Fear, Bean nó Idir Eatarthu

Clár raidió ar RnaG


“Deirim anois, gur rugadh mé mar pháiste,” sin an freagra a tugadh dom nuair a d’fhiafraigh mé de bhean trasinscneach ar rugadh mar bhuachaill í.

Bhí an t-ádh liom le déanaí gur tugadh deis dom labhairt le roinnt de phobal trasinscneach na hÉireann agus mé i mbun clár faisnéise do RTÉ Raidió na Gaeltachta, Fear, Bean nó Idir Eatarthu.

Níor labhair mé roimhe seo riamh le duine trasinscneach, go bhfios dom, agus is é an rud is mó a thug mé faoi deara agus an clár seo á dhéanamh agam ná, cé go bhfuil gach uile scéal difriúil, go raibh rud amháin comónta eatarthu uilig, is é sin gur airigh siad go raibh siad sa chorp mícheart i bhfad sula raibh siad in ann na mothúcháin sin a chur i bhfocail.

Labhraím le bean a mhíníonn dom céard is ‘passing privilege’ ann agus ‘chasers’. Labhraím le fear tras atá ag sábháil airgid le barrmháinliacht a fháil, is é sin na cíocha a bhaint, agus freisin cloisim ó bheirt dheirfiúr faoin gcaoi ar tháinig duine amháin acu amach don deirfiúr eile.

READ MORE

Ó bheith ag labhairt le baill den phobal trasinscneach, is léir go bhfuil dúshlán go leor rompu in Éirinn ó thaobh an chóras sláinte de agus chearta daonna. Ach thug mé faoi deara an bród a airíonn siad sa phobal agus an chaoi a dtacaíonn siad lena chéile.

Beidh Fear, Bean nó Idir Eatarthu ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Déardaoin, 3ú Eanáir ag 5 p.m.

TREASA BHREATHNACH