Máirtín, tairní agus téiseanna

Chuir Máirtín Lúitéir cor inár gcinniúint agus léirigh nach beo don duine ar an arán laethúil amháin


Nuair a bhíos sa bhunscoil thug múinteoir isteach chugainn lá mála beag ina raibh earra thar a bheith luachmhar. D’oscail sé an mála go mall agus thóg amach faoi dhínit mhaorga tairne mór amháin, a raibh cúig orlach d’fhaid ann.

‘Macasamhail tairne é seo,’ adúirt sé linn ‘a bhuail na Rómhánaigh bharbartha isteach i lámha agus i gcosa Chríost nuair a bhí sé á chrochadh ar an gcrois.’

Ní fíor gurbh iad sin na focail cruinn díreach adúirt sé, mar ba leasc riamh le daoine an milleán a chur ar na Rómhánaigh de bharr an chéasta úd in ainneoin gurbh acu a bhí an bhreith, an fhuip, an t-adhmad, an lascadh, na tairní agus an casúr.

Agus chun a cheart a thabhairt don oide, ní dúirt sé gurbh é sin go fírinneach an tairne a buaileadh isteach.

READ MORE

Caithfead a rá go raibh díomá orm féin, óir shíleas riamh go raibh draíocht ag baint leis na taisí sin a bhíodh á reic ar fud na hEorpa sna meánaoiseanna – na slisní sin den chrois naofa a líonfadh coill, pláta ón suipéar déanach, fáinne pósta na Maighdine Muire, an cliabhán a bhí i mBeithil, cleite de sciathán an Aingil Gabriel, spúnóg an linbh Íosa, deoir bheannaithe, dealg den choróin spíona, buidéal d’anáil ghéimneach na bó a bhí sa stábla, agus go deimhin corda imleacáin an tSlánaitheora féin…

Nuair a bhuail Máirtín Lúitéir a chuid téiseanna isteach sa doras sin in Wittenberg tá 500 bliain ó shin ann níor déanadh aon iarracht ar an tairne lenar ceangladh iad a choimeád.

Is trua sin, leis, mar is cinnte go bhfaigheadh sé praghas maith ar ceant ar bith inniu, gan trácht ar lena linn féin. Má fhaightear airgead mór maith ar chuif gruaige de chuid Bill Haley, carn stáin ar chiarsúr de chuid Haley Mills, agus speilp gan teorainn ar spréach ó réalta eireabaill Hailey, cad ina thaobh nach mbeadh do chóta bán buailte ar liútar éatar éigin timpeall ar thairne Mháirtín?

B’in cuid den réabhlóid a thug sé isteach. An focal bocht coitianta a chur i leaba na n-ealaíon uile go léir eile a bhfuil céadfaí an duine ina dtuilleamaí.

Bíodh gur scaoil an t-athrú creidimh úd go leor geasróga agus piseoga chun Acheroin síos, bhochtaigh sé ár gcaidreamh daonna leis na nithe sin ar fad nach dtuigimid.

Ós rud é nach dtuigimid tada, ar éigean, ba mhór an scrios é na dearcealaíona agus na cluasealaíona a dhamnú chun imill na slí, mar a dhein go leor dá lucht leanúna. Ní haon mhalairt é an focal nocht ar na mothála ainrialta go léir.

Smaointe

Ina choinne sin thall, bhí toradh iontach amháin ar an athrú creidimh a thionscain an tAgaistíneach seo.

Léirigh sé gur cás le daoine smaointe.

Bhí an suathadh a chuir sé ar bun ina sheasamh go hiomlán ar thuiscintí nach raibh aon bhaint acu le praghas tithe, nó leis an mbuiséad is déanaí, nó leis an olltáirgeacht intíre, nó leis na hinnéacsaí forbartha eacnamaíochta nó leis an ngnáth-thrup chlap arb é is díospóireacht dhaonna anois ann.

Is dícheall dúinn géilleadh inniu gur fearadh cogaí fíochmhara mar gheall ar phoinc bheaga nó mhóra diagachta, gur díbríodh na mílte as a bhfearann cearta is córa de bhíthin teagaisc éagsúla, gur réabadh pobail bun barr de dheasca na bhfocal a bhí i leabhair urnaithe seachas a chéile.

Ní hé atá á mhaíomh agam gur chóir go ndoirtfí fuil mar gheall ar a bhfuil breactha i dtéacs beannaithe nó neamhbheannaithe ar bith, ach go n-aithneofaí arís eile ar ais nach beo don duine ar an arán laethúil amháin.

Anois, cé a chuir Gearmáinis air sin i dtosach?