Freagracht ar chách an pobal a chosaint

Is iomaí plé atá déanta ar bhealaí leis an ngalar scriosta coróinvíreas a smachtú agus a chosc

FOCLÓIR: Foláireamh - warning, ráig - outbreak, nigh - wash, réamhchúram - precaution, éigeandáil - emergency, eitinn - tuberculosis, antaibheathaigh - antibiotics, leamh - weak, dithneas - urgency, soghluaiste - mobile, seomraí leithlisithe - isolation rooms.

Is iomaí foláireamh atá tugtha dúinn i dtaobh an ráig-ghalair coróinvíreas le roinnt seachtainí anuas.

Is gá a bheith freagrach as ár sláinte féin. Nigh na lámha go minic. Fan amach ó dhaoine eile agus má bhíonn casachtach ort de shíor, glaoigh ar dhochtúir. Sách éasca agus sách simplí.

Mar is eol do chách faoin am seo, leathnaigh an galar seo ar fud na cruinne le deabhadh ó thús na bliana. Seachas tíortha san Afraic, is beag tír atá fós saor ón víreas.

READ MORE

Fógraíodh go raibh sé ar dhuine amháin sa tuaisceart agus go gairid i ndiaidh sin go raibh duine amháin i mBaile Átha Cliath buailte.

Beagnach láithreach dúnadh scoil amháin i mBaile Átha Cliath. Beart réamhchúraim a bhí ann, a dúradh, tar éis do dhéagóir atá buailte filleadh ón Iodáil, áit a gcreidtear gur tholg sé an coróinvíreas.

Sean-taithí

Is cinnte go mbeidh eagla ar go leor roimh an gcoróinvíreas, agus thuigfeá dóibh, ach is fiú cuimhneamh - agus éigeandáil dá leithéad seo ann - go bhfuil sean-taithí againn mar phobal ar an baol a bhaineann le ráig-ghalair.

Bhí éigeandáil ann sa bhliain 2009. An galar paindéimeach H1N1 a bhí ann an uair sin. Mar “ghalar fhiabhras na muc” ab fhearr aithne air. Bhásaigh suas le 575,400 ar fud an domhain agus díobh siúd, bhásaigh 27 in Éirinn. Ach tá sé ligthe i ndearmad anois

Cuireadh béim an uair sin freisin ar shláinteachas láimhe agus riospráide mar bhealach le scaipeadh an ghalair a mhaolú nó a stopadh ar fad - agus d’éirigh go maith leis na hiarrachtaí sin.

Ach cé go raibh galar na muc sách dona, is dócha gurb í an eitinn an galar is tubaistí a mhaireann fós i gcuimhne bheo na ndaoine.

Fuair na mílte bás in aghaidh gach bliana dhá bharr. Anuas go dtí na 1940dí ní raibh sé de chumas an Stáit dul i ngleic go héifeachtach leis an ngalar.

Achtaíodh an tAcht Eitinne i 1945 agus bunaíodh saináiseanna chun cóir leighis a chur ar fáil. Ar ndóigh, thart faoin am sin a chéad tosaíodh ar antaibheathaigh a olltairgeadh agus a chur ar fáil go forleathan agus bhí baint an-mhór ag na cogaisí sin le ceansú na heitinne.

Cur chuige sách leamh a bhí ann roimhe sin.

Bunaíodh an Roinn Sláinte i 1947 agus chuir an Dr Nollaig de Brún dithneas leis an obair nuair a ceapadh mar aire é an bhliain dár gcionn.

Glactar leis gurb é siúd a chinntigh gur cuireadh an reachtaíocht thuas luaite i bhfeidhm. De dheasca a chuid oibre siúd, obair na mílte oibrithe leighis, éifeacht na n-antaibheathach agus na meaisíní soghluaiste x-ghathanna a raibh feabhas tagtha orthu ag an am sin, cuireadh an ruaig nach mór ar an eitinn.

Faoin mbliain 1968, bhí an cogadh beagnach buaite.

De réir Tuarascáil ar Staidreamh Beatha 1968 bhásaigh 293 den ngalar an bhliain sin. Titim mhór ab ea é seo ón 3,103 a bhásaigh leis an eitinn fiche bliain roimhe sin i 1948.

Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann leis an gcóras polaitíochta agus an cur chuige a roghnaítear chun polasaithe éifeachtacha a chur i bhfeidhm ar leas na ndaoine.

Níl aon cheist faoi ach go bhfuil dian bhagairt ar shláinte an phobail ann anois agus an gcoróinvíreas ag scaipeadh mar atá.

Is iomaí plé atá déanta ar bhealaí leis an ngalar scriosta seo a smachtú agus a chosc.

Deirtear linn go bhfuil dóthain seomraí leithlisithe curtha ar leataobh sa chóras leighis faoi láthair. Tá freagracht ar an bpobal mór freisin agus má thagann ardú ar líon na gcás, iarrfar ar dhaoine atá i mbaol iad féin a scoitheadh amach ó dhaoine eile.

Ról tábhachtach

Tá ról iontach tábhachtach ag an státchóras agus ag an gcóras polaitiúil sa chath seo ach tá deis atá ann freisin, ar an drochuair, do fhórsaí polaitiúla tairbhe a bhaint as an éigeandáil.

Tá Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Dónal Trump tar éis é sin a dhéanamh cheana féin agus é ag cur an milleán ar inimircigh agus na mórmheáin. Is gá a bheith aireach nach dtugtar seans dóibh siúd atá claonta i gcoinne na n-inimirceach an rud céanna a dhéanamh anseo.

Is gá feidhm iomlán a bhaint as gach áis atá le cur ar fáil ag na húdaráis sláinte chun é a smachtú - é sin nó d’fhéadfadh sé dochar as chuimse a dhéanamh do shláinte an phobail - agus do gheilleagar na tíre. Ach, an dóthain é seo?

D’fhoilsigh an t-irisleabhar umráiteach The Lancet alt le gairid a thug le fios go raibh nasc idir líon leapacha atá ar fáil agus an ráta báis de bharr an ghalair.

De réir an OECD ní raibh ach 3 leaba ospidéil in aghaidh gach 1,000 duine sa tír seo i 2017. Bhí 8.1 sa Rúis agus 13.1 sa tSeapáin.

Is gá an difríocht seo a mhíniú.

Braitheann an bealach a dhéileálann rialtas le cúrsaí sláinte agus le héigeandáil mar seo ar dhálaí polaitiúla, socheolaíocha agus eacnamaíocha. Ach, braitheann sé ar dhálaí idé-eolaíocha freisin.

Tá sé seo le sonrú ón méid a infheistítear sa chóras sláinte agus ón líon íseal leapacha atá againn i gcomparáid le tíortha eile.

A fhad agus a dtuigeann na saineolaithe go bhfuil an galar i bhfad óna bheith cloíte glacfar go forleathan leis gur gá bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar an gcogadh ina choinne chun sláinte na ndaoine a chinntiú.

Sea, tá costas ard ag baint le dúnadh na gcalafort, na n-aerfort, na scoileanna, monarchana agus láithreacha oibre eile. Tá costas ard freisin ag baint le mór ócáidí spóirt agus cultúrtha a chur ar athlá nó ar ceal.

Ach tá luach i bhfad Éireann níos airde ar bheatha an duine agus thar chuile rud eile caithfear tús áite a thabhairt do sin.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.