Insint Eile

Cé gur athraigh go leor leis na mílte bliain, cuirtear coirpigh fós chun báis ar chrois

Sna laethanta sin rugadh Íosa i mBeithil Iúdáia agus tháinig draoithe ón domhan thoir go hIarúsailéim, agus dúradar ‘Cá bhfuil an rí seo na nGiúdach atá beirthe? Óir do chonaiceamarna a réalta sa domhan thoir agus thángamar chun é d’adhradh’. Nuair a d’airigh Héaród, an rí, an méid sin, tháinig buaireamh air, agus ar ghiollaí an rialtais go léir chomh maith. Ansan do ghlaoigh Héaród na draoithe chuige i ngan fhios agus fuair amach uathu go cruinn an t-am inar taispeánadh an réalta dóibh.

Agus dúirt sé leo an mac sin a chuardach agus nuair a gheobhadh siad tuairisc air teacht agus insint dó ionas go rachadh sé féin chun é a adhradh, leis.

Agus féach, ghluais na draoithe amach agus an réalta a chonaiceadar sa domhan thoir ghluais sé rompu gur stad sé os cionn na háite ina raibh an leanbh. Agus chuadar isteach agus shléachdadar dó agus d’adhradar é agus thugadar bronntanais dó, ór agus túis agus miorr. Agus tugadh foláireamh dóibh i dtaibhreamh gan dul ar ais go dtí Héaród ach níor thugadar aon tor air toisc nach raibh Freud léite acu.

Agus chuadar bóthar díreach chuige dó, agus dúirt leis cá raibh an leanbh rí eile le fáil. Agus nuair a chuala Héaród an méid sin chuir sé amach a lucht airm gur aimsíodar an áit ina raibh an leanbh agus a mháthair Muire, agus Seosamh agus asal agus bó agus caoirigh.

READ MORE

Agus ansin tháinig siad isteach sa stábla, agus mharaigh siad an leanbh, agus Seosamh chomh maith, agus chaith siad Muire amach sa bhfuacht agus chuir na hainmhithe le fán seachas an t-asal a chuir siad chun báis toisc é a bheith ag gángarach agus ag geonaíl agus ag gearán mar a dhéanann asail.

Agus chuaigh siad ar ais go dtí an rí a thug tuarastal cuí dóibh mar shaighdiúirí a chomhlíonann orduithe, agus ghabhadar buíochas le hIúpatar go raibh rí bréige curtha chun báis acu agus nár bhaol dá ríocht ná dá gcreideamh feasta.

Agus leathnaigh cumhacht na Rómhánach dá réir agus thóg siad teampaill do Mhinerbha agus do Bholcán agus do Diana agus do Dodi ar fud na gcríocha go léir a bhí faoi smacht acu. Tugadh adhradh agus ómós do Bhacchus in áiteanna faoi leith, go háirithe sna séipéil a bhí ar oscailt oíche Shathairn.

Fág go raibh creidimh bheaga eile ar marthain fós sa Róimh, ba ghairid gur scuabadh iad sin chun siúil le breab is le búistéireacht.

Ar imill na himpireachta bhí daoine fós a ghéill do na déithe bréige. San Eigipt géilleadh i gcónaí d’Osirus; agus sna críocha dorcha ó thuaidh bhíodh Thor ag béiceadh nuair a thagadh fearg ar na scamaill. Ar oileán an gheimhridh bhí Lugh a raibh lámh fhada aige ach nár shín chomh fada sin nuair a teascadh de í.

Cé gur athraigh go leor leis na mílte bliain, cuirtear coirpigh fós chun báis ar chrois (ach ní go poiblí) in ainneoin go bhfuil dúghudairí ann a éilíonn gur cheart tairní níos lú, nó tairní plaisteacha, a úsáid sa bheart ar son na daonnachta.

Tá maolú ag dul dá réir ar na rásanna carbad. Ní ceadaithe fuip a úsáid níos mó agus níl ceadaithe do chapaill satailt ar aon duine a thiteann ar an talamh.

Mar sin féin, tá teanntás an-mhór ar na cluichí gliaireacha i bPáirc an Chrócaigh agus in Staid an tSolais agus sna Cluichí Oilimpeacha. Murab ionann agus sa tseansaol, áfach, ní mharaítear na cailliúnaithe láithreach. Tugtar leathchéad bliain sa charcair dóibh sula socraítear ar an tsnáthaid mhór. Mo ghreidhin é an dul chun cinn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar