Málaí

Ba mhór idir na haimsirí, is mór idir na faisin, agus is é an faisean a rialaíonn an saol

Ráinig mé in airde ar bhus an lá cheana agus é ag gluaiseacht an tsráid aníos. Mé ag gliúcaíocht liom an fhuinneog amach óir ní raibh cluasáin ar mo chloigeann agus is maith an fhianaise iad na súile anois is arís.

‘Cén fáth nach n-osclaíonn tú do shúile!?’ mar a bhéic múinteoir eolaíochta liom uair amháin nuair nár aithin mé codanna cearta an phlanda bhig mhairbh a bhí faoin ngloine aige. Comhairle í a d’fhan liom ó shin, bíodh is nach raibh aon mhaith leis an lá áirithe sin.

Sráid mhór ghnóthach a bhí fúm, mar is mé a bhí lastuas san áit nach mbíonn oiread sin cabaireachta. Daoine ag siúl leo thíos gan bheann ar a chéile acu. Fo-dhuine ag caint.

Bhí caint ar Mick Jagger le déanaí, tá’s agat an sean-amhránaí sin a bhfuil aghaidh réamhstairiúil leathair air agus roic air a thabharfadh a cheart do bhóithre Chonamara? Tá’s agat na Rolling Stones atá fós ag sreangleictriciúil leo lena dtrí chorda giotáir mar a bhí ón tús? Is amhlaidh nuair a bhí siad i mBaile Átha Cliath sna 60í i dtosach a ngreise agus a ngreadaidh go raibh, mar a bhíonn, scata ban óg amuigh ag liúirigh is ag béicigh, mar a bhíonn. Is é is suaithinsí de ar fad ná go raibh scairf á caitheamh ar a gcloigne ag a bhformhór acu! Ba dhóigh leat gur Mhoslamaigh ba ea iad, ach amháin nach raibh siad siúd tagtha go hÉirinn fós. Dá gcaithfeadh bean óg scairf ar a cloigeann inniu is dócha go gcaillfeadh sí cúpla milliún cara ar a StraoisLeabhar.

READ MORE

Dá bhféachfá ar ghrianghraf de chuid na linne céanna, chífeá go raibh hata ar fhormhór na bhfear, go háirithe iad siúd a raibh aon ghradam acu sa tsaol. Nuair adeirim ‘gradam’, is é ‘airgead’ atá i gceist agam, agus ‘gairm mheasúil’. Tá’s againn nach ionann iad, ach táim ag iarraidh ponc a chur abhaile agus gan dul ar seachrán.

Nuair a d’fhéachas anuas as mo sheasamh lasnairde ar an gcoitiantacht ón mbus, thugas faoi deara nach raibh scairf ar chloigeann mná ar bith (seachas Moslamach amháin, agus bean rialta uaigneach a bhí i bhfolach ó chóip na sráide), agus gur lú ná sin a bhí hata ar fhear ar bith (seachas clogad ar lucht oibre a choinníonn an saol ag dul). Ba mhór idir na haimsirí, is mór idir na faisin, agus is é an faisean a rialaíonn an saol.

Ach thugas rud eile faoi deara. Bhí mála ag nach mór gach bean, idir óg agus aosta. Ceann de mhistéirí na cruinne é sin dá lán againn, cad é go díreach atá i bhfolach sa mhála mná? Ar nós mar a bhfuil laistigh den ispín, b’fhearr gan a fhios a bheith againn. Níorbh aon nuacht an méid sin.

B’é ba nuacht dom ná go raibh mála droma ag formhór na bhfear. Thosnaigh mé ag marana cad uime mála a bheith acu, agus cad in ainm an domhain bhraonaigh agus bhréanaigh a d’fhéadfadh a bheith istigh iontu? Chuir na feagraí a fuaireas alltacht agus uafás orm, agus go deimhin, chuir cuid acu an sciodar trasna orm, ach níl i gceist agam toramh mo mhachnaimh a roinnt libh.

Ach rith rud eile liom. Na daoine atá ag teicheadh leo ar son a mbeatha ón bhforéigean agus ón ocras agus ón aimsir fháistineach ar fud an domhain, ní bhíonn aon mhála acu ar a ndroim.

Comhartha só agus iomarcachta is ea an mála, mála a dhéantar le sclábhaithe oibre nach mbeidh mála dá gcuid féin go brách acu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar