Fáilte ná fáilte ní bhíonn roimh an fhoiche


Fáilte ná fáilte ní bhíonn roimh an fhoiche. Cá mhéad uair a chonaic tú duine i mbun cung fú i lár na sráide, iad ag léim ó áit go háit agus a lámha ag batráil an aeir thar timpeall orthu?

Foiche is cúis leis an mhire, gan amhras. Nach aisteach an eagla atá inár gcroí istigh roimh an fhoiche? Tuigeann muid uilig don bheach agus déanann muid ár ndícheall gan dochar a dhéanamh dóibh. Tá daoine ann a choinníonn beacha mar mhaithe le mil. Cá bhfuil an duine a chuirfeadh fáilte roimh nead foiche?

Ionsaíonn muid an fhoiche a luaithe agus a thagann sí chugainn. Tógann muid an nuachtán, an iris, aon rud atá i ndeas dúinn agus buaileann muid linn mar a bheadh Lochlannach le tua ann. Déanann an fhoiche laochra as an duine is cladhartha dínn.

Éiríonn an eagla a luaithe agus a fheiceann muid na dathanna dubha agus buí ag bagairt orainn. Tuigeann muid gur colgach an neach í an fhoiche agus ní bhíonn fáilte rompu sa teach.

READ MORE

Ní bhíonn fáilte ag lucht bialann rompu ach an oiread. Chonaic mé seanphróca folamh suibhe le linn an tsamhraidh ar thábla bialainne. Bhí cúpla orlach uisce ag a bhun agus é lán foichí. Bhí an tsubh á mealladh, á gceapadh agus á ndaoradh chun báis. A luaithe agus a rinne siad teagmháil leis an uisce, bhí a gcosa nite! Ní raibh trua ag custaiméir ar bith dóibh. B’fhearr go mbeadh siad sáinnithe sa phróca ná ag crá lucht an chaifé. Foiche aff!

PÓM