Gealltanais tugtha agus go leor le baint amach

Bliain rathúil a bhí i mBliain na Gaeilge ach tá sé thar am anois tabhairt faoi chuspóirí sonracha an Straitéis 20 Bliain

Agus ábhar na seachtaine seo á mheas thángamar ar phreas ráiteas ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta ina ndearna an tAire Josepha Madigan agus Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit, Seán Kyne, machnamh siar ar 2018.

“Cé gur thacaigh an Rialtas le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge i gcónaí, ba í 2018 ‘Bliain na Gaeilge - ceiliúradh ar ár dteanga sa bhaile agus thar lear araon faoi phátrúnacht an Uachtaráin Mícheál D Ó hUiginn,” a dúirt an tAire Kyne sa ráiteas.

“Le linn Bhliain na Gaeilge, cuireadh clár gníomhaíochtaí agus imeachtaí cruthaitheacha, ealaíonta agus pobail ar siúl chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus chun rannpháirtíocht mhéadaithe sa teanga a spreagadh, agus d’éirigh go geal leis.”

Spreagúil

READ MORE

Dar ndóigh, bhí sé spreagúil Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn, a chloisteáil agus é i mbun óráide inar thug sé tacaíocht an-láidir don Ghaeilge os comhair cúpla míle duine i gCearnóg Mhuirfean ag deireadh mórfhéile sráide ‘BEO - Gaelach & Bródúil’ i mí Aibreáin.

Is cinnte gur deineadh an-cheiliúradh le linn na bliana. Bhí clár leathan ildánach ann agus idir imeachtaí pobail, ealaíonta agus cultúir bhí a lán ann le bheith bródúil as.

D’éirigh go geal leis an gceiliúradh ar líne freisin. Deirtear linn go bhfacthas an haischlib #Gaeilge2018 breis agus 90 milliún uair ag breis agus 10 milliún duine ar Twitter, agus gur deineadh 295,000 idirghníomhú míosúil ar Facebook.

Cúis fhaoisimh agus dóchais é go bhfuil cúrsaí Gaeilge chomh sláintiúil is atá ar líne.

Bliain rathúil

Deineadh a lán le linn Bliain na Gaeilge agus ba dheacair easaontú leis an maíomh gur bhliain rathúil a bhí ann, cé gur ar bheagán airgid a deineadh é.

Céatadán an-bheag d’airgead iomlán na Roinne a caitheadh ar eagrú agus imeachtaí na bliana. Soláthraíodh €125,000 de dheontas, do os cionn 210 tionscadal. In Éirinn a bhí a bhformhór, ar ndóigh, ach thar lear a reáchtáladh cuid acu. Anuas ar sin, cuireadh €64,000 ar fáil do scoileanna chun Bliain na Gaeilge a cheiliúradh.

Anuas ar sin chuir Foras na Gaeilge thart ar €450,000 ar fáil don cheiliúradh. As an méid seo, ceadaíodh €389,209 do Chonradh na Gaeilge chun clár imeachtaí a chur ar fáil.

Nuair a chuirtear an méid sin ar fad i gcomhthéacs caiteachais eile an rialtais ar ghnóthaí Béarla - €5m ar aonad cumarsáide an rialtais agus suas le €350,000 ar Culture Night (ócáid aon oíche amháin) gan trácht ar go leor eile, is léir nach mór an méid a caitheadh chun clár ildánach cuimsitheach a chur ar fáil le linn Bliain na Gaeilge.

Duine ar bith a thug aird ar an líon imeachtaí a reáchtáladh le linn na bliana, thuigfeadh sé nó sí cé’n obair is féidir le scata beag díograiseach atá ag obair as lámha a chéile, a dhéanamh. Is cinnte gur chreidiúint é Bliain na Gaeilge dóibh siúd a d’eagraigh é.

Dá gceadófaí a leithéid de chaiteachas ar chlár bhliaintiúil chun an teanga a chur chun cinn nach gcruthódh sé sin go bhfuil an rialtas ag cur lena bhfocail.

Ábhair dóchais

Sa phreas ráiteas céanna rinne an tAire Kyne tagairt don Phlean Gníomhaíochta 2018-2023 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a seoladh i mí an Mheithimh.

