Gaeil óga sa chaisleán agus sa choláiste


Daltaí an Chaisleáin is ainm do shraith nua a chraolfaidh BBC 2 Thuaisceart Éireann ar Ghaelcholáiste Dhoire, an chéad iarbhunscoil Ghaeilge neamhspleách faoin tuaith sa Tuaisceart. Tabharfaidh an tsraith spléachadh ar na daoine atá taobh thiar den tionscnamh seo, meánscoil nua-aoiseach a dhéanamh de chaisleán meánaoiseach agus ar na fadbhanna a bhí le fuascailt acu agus an scoil ag fás. Bhí 16 dalta ar an choláiste nuair a osclaíodh i Meán Fómhair 2015 í agus bhí 32 dalta ann faoi Mheán Fómhair, 2016. Téann an tsraith chun cainte le pobal na háite agus a bpáirt san obair, leis an phríomhoide agus lena fhoireann agus iad ag iarraidh seomraí ranga fóirsteanacha a chur ar fáil agus leis na daltaí agus iad ag freastal ar áit a bhfuil ‘Hogwarts’ mar ainm air.

Ní bréag a rá go bhfuil stair fhada ag baint le suíomh na scoile. Is i gCaisleán Dhún Geimhin atá an coláiste lonnaithe, caisleán atá suite ag bun Shliabh Speirín agus atá 500 bliain d’aois ó cheart.

Is mar theach sinseartha mhuintir Chatháin a tógadh é ach is iomaí athrú a tháinig ar an áit le himeacht ama – bhí sé seal mar áit chónaithe ag arm Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar halla damhsa agus ceoil sna 1950í agus 1960í agus óstán boutique.

Leoga, chan amhránaithe mór le rá ar nós Tom Jones sa chaisleán lá den tsaol: “It’s not unusual ... to hear Irish i nDún Geimhin.”

READ MORE

Is ag 10 p.m. anocht a thosóidh Daltaí an Chaisleáin.