí é mar ‘bhuel, deachtóir bog…ar feadh tamaill.’

Is í an fhadhb leis sin nach nós le deachtóirí a bheith bog, ná a bheith sásta fanacht i réim ‘ar feadh tamaill.’ Ach an oiread leis an mbaincéir nach mbíonn riamh sásta le ‘go leor airgid’, ná an tImpire le ‘go leor tíortha’ níl cumhacht ná smacht dá mhéid a shásódh an deachtóir ach é ag slogadh leis de réir leithne a chraois.

Bhí sampla eile againn de sin le déanaí nuair a cuireadh d’iachall ar Robert Mugabe éirí as ina fhearann príobháideach féin a mbíodh an tSiombáib air. Ach an oiread le go leor deachtóirí eile thosnaigh sé le buaileam sciath agus le séideadh trumpaí go hard. Ba ghaiscíoch é sa chogadh in aghaidh na Sasanach ar dtúis, agus ina dhiaidh sin i gcoinne an chinsil ghil a ghabh ceannas faoi Iain Smith. Ní raibh sé sásta géilleadh go furasta nuair a bhí na cainteanna réitigh á ndéanamh don tsaoirse, agus ba mhór é a amhras riamh faoi chleasaíocht ghallúnshleamhain Rialtas na Breataine san idirghabháil sin.

Sa diallait dó, mhéadaigh sé ráta litearthachta na tíre go os cionn 90%, agus é seo go gasta; agus dháil sé feirmeacha ar na bochta ar baineadh dá sinseanaithreacha iad le bullaíocht is le bíoblaí. Ba léir, áfach, go raibh intinn seo na cothromachta agus na córa ag athrú de réir a chéile. Is fíor go bhfuil scata rialtóirí ann a mbronntar céimeanna ollscoile orthu in ábhair nach léir aon saineolas a bheith acu iontu, ach n’fheadar an bhfuil deachtóir ar bith eile ann a bhuaigh crannchur a thíre féin mar a dhein seisean!?

READ MORE

Ar a laghad níor tugadh bata agus gunna dó mar a tugadh do dheachtóir eile a raibh sé an-mhór leis. Casadh é féin agus Nicolae Ceausescu na Rúmáine ar a chéile cúpla uair, agus ráineodh gur fhoghlaim sé rud éigin ón gcinniúint a rug air siúd.

Tharla mé féin sa Rúmáin le déanaí agus fág amaidí thurasóireacht Dracula i leataoibh, b’é an pálás a thóg Ceausescu, an Palatul Parlamentului, an feic b’iontaí agus ba shúil-leathnaí ar fad go léir uile uileag. Dá mbeadh sanas ag Louis XIV air bheadh sé ag snaidhmearnaigh soir siar ina uaighín cré le héad. Bothán, i bhfoirm, is ea Versailles suas is anuas ar ghualainn leis. Maítear gurb é an foirgneamh is troime ar domhan é, bíodh nár éirigh le haon duine é a ardach fós. Maítear, leis, gur féidir é a fheiscint ó dhrompla na gealaí, fág nach dóigh liom go raibh Neil Armstrong ná Buzz Aldrin, ná go deimhin féin Harrison Jack Schmitt ag faire amach dó.

Ídíodh a raibh de mharmar sa Rúmáin sa tógáil, agus bhí breis agus 700 ailtire páirteach ina cheapadh. Cé go bhfuil pairlimint na Rúmáine agus oifigí eile rialtais lonnaithe anois ann, ní úsáidtear breis agus a leath fós de bharr a ollmhéid.

Is é oighear an scéil é, áfach, nach bhfaca Nicolae an t-earra críochnaithe riamh in ainneoin gur ina shamhlaíocht siúd a gineadh an sclábhaíocht a rinne. Tá tolláin agus pasáistí rúnda órnite thíos ina bholg ar son éalaithe sa chás is go dtiocfadh fearg an phobail chun an dorais. Tháinig, ach ródhéanach dó.

Bhí de chiall ag Mugabe imeacht sular déanadh Ceausescu de.