Is ait an mac an scríbhneoireacht

Seán Ó Ríordáin agus spréachphlocóidí


“Bhuail smaoineamh mé an lá faoi dheireadh agus níorbh é an chéad uair don smaoineamh sin teacht i mo cheann. Mheasas gur féidir buachaint ar an eitinn fós le teann tola. Thuigeas nach mór dom searradh maith a baint asam féin más mian liom mo thoil a láidriú. Ní raibh sa mhéid sin machnaimh ach tosach.

“Ansin is ea a tháinig an smaoineamh mór i mo cheann – an smaoineamh stairiúil. Bhíogas, agus tháinig neart dom. Más féidir liom buachaint ar an eitinn agus mo shláinte a fháil thar n-ais is féidir liom buachtaint ar an mBéarla – eitinn na Gaeilge – agus an Ghaeilge a shlánú arís!

"Ar an ábhar sin geallaim anois, más rud é go mbéarfad bua ar an ngalar míchuíoch atá ag gabháil dom anois, nach ndéanfad stad ná cónaí go dtí go mbeidh an Ghaeilge á labhairt ar fud na hÉireann mar a bhí in aimsir Bhriain Bhorú." – Seán Ó Ríordáin, Anamlón Bliana, 29ú Eanáir.

Ní bhfuair Seán Ó Ríordáin, file, an lámh in uachtar “ar an ngalar míchuíoch”. Oiread chéanna leis an fharraige, beidh a cuid féin ag an eitinn.

READ MORE

Agus déarfá, ar an chéad amharc, nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt “ar fud na hÉireann mar a bhí in aimsir Bhriain Bhorú”. Mar sin féin, tá Gaeilge beo – más ar éigean é in amanna – i mórán ceantracha sa tír. Is beag áit nach mbíonn cainteoir Gaeilge ann – fiú má mhaireann mórán acu ar nós an deoraí.

Ach b’fhéidir gurb é an rud is iontaí faoi mhír sin Uí Ríordáin gurb ann di ar chor bith. B’fhéidir gurb é an rud is iontaí faoin phíosa bheag scríbhneoireachta sin go bhfuil muid á léamh ar chor ar bith, go bhfuil a chuid dánta ar chlár ollscoile, gur tháinig a shaothar slán.

Sa bhliain 1940, 80 bliain ó shin beagnach, a scríobhadh an mhír sin. Ní bheadh an méid sin féin ag lucht na Gaeilge murach gur chuir Tadhg Ó Dúshláine, scoláire, an trioblóid air féin eagar a chur ar dhialanna Uí Ríordáin. Anamlón Bliana: ó dhialanna an Ríordánaigh toradh a chuid oibre agus Cló Iar-Chonnacht a chuir an leabhar i gcló sa bhliain 2014. (Mura bhfuil cóip agat, ceannaigh ceann.)

Ní raibh a fhios ag Ó Ríordáin go mbeadh a leithéid sin de thacaíocht le fáil aige san am a bhí le teacht.

Ní raibh a fhios aige go mbeadh cairde le fáil aige i measc strainséirí, go mbeadh scoláirí, eagarthóirí, foilsitheoirí agus léitheoirí ag léamh an uile fhocal a scríobh sé.

Ní raibh a fhios aige go mbeadh a shaothar i mbéal an phobail nó go mbeifeása, léitheoir, ag léamh an tsleachta bhig sin 80 bliain i ndiaidh a scríofa ar an Irish Times an mhaidin Luain seo.

Sea, is ait an mac an scríbhneoireacht.

In ainneoin an éadóchais a bhí go minic air, bhí misneach ag Ó Ríordáin. Sheas sé an fód agus scríobh sé ina dhialann, lá ar lá, gan fios aige cad é mar a bheadh cúrsaí an lá dár gcionn – nó an mbeadh lá dár gcionn i ndán dó.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht atá le foghlaim ag lucht teanga. Is cinnte go bhfuil feidhm le pleanáil, leis an amharc chun cinn. Ach b’fhéidir nár chóir do lucht na teanga dearmad a dhéanamh den lá atá inniu ann?

Cá bhfios duit cad é a tharlóidh amárach?

Ach inniu, inniu, tig leat alt nuachta a léamh, rang a theagasc, léacht a thabhairt, leabhar a léamh, dán a chumadh, léirmheas a scríobh, clár raidió a éisteacht, clár teilifíse a bhreathnú, paidir a rá, comhrá a choinneáil le do chara.

Tig leat rud inteacht a dhéanamh inniu, dá laghad é, leis an teanga a chur a labhairt “ar fud na hÉireann mar a bhí in aimsir Bhriain Bhorú”.

Agus cá bhfios duit cad é an tionchar a bheas ag an ghníomh bheag sin inniu ar an lá amárach? Cá bhfios duit nach mbeidh toradh ar an mhéid a dhéanann tú inniu ceithre scór bliain níos faide anonn?

Scríobhadh tú do dhialann féin.

Spark plugs

Ní stadann an fhoghlaim in am ar bith. Síleann tú go bhfuil greim measartha ar an teanga agat go dtí go dtarlaíonn rud inteacht as cosán agus cuireann an teanga i gcuimhne duit nach bhfuil gach aon fhocal – ná baol air – ar eolas agat.

Bhí snag ar inneall an ghluaisteáin. Ní hiontas ar bith é sin. Tá cuid mhór d’Éirinn siúlta ag an ghluaisteán faoin am seo agus 100,000 míle ar an chlog aige. D’éist mé go cúramach leis lá i ndiaidh lae agus snag go cinnte a bhí ar an inneall.

Thug mé a fhad leis an gharáiste é. “Sílim go bhfuil fadhb leis na spark plugs,” a dúirt mé leis an mheicneoir. Bhí an ceart agam.

Chuaigh mé abhaile agus mé an-sásta liom féin. Níor luaithe sa bhaile mé gur lorg mé an Ghaeilge ar spark plugs – spréachphlocóidí.

(Sea, tá an ceart agat – níl iontráil ar bith i ndialann Uí Ríordáin faoi spréachphlocóidí.)

Spréachphlocóidí! Spréachphlocóidí! Spréachphlocóidí!

An bhfuil an focal ar eolas agat anois?

Seans go mbeidh ceisteanna faoi spréachphlocóidí ag Eagarthóir Gaeilge an Irish Times i gcionn 80 bliain eile.