Fulaingt Fhada

Níl le déanamh ach an cnaipe a bhrú agus tiocfaidh an freagra chugat amach as an meaisín réamhdhéanta.

Beidh orainn cur suas leis an mbladar go ceann trí seachtaine fós. Táid amuigh as na cliabháin, ach ní bheidh an rás chomh gairid le rás con, faraor. Ina choinne sin, is féidir taitneamh áirithe a bhaint as. Cluiche a imrím liom féin (mar adéarfá) ná iarracht a dhéanamh ar an bhfreagra a thabharfaidh polaiteoir ar cheist a chuirtear air a thuar.

Ceist ar FGFF maidir le tithe: ‘Ó tógadh an áirithe seo tithe le bliain anuas, níor tógadh an oiread sin riamh ó bhunú an stáit…’

Ceist ar FFFG maidir leis an tacaíocht a thug siad uathu don rialtas: ‘Ó ní raibh aon dul as againn, leanamar an leas náisiúnta, ní raibh aon pháirtí eile toilteanach…’

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, bím deimhin ceart i bhfad níos minicí ná mar a bhíonn Paddy Power ag Baile na Lobhar agus na Leabhar.

READ MORE

Níl le déanamh ach an cnaipe a bhrú agus tiocfaidh an freagra chugat amach as an meaisín réamhdhéanta. Cad ab áil le haon duine éisteacht leo? An chuige seo a leath na géanna fiaine a gcuid sciathán os cionn na taoide? An chuige seo an t-oideachas ardchostasúil? An chuige seo an ceadúnas teilifíse go fiú is nuair nach dtagann an fear chun an dorais á iarraidh?

Beidh na suirbhéanna á dtál go fuíoch. Ceann de na ceisteanna is coitianta a bhrúitear siar ar dhaoine is ea: ‘Cad iad na ceisteanna is tábhachtaí dar leat sa toghchán?’ Taighdim siar isteach im intinn agus tá’s agam go ndéarfar: ‘tithíocht’, mar sin atá á rá ar na meáin, agus ‘sláinte’, mar luaitear é sin chomh maith, agus déarfaidh aos ollscoile idir léachtaí, ‘is ea, téamh na cruinne, is ea, sin an ceann is tábhachtaí … ceapaim.’

Is é sin le rá, ba dhóigh leat go bhfuil an pobal ag smaoineamh ar an tír trí chéile, ar fheabhas a chur ar an saol ar mhaithe le daoine eile, fág gur dócha go bhfuil siad féin sa lúib seo chomh maith. Ina choinne sin thall, ní mar sin a fheidhmíonn polasaithe na bpáirtithe. Is amhlaidh go dtugtar breab don dream seo, agus síneadh láimhe don dream eile, agus breis bheag don droing úd, agus geallúint thall thairis, agus féirín lá aonaigh don pharóiste sin, agus bóithrín don bhaile fearainn siúd, agus monarcha ar thaobh na sráide, agus páirc pheile don chontae, agus deimhniú nach mbeidh lucht taistil i ngaobhar na háite don láithreán tithíochta, agus cé nua don chaolas, agus club oíche don óige, agus pasáiste chun na hAstráile, agus cártaí glasa do na Stáit, agus na hoirc agus na hairc agus an túirnín lín agus cupáin an driosair le súil is go vótáilfear dóibh.

Is é an chúis nach dtiocfaidh puinn feabhais ar an scéal mór mar gur mhaith a thuigeann na polaiteoirí gur chun a leasa féin a chaitheann an duine a ghuth agus ní chun leasa an phobail i gcoitinne.

Is é an locht is mó atá ar an tír ná go bhfuil a muintir go réasúnta maith as. Ní mhaím nach bhfuil fadhbanna móra uafásacha agus lochtaí gan teorainn sa chóras agus ainnise ghránna i measc aicmí áirithe. Táimid ar aon rámh le formhór an domhain rófhorbartha ar an gcuma sin. Agus má tá tú féin réasúnta ceart go leor a Johnny Sheáin Jeaic ar éigean gur chás leat a bhfuil ar an dréimire níos ísle ná tú féin.

Dá mba gurbh í an tithíocht an cheist ba phráinní ní vótáilfí ar son FGFF, an páirtí a shocraigh go bhfágfaí an cúram faoin earnáil phríobháideach. Ach vótáilfear.

Agus dá gcreidfí lándáiríre i ngéarchéim théamh na cruinne, thabharfaí guthanna móra fairsinge do na Glasraí. Agus ní thabharfar.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar