Na rúin is fearr atá ceilte orainn

D’ainneoin an stair, tá go leor eile atá suntasach faoin Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar na tíortha eile máguaird

Foclóir: Luaineach - volatile, comhghuaillithe - allies, faltanas - enmity, teannais - tensions, ár - slaughter, creach - hindrance, altán - ravine, cainneon - canyon, éiceachóras - ecosystem, ar maos - steeped.

Nuair a chloistear trácht ar Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar na tíortha eile máguaird, is dócha gur ar an gcogaíocht agus ar an stair is mó a chuimhnítear.

Agus, le fírinne, ní haon ionadh é sin. Tá cúrsaí reiligiúin, polaitíochta agus staire an cheantair fite fuaite ina chéile le fada an lá agus is minic a bhagair an meascán luaineach seo trioblóid agus briseadh croí ní hamháin ar an réigiún féin ach ar an saol mór freisin.

Sa chéad seo caite, cuireadh tús leis an Chéad Chogadh Domhanda nuair a dhúnmharaigh Gavrilo Princip an tArd-diúc Franz Ferdinand na hOstaire i Sairéavó i 1914.

READ MORE

Chuaigh an Bhoisnia, an Chróit agus an tSlóivéin chun troda ar thaobh na Gearmáine sa sléacht mór agus throid an tSeirbia agus Montainéagró ar thaobh na gComhghuaillithe. I dtreo deireadh an chogaidh síníodh Forógra Chorfú, socrú a réitigh an bóthar chun go bhféadfaí tír aontaithe a chothú as na tíortha Balcánacha seo.

As sin cothaíodh Ríocht na hIúgslaive agus mhair sí seo go dtí gur ionsaigh fórsaí faisisteacha na Gearmáine agus na hIodála an tír sa bhliain 1941.

Mhúscail sé seo faltanais eitneacha agus náisiúnachais agus maraíodh na mílte, idir 300,000 agus 500,000 duine, nuair a rinne fórsaí faisisteacha Crótacha, an Ustashe, sléacht ar Sheirbigh, Ghiúdaigh agus Róma le linn an chogaidh.

D’éirigh na Chetnicí, náisiúnaithe Seirbeach a chomhoibrigh leis na Natsaithe ó am go chéile, amach agus rinneadar siúd sléacht ar suas le 50,000 duine.

Throid Josip Broz Tito, a bhí ina cheannaire fhrith-fhaisisteach, go tréan in aghaidh na Naitsithe, an Ustashe agus na Chetnicí go dtí go raibh an bua aige. Bhí sé mar aidhm aige siúd tír il-eitneach a chothú, sóisíalachas neamhspleach ar Mhoscó a chur i réim agus an réigiún a aontú.

Bhásaigh Tito i 1980 agus cé gur éirigh sách maith leis an tír go heacnamúil mar thír neamhspleách, ba léir go raibh na sean teannais eitneacha agus náisiúnachais ag teacht chun cinn arís i ndiaidh a bháis. Roinneadh an Iúgslaiv i gcúig thír nua faoin mbliain 1992 nuair a bunaíodh an Chróit, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia agus Montainéagró, an tSlóivéin, agus an Mhacadóin.

Lean cogadh uafásach eile an briseadh sin agus maraíodh suas le 100,000 duine idir na blianta 1991-1995.

An uair seo, tuairiscíodh go mion ar an sléacht sna meáin idirnáisiúnta. Bhí tuairiscí nuachta ar an teilifís lá i ndiaidh lae a rinne trácht ar an uafás. Craoladh físeáin dhéistineacha a thaispeáin sléacht i ndiaidh sléachta, marú i ndiaidh maraithe, uafás i ndiaidh uafáis agus léigear danartha i ndiaidh léigear danartha.

Cuimhneofar i bhfad ar an slad, ar an réabadh, ar an dúnmharú agus ar na héignithe. Cuimhneofar freisin ar an ár a rinneadh ar fhir agus bhuachaillí Srebrenica agus ar theip na Náisiúin Aontaithe ar mhó de chreach ná de chabhair iad ag an am.

Cheapfá b’fhéidir go bhfuil sé deacair mar sin trácht a dhéanamh ar an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus ar na tíortha eile máguaird gan labhairt ar an gcogaíocht amháin.

Áilleacht mhealltach

Ach ní mar sin atá. Bhí buntuiscint agam féin ar stair na háite nuair a thug mé cuairt ar an gceantar le gairid. Lasmuigh de sin, ní mórán eile a bhí ar eolas agam faoin réigiún.

Sea, tá rian den chogaíocht fós le feiceáil ó áit go háit agus tá droch bhaill ar an ngéilleagar, ach d’ainneoin an stair, tá go leor eile ann atá suntasach.

Níor thuig mé roimhe sin gur bhain áilleacht mhealltach le Montainéagró agus leis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin. Áilleacht a chuirfeadh gliondar ar chroí duine ar bith.

Níor thuig mé - idir raoin sléibhte, altáin, ghleannta, ardchláir agus mhachairí fairsinge - gur réigiún lán le contrárthacht de chineál eile é.

Tá thart ar leath de thírdhreach an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoi fhoraoiseacha dlútha.

Tá Cainneon Abhainn Tara ar an dara cainneon is faide ar domhain. Duibheagán leitheadach é atá 78km ar fhad agus 1,300 méadar ar doimhneas ag an bpointe is doimhne.

Ritheann abhainn Tara tríd mar a bheadh snáthaid ann, a h-uisce chomh glan agus glé sin go sásódh sé tart ar bith.

Tá éiceachóras agus dúlra ilghnéitheach sa tír a bhfuil ainmhithe allta, béir, mic tíre agus nathracha nimhe go farsaing ann.

Cé go bhfuil an tuath iargúlta agus cuma uirthi go bhfuil an daonra tearc in áiteanna, críoch ársa atá inti, agus tá bailte meánaoiseacha anseo agus ansiúd. Bailte iad a tharraingeodh cáil idirnáisiúnta i dtíortha eile ó thaobh a gcuid ailtireachta agus seandálaíochta de agus iad uilig ar maos i gcultúr agus i stair na tíre.

Chuir na tithe feirme, na hainmhithe, na cocaí féir agus na ballaí cloiche, Conamara sna 70dtí i gcuimhne dom.

Cé nach dtugann mórán cuairt ar Bhoisnia agus an Heirseagaivéine i gcomparáid leis an Chróit, tá méadú ag teacht ar líon na gcuairteoirí de réir a chéile.

Idir radharcanna áille intíre, fhiadhúlra, an fháilte ghnaíúil agus tarraingt ghníomhaíochtaí eile - cnocadóireacht, dreapadóireacht, rothaíocht agus bádóireacht, tá féidirtheachtaí móra in earnáil turasóireachta na tíre. Tá poist á gcruthú i seirbhísí a bhaineann leis an earnáil - idir lóistín, bhialanna, iompar agus ionaid turasóireachta. Is bealach é freisin ar ndóigh chun na ceantair tuaithe a athbheochan agus a fhorbairt.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an tSeirbia agus Montainéagró ar na rúin is fearr atá ceilte orainn faoi láthair.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.