Gaineamh Súraic

Tá teist an-simplí agamsa ar cheardanna agus ar ghairmeacha.

Le linn na paindéime nach bhfuil fós curtha dhínn againn fós, bhítí ag lorg saineolaithe leis an gcúrsa ar fad a mhíniú. Ghlaoití isteach ar na bithcheimiceoirí agus d’éistítí go cúramach leo. D’fhiafraítí de na staraithe cén bhaint a bhí ag an bplá seo againne le plánna eile siar ar ais, go háirithe leis an bhfliú Spáinneach a mharaigh 50 millún duine ó 1918 ar aghaidh, ach ar chóra an fliú Meiriceánach a thabhairt air. Agus ansin d’agallaítí síceolaí éigin faoi ghuth ómósach mar gheall ar iarmhairtí na paindéime ar shláinte mheabhrach an phobail.

Bhíodh le tuiscint ón nguth ómósach agus ón lúitéis labhartha go raibh rud éigin le rá ag an síceolaí nach raibh le rá ag duine ar bith a raibh dhá chluais, dhá shúil agus cúpla cillín meabhrach cheana aige, gan trácht ar an neach ar an gcnoc féin.

Is é sin le rá ar chúis éigin nach dtuigfeadh Arastatail ná Einstein, ná Socraitéas ná Jimín Mháire Thaidhg, ná Confucius ná Krishnamurphy go gceaptar go bhfuil gaois le sú as an tsíceolaíocht nach bhfuil sa tseanfhocal, nó sa bhéaloideas, nó sa chabaireacht a bhíodh ag do sheanmháthair agus do sheanathair a fáisceadh as taithí an tsaoil.

Agus níl.

READ MORE

Níl sa tsíceolaíocht ach cnó caoch, crotal folamh, gabhal tirim, slat sheasc.

Tá teist an-simplí agamsa ar cheardanna agus ar ghairmeacha. Ar éirigh leis an siúinéir sin an bord úd a dheisiú, ar bhain an fiaclóir an déad ceart amach, ar stiúraigh an tiománaí an bus go slán chun na sprice? Munar éirigh is tú a bheadh id ghamal airgead do chuid allais a thabhairt dóibh.

Chuirinn an teist chéanna i bhfeidhm ar ghairmeacha eile. Ar éirigh leis an mbainisteoir peile seo atá ag spalpadh uaidh aon rud a bhuachtaint, an bhfuil an sagart seo níos naofa ná an pobal a bhfuil sé ina aoire orthu, agus…agus, an bhfuil aon tuiscint thar an ngnách ag an síceolaí seo ar intinn agus ar anam an duine seachas mar atá ag Aindí Dhá?

Abair liom liom má tá fianaise ar bith agat ar son a gcuid gaoise seachas aon duine eile, nó thairis asarlaí na scéalta coilíneacha agus na scannán Tarzanúla.

Ar casadh síceolaí ar bith riamh ort a raibh níos mó tuisceana aige ort ná mar a bhí agat féin ort féin, ná ag do chairde, do lucht aitheantais, do mháthair, d’athair, ag bean an leanna?

Bhaininn taitneamh as an mífhuaimniú a bhaineadh mic léinn as an disciplín a raibh siad in ainm a bheith i mbun iomrascála leis. De ghnáth cheartaínn iad, ach ar chúis éigin ba mhó a thaitníodh ‘sickeolaíocht’ liom ná an ‘síce’ fada a bhí sa bhunfhocal.

Is ea, cad iad na freagraí gaoismheara a fuaireamar maidir leis an bpaindéim seo?: beidh sé deacair ar dhaoine a bheith faoi ghlas chomh fada seo; caithfear caitheamh aimsire a sholáthar do pháistí; ní hionann obair sa bhaile agus obair san oifig; is dúshlánach na dúshláin atá romhainn; tá athrú béascna deacair do dhuine ar bith; is gá do pháistí súgradh a dhéanamh le páistí eile; beidh fadhbanna le réiteach; is cinnte go mbeidh fadhbanna le réiteach; beidh uaigneas ar dhaoine; tá seacht gcéim eolaíochta idir buairt agus líonrith; is féidir le hoibrithe a bheith róchráite le siondróim na róluathachta má tá siad istigh roimh am don oifig agus a bheith ciaptha le coimpléasc an róchruinnis má tá siad in am gach aon lá.

Níl aon tochas ag an tsíceolaíocht nach bhfuil focal Gréigise nó Laidne acu air.

Is í an tsíceolaíocht flógastón na haoise seo, íocshláinte na hintinne simplí, an bosca nach smaoinítear lasmuigh de, an con job is mó dá ngéilltear dó ar chlár an tsaoil bhroiminigh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar