Moladh go deo leis an Ghruffalo

Cúpla mí ó shin, fuair mé cuireadh speisialta ó chara liom, Adrian Cain, Oifigeach na Manannaise, ag fearadh fáilte romham teacht go Manainn le haghaidh seoladh. Is é an leabhar a bhí á lainseáil ag Undinys Eiraght Vannin (Manx National Heritage) ná 'Neen y Ghruffalo, aistriúchán a rinne mé de shaothar Julia Donaldson, The Gruffalo's Child.


Aistriúchán Liteartha sa Mhanannais
Ní hé 'Neen y Ghruffalo an chéad aistriúchán a foilsíodh sa Mhanannais – ná an chéad leabhar a d'aistrigh mé féin. Foilsíodh mo leagan Manannaise de The Gruffalo anuraidh. Cuireann na leabhair seo agam féin le corpas aistrithe atá ag síormhéadú. Mar aon leis an chorrleabhar clasaiceach a aistríodh ón Bhéarla, tá dornán leabhar aistrithe ón Ghaeilge fosta, ina measc, saothair le Ré Ó Laighléis agus Colmán Ó Raghallaigh. Chan amháin sin, tá saothair liteartha i gcló sa Mhanannais a aistríodh ón Bhreatnais agus ón tSeapáinis.

Seans go ndéarfadh duine ciniciúil gur olc an mhaise ag na Manannaigh díriú ar an aistriúchán de rogha ar litríocht nua-scríofa. Ach ní hamhlaidh atá. Tá údar nó dhó ag saothrú sa Mhanannais agus tá cúpla sár-úrscéal i gcló – leithéidí Droghad ny Seihill le Christopher Lewin agus Dunveryssyn yn Tooder-Folley le Brian Stowell.

Ach bíodh is go mbainfeadh léitheoir muiníneach an-taitneamh as na scéalta seo, is é an fhadhb atá ann ná go bhfuil siad beagáinín ródheacair ag an ghnáthfhoghlaimeoir.

READ MORE

Ní cainteoirí líofa iad a bhformhór de lucht léitheoireachta na Manannaise agus sin an fáth a bhfuil a oiread sin ráchairte ar aistriúcháin – go háirithe de shaothair íocónacha cosúil le The Gruffalo, a bhfuil an scéal ar eolas ag cuid mhór daoine cheana. Tá sé ina chuidiú mór freisin go gcuimsíonn Yn Gruffalo, 'Neen y Ghruffalo dlúthdhiosca de chainteoir líofa Manannaise ag aithris an scéil – an-smaoineamh ag Undinys Eiraght Vannin.


Ag Aistriú 'Neen y Ghruffalo
Dhá bhliain ó shin, tharla mé ag breathnú ar BBC Alba nuair a bhíothas ag craoladh leagan Gàidhlig den ghearrscannán, The Gruffalo. Agus rith sé liom: nár dheas dá mbeadh an scéal ar fáil sa Mhanannais freisin? Chuaigh mé i mbun pinn láithreach agus cúpla lá ina dhiaidh sin bhí an chéad dréacht réidh agam.

Ansin chuir mé r-phost chuig Adrian, ag míniú mo smaoinimh dó. Ós rud é go raibh an leabhar i gcló sa Ghaeilge, sa Ghàidhlig agus sa Bhreatnais cheana, bhí dóchas agam go mbeadh na foilsitheoirí fabhrach d’aistriúchán i mionteanga eile.

Ní mór dom a admháil gurb é Adrian a rinne an obair chrua go léir ina dhiaidh sin. Chuaigh sé i dteagmháil le Macmillan agus fuair cead an leabhar a fhoilsiú. Labhair sé le Lloyds TSB ar an oileán agus d’aontaigh siadsan urraíocht fhial a sholáthar don tionscadal. Naoi mí i ndiaidh dom tús a chur leis, seoladh an leabhar sa Vunscoill Ghaelgagh, bunscoil lán-Mhanannaise.

D'éirigh thar barr le Yn Gruffalo agus mar sin d'iarr Adrian orm tabhairt faoin dara leabhar, The Gruffalo's Child.

Chuaigh mé i mbun aistriúcháin arís ach, ar chúis éigin, ba deacra agam an ceann seo. Bhí rím agus meadaracht an bhunleagain ag cruthú fadhbanna agus dar liom go raibh gach aon ghné den aistriúchán níos dúshlánaí an uair seo.

Ceapadh Chris Sheard mar eagarthóir: ba mhór an cuidiú a thug sé dom agus muid ag cur agus ag cúiteamh faoi línte ciotacha.

Ach faoi dheireadh, d’éirigh linn dréacht a chur chuig na foilsitheoirí a raibh muid sásta leis.


An Seoladh
Is é Adrian a d'eagraigh an seoladh sa Leabharlann Teaghlaigh i nDoolish (Douglas). Bhí scaifte mhór i láthair – páistí agus a dtuismitheoirí agus díograiseoirí teanga. Seans gurb é an rud is mó a bhain siar asam ná an dóigh ar leathnaigh an scéal: cairde liom agus lucht na dteangacha á scaipeadh ar fud an domhain ar Facebook agus ar Twitter.

Agus bhí mé ar muin na muice nuair a rinne mé agallamh poist i siopa leabhair i Sasana agus d'inis an bainisteoir dom go raibh cóip de Yn Gruffalo ceannaithe aige mar bhronntanas dá iníon – cé nach raibh aon fhocal Manannaise ag ceachtar acu. Is deas liom go bhfuil na haistriúcháin seo agam ag tarraingt airde ar an Mhanannais – ar an oileán agus níos faide i gcéin.