Ealaí ar a suaimhneas idir na sléibhte


Bhí an loch chomh ciúin le linn. Bhí an ghrian le feiceáil go soiléir sa spéir – an chéad uair i mbