Meon na Muice Duibhe

Ní fíor go bhfuil an aigne sin ag cách, ná go deimhin ag móramh féin

Nuair a bhí an sioscadh ar siúl maidir le fuáil le chéile an rialtais nua (a bhfuil cuma sheanchaite uirthi cheana) d’éirigh béist ghránna aníos as bolg pholaitíocht an stáit. B’í béist í ná muc dhubh an deiscirt, an torc allta a bhfuil eagla ar dhaoine a ainm a lua: aigne chríchdheighilteach an stáit.

Ní fíor go bhfuil an aigne sin ag cách, ná go deimhin ag móramh féin, ach is léir go bhfuil aicme bheag anois ann ar ‘státghráthóirí’ seachas ‘tírghráthóirí’ iad agus go sáfaidh siad a gcuid adharca aníos gach seans dá bhfaighidh siad.

B’é an léiriú ba léire agus an foilsiú b’fhollasaí air sin ná na litreacha a scríobhadh chun an nuachtáin seo ag gearán agus ag cnáimhseáil ag caoineadh is ag geonaíl go raibh sé de dhánaíocht ag gais agus ag gasra de na Glasraí ó thuaidh guth a chaitheamh ar son nó i gcoinne páirtíochta in rialtas laisteas den teorainn sin a tarraingíodh fadó ainneoin ghuth an phobail.

Cuid de na litreacha sin tháinig siad as áiteanna stairiúla a mbeifeá ag coinne leo - machairí méithe na Mí, cnocáiníní aeracha Chill Mhantáin, agus go fiu ó thúir arda ghealéibhir Choláiste Tríonóide Naofa gan Roinnt na Banríona Éilíse i ngar do Bhaile Átha Cliath.

READ MORE

Is ea, in ainneoin tíreolais, sheasamh bunreachta, bheagán éigin staire, dhlíthe na tíre, chomhaontú Aoine an Chéasta, shocrú Emma de Souza, léarscáileanna an domhain, do chluasa a bheith ar oscailt, chraobhacha na hÉireann sa pheil, do dhá shúil féin agus eolas ar litríocht na tíre tá amadáin agus breallsúin agus éagain agus glincíní gan aon rud sa ghrágán, agus bambairní gan bhrí, agus leathéadromaigh a dhéanfadh an leath eile a leas, agus ciméaraigh gan chiall ar dóigh leo go bhfuil deighilt mhistéireach mheitifisicúil náisiúnta idir an duine a bhfuil cónaí air in Leifear seachas sa tSrath Bán trasna na sráide uaidh.

Cad as a dtáinig an meon mallaithe seo sa chéad áit?

Shamhlóinn gur meon Aontachtach cuid éigin de, meon nár imigh as riamh ach a chuaigh i bhfolach i gcuid de na páirtithe saibhre sa pholaitíocht, a chodail tamall sna príomhnuachtáin agus nach raibh riamh de mhisneach aige a chuid lapaí a nochtadh go hoscailte. Is beag duine den mheon seo a bheadh toilteanach teacht amach go lom is a rá gur cheart dúinn clasú arís leis an mBanríocht thall, ach a fhaigheann pléisiúr beag diablaí as an stádas atá ann, go bhfuil smut den tír fós faoina stiúir.

Fara sin, tá dream a cheapann go bhfuil i bhfad níos mó i gcoitinne ag an dá phobal ó thuaidh le chéile ná mar atá acu linne ó dheas. Sin é an fáth, gan amhras, go raibh troid agus achrann agus marú agus doirteadh fola eatarthu le tríocha éigin bliain, ach cathain ar phollaigh fianaise ar bith an cloigeann tiubh?

Is ea, is féidir a bheith mórálach as Seamus Heaney nuair a bhain sé an Duais Nobel, nó Dana nuair a bhuaigh sí an Comórtas Amhránaíochta Eurofíse den chéad uair, nó Máire Mhic Giolla Íosa nuair a toghadh mar Uachtarán an Oileáin í, nó John Hume a chuir a bhundún amach ar son na síochána, nó Liam Neeson nuair a bhain sé Oscar, nó Ciara Nic Gaoithín nuair a gheobhaidh sí bonn mór sna cluichí Oilimpeacha, ach fós féin, ní bhaineann siad linn, dar leis an meon dístairiúil dallgheograifeach neamhchultúrtha seo.

Is sinne a bhíonn ag gearán go tréan nuair a bhronnann an BBC nó nuachtáin Shasana ‘Briotanach’ ar Éireannach a dhéanann gaisce. B’fhearr go dtosnóimisne ag tabhairt a bhféiniúlacht dhílis féin do mhuintir na hÉireann beag beann ar líne gharbh a tarraingíodh ar léarscáil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar