Oíche Nollag – romhainn agus tharainn

Is iomaí sórt turas a bhíonn le déanamh Oíche Nollag, romhainn agus tharainn


Tá an domhan ina ghluaiseacht inniu. Ar rothar, bus, traein, eitleán, bád, carr, agus de shiúl (agus rithim) na gcos. Gach duine ar a dhícheall ceann scríbe éigin a bhaint amach in am.

Ach bíonn méadú ar na contúirtí ar an lá áirithe seo is cosúil. Bhí tuairisc le Colin Gleeson sa pháipéar seo le déanaí ar thaighde a rinneadh sa tSualainn a léiríonn go bhfuil Oíche Nollag ar an lá is mó baol ó thaom chroí, stróc agus ionsaithe den tsóirt sin.

Bíonn an baol thart ar 37 faoin gcéad níos mó ná an gnáthlá, agus is ar 10 p.m. Oíche Nollag a bhíonn sé ag an bpointe is airde. Dáiríre.

Luíonn sé le réasún. Nó níos mó leis na mothúcháin b’fhéidir. Mar géaraíonn an teannas ar ócáidí mar seo. Beagán ama agus mórán cúraimí le cur dínn faoi dheifir agus faoi bhrú. Roimh dheireadh an lae, roimh dhúnadh na siopaí, roimh an Nollaig.

READ MORE

Ach níor cheart díriú ar chúrsaí den tsóirt seo Oíche Nollag. Nach í an bhreith is bunús leis an ainm féin, ón Laidin natalis?

Baineann draíocht dá chuid féin le hOíche Nollag nach bhfuil a shárú le fáil. Agus bíonn turas go háit éigin ina chuid lárnach den draíocht sin.

Beidh mórán againn ag tnúth le ceann cúrsa a bhaint amach, agus ag súil lena bhfuil ag teacht amárach, Lá Nollag agus Oíche Lá Nollag, agus na laethanta ina dhiaidh sin arís. Ag pleanáil, ag ullmhú, ag féachaint romhainn.

Ach ag féachaint tharainn a bhímid chomh maith ag an am céanna. Turas siar go dtí an Nollaig sna blianta atá caite againn go dtí seo.

Turas dá leithéid a thug Breandán Ó hEithir san úrscéal dá chuid, An Nollaig Thiar, inar eachtraigh sé faoin Nollaig a chaitheadh sé ar Inis Mór nuair a bhí sé óg. Thoir sa Ghearmáin a thosaíonn sé le Caibidil 1, agus tógann na caibidlí a leanann, siar chun na hÉireann é, chomh fada lena áit dhúchais in Árainn.

Tá cuntas ann ar aistear traenach a thóg sé abhaile ó Bhaile Átha Cliath, agus é ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, mar ábhar oide bunscoile. An rud is mó a fhanann ina chuimhne ná an faitíos go mbeadh sé sa pháirt den traein a scar le traein na Gaillimhe in Átha Luain agus a chuaigh go Cathair na Mart.

Ar bord loinge

Ní raibh sa chuid sin den turas ach an tús, áfach. Tar éis dó cathair na Gaillimhe a shroichint, bhí air oíche a chaitheamh in óstán roimh dhul ar bord loinge an mhaidin ina dhiaidh.

B’shin faitíos eile a bhí air, nach ndúiseofaí in am é agus go gcaillfeadh sé an bád. Cé gur sheol bád eile ina dhiaidh sin, ní raibh barántas ar bith nach mbrisfeadh an aimsir.

Agus cad faoi na hocht n-uaire a chaith sé ar an mbád, an Dún Aengus, idir Gaillimh agus Inis Mór? Nach gcuirfeadh sé sin go leor turasanna Nollag in áit na leithphingine? An geábh gairid ar an mbóthar a chaitheann Chris Rea mar shampla, Drivin' home for Christmas.

In éineacht leis an taisteal siar thar muir agus thar tír, mar sin, turas thar am atá ar siúl ag Ó hEithir chomh maith, siar go dtí an Nollaig a chaitheadh sé ina óige, aimsir an dara chogaidh domhanda sna 1930í agus 1940í.

Agus bíonn cuimhneamh siar ar siúl againn féin.

Go minic, dhealródh gurb iad na cuimhní féin a thagann chugainne, as a stuaim féin, gan coinne, agus go fánach. Ní théimid siar a lorg, ach is iad féin a dhéanann an turas aniar.

Bíonn meascán de chuimhní ann ar ndóigh, ach beirimid ar na cuimhní sona go fonnmhar. Cuimhní ar an muintearas agus an comhluadar, agus beannachtaí na féile a raibh sé d’ádh againn a roinnt an uair úd.

Nó b’fhéidir go mbíonn a mhalairt de thuras le déanamh ag cuid againn, tairseach de chineál eile a thrasnú, géilleadh le cúinsí nua, agus glacadh le hathrú saoil éigin.

Bíonn a bhealach féin le tabhairt ag gach éinne. Agus amach as lár Oíche Nollag a fhaighimid léargas ar fhírinne den tsóirt sin, nuair a thagann tamall machnaimh, nuair a thiteann an dorchadas, nuair a bhíonn sé ina Oíche Chiúin.

N’fheadar éinne cad atá i ndán sna laethanta atá le teacht. Ach beifear ag súil gur Nollaig shona agus síochánta a bheidh ann. Saor ó strus.

Agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. @cathaldepaor