Leathar agus slat

Níl dearmad déanta ar an phianós corpartha a bhí ar siúl ar scoileanna


Deirtear i dtaoibh saighdiúirí a d’fhill ó chogadh gur mhinicí ná a chéile iad balbh timpeall ar na nithe a tharla dóibh, nó a rinne siad. Ní hinchomparáide ar aon tslí é, ach ba bheag an chaint a bhí timpeall ar an bpianós corpartha sa tír seo tar éis gur cuireadh deireadh leis i 70í na haoise seo caite.

É seo in ainneoin gur fhág sé lorg, ní hea amháin ar bhosa na nglúinte Gael, agus ar chodanna eile den chorp, ach ar intinn agus ar mheon an phobail chomh maith, nó chomh holc céanna.

An é go raibh chomh gnáthlaethúil nár dheineamar puinn iontais de, nó gur mhian le daoine é a chur i mbosca bruscair na haigne maraon le pé drochthaithí eile nár éiligh athchuimhneamh? Is lánait le formhór gach aon duine sa tír anois go raibh a leithéid riamh ann, ach bhí, agus is minic go raibh sé fíochmhar.

Tá frása coiteann ag an Athair Peadar a bhfuil ‘buaileadh isteach im aigne’ ann. Glacadh leis go bhféadfaí foghlaim a bhualadh isteach in aigne an pháiste. Is dócha go raibh síceolaí éigin ann, Fraud nó Junk nó Addleder, a thug lántacaíocht eolaíochtúil don teoiric thurgnamhchruthaithe sin.

READ MORE

Bhí aithne agam ar phríomhoide scoile a thugadh múinteoirí óga isteach ina oifig ar an gcéad lá oibre dóibh. D’osclaíodh tarraiceán a dheisce agus thugadh amach slat agus leathar. Leagtaí ar an mbord iad: ‘Seo iad na cairde is fearr atá agat, cé acu ab fhearr leat?’

Agus is cuimhin linn go maith iad. An leathar fada donnbhuí a bhféadfaí breith air taobh seach taobh, an ceann a raibh míreannaí luaidhe tríd ar son breisluacha, an tslat a bhí déanta de chána siúcra ach nach raibh aon ní milis ag baint leis, an bata a raibh eanganna ann ar eagla an mhíneadais.

Ar nós aos scoile ar bith, áfach, bhí slite ann leis an mbuille a mhaolú. Bhí buachaill fíorard sa rang againn féin, déarfainn gur fhás sé an seacht dtroigh nó gar dó, agus ar éigean go bhféadfadh an múinteoir beag a lámh a shroicheadh lasnairde.

Ní raibh an t-ádh mar sin linn go léir. Thóg sé cleachtadh na mblianta do bhos a chur ag titim ag an am gcéanna le titim na slaite (nó an leathair) ionas go ngluaisfeadh an dá earra ar an luas céanna, agus ar éigean go ngortódh. Tá’s agam gur míníodh eolaíocht na gluaiseachta seo dúinn sa rang fisice – ach ní go baileach leis an sampla áirithe sin.

Ní raibh na pianóis seo cothrom do lucht na tuaithe agus na cathrach. Bhí taithí ag lucht na tuaithe ar a bheith ag grafadh is ag romhar is ag scoitheadh tornapaí is ag tarraingt feamainne ionas go raibh a gcuid bosa níos crua agus níos righne ná bosa boga na cathrach. Ní heol dom gur cuireadh coimisiún riamh ar bun d’fhonn na héagothromaíochta seo a chur ina láncheart.

Bráthair amháin a bhí againn, agus níorbh é ba mheasa, ba nós leis cuntas a choimeád ar a chuid buillí.

Sa chás is gur déanadh éagóir ort sa leadradh, bhí sásta iad a chur sa chuntas agus deireadh go binn ‘Tá ceithre bhuille anois agat orm!’

Lá dá raibh, bhí réidh ullamh leis an dlí a agairt ar leaid nár dhein a cheachtanna baile. É ag lorg leithscéil uaidh.

‘Níl a fhios agam, a Bhráthair, níl a fhios agam dáiríre cén fáth nár dhein mé an ceacht. Bhí an leabhar os mo chomhair amach ar an mbord…Níl a fhios agam…’

‘So, what did you buy the book for?’ arsa an Bráthair.

‘For one and sixpence,’ arsa mo dhuine.

Tháinig sé slán.