Tugtar léargas ann ar an méid atá déanta ó foilsíodh an Straitéis 20 bliain. Is é atá mar phríomhaidhm ag an bplean ná cuspóirí sonracha na Straitéise a bhaint amach le linn an chéad cúig bliana eile atá amach romhainn.

Leagadh amach breis agus 180 beartas sa phlean nua agus cheana féin, roimh dheireadh na bliana, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, go méadófar an caiteachas ar oideachas Gaeltachta i 2019.

“Tá feidhmiú na Scéime ar cheann de thiomantais an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus don Phlean Cúig-Bliana don Ghaeilge. Méadófar an caiteachas ar an oideachas Gaeltachta chuig nach mór €5 mhilliún i 2019,” ar sé.

Thuairiscigh an Roinn Oideachas torthaí dearfacha ón gcéad thuairisc chigireachta ar an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.

Tuairiscíodh dul chun cinn in iompar teanga na scoláirí: “go háirithe ó thaobh úsáid na Gaeilge ag scoláirí na chéad bhliana, scoláirí na hidirbhliana agus idir scoláirí agus múinteoirí i roinnt scoileanna.”

Is cinnte go bhfuil easpa dhul chun cinn le sonrú go dtí seo san iomlán i dtaobh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach is dearfach iad na gealltanais atá tugtha sa phlean cúig bliana.

I Meán Fhómhair sheol an tAire Richard Bruton, a bhí ina Aire Oideachais ag an am sin, Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhun mhúinteoireacht. In Institiúid Oideachais Marino a bheidh an cúrsa ar fail. Is cuid é seo den iarracht le cinntiú go sásaíonn an soláthar múinteoirí an t-éileamh atá ann.

Dúshláin

Le linn lainseáil an cheiliúrtha i mí na Nollag, 2017 dúradh go mbainfí leas as an mbliain le haird a tharraingt ar na dúshláin is mó atá roimh an Ghaeilge.

Agus is cinnte go bhfuil na dúshláin sin sách soiléir.

I measc na ndúshlán tá ísliú mór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír, tá ganntanas mór múinteoirí Gaeilge ann, tá ceisteanna móra ann maidir le caighdeán múineadh na Gaeilge sna scoileanna, agus níl daoine in ann a gcearta ar fad a fháil ón státchóras (ó thuaidh nó ó dheas) ina dteanga féin.

Ach mar is eol do chách, is é an maoiniú an gad is gaire don scornach. Rinneadh éilimh ar an Rialtas agus ar Aire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, €9 milliúin a chur ar fáil i mbuiséad 2019 do mhaoiniú an Phlean Infheistíochta Ghaeilge agus Ghaeltachta. Aontaíodh an plean i measc 87 eagras Gaeilge agus Gaeltachta, chun thart ar 1,190 post nua Gaeilge agus Gaeltachta a chothú.

Cuireadh thart ar €3 mhilliún bhreise ar fáil don Phlean sa Cháinaisnéis agus cé gur chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimhe dúradar nárbh leor an méid seo agus nár thug sé cothrom na féinne do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Bhí gá le €9m sa Cháinaisnéis seo le cothrom na féinne a léiriú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dar ndóigh, ní cheart an athbhliain a thosú le cnáimhseáil ach caithfear a admháil go bhfuil aidhmeanna tábhachtacha fós le slánú. Tá na gealltanais déanta agus go leor spriocanna le baint amach

Nótaí:

* Rinne Conradh na Gaeilge gearrán roimh an Nollag ina ndúradar go raibh próiseas comhairliúchán an Roinn Oideachais ar na díolúintí ó staidéar na Gaeilge lochtach.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh an tseachtain seo caite go bhfuil an Roinn tar éis an líon aighneachtaí is mó riamh a fháil ón bpobal faoi cheist na ndíolúintí ó staidéar na Gaeilge i scoileanna.

“I ngeall ar an ardleibhéal spéise atá léirithe sa suirbhé, tá sé socraithe agam síneadh breise a chur leis an spriocdháta go dtí an Aoine, 18 Eanáir 2019,” a dúirt an tAire McHugh. Is féidir aighneacht a chur chuig: consultation_exempti@education.gov.ie.

* Tosnaíonn ‘Bailte’ mór-shraith 13 clár ar bhailte fearainn na Gaeltachta ar TG4 ar an gCéadaoin. Sa chéad clár tugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Bhaile an Lochaigh i gCorca Dhuibhne.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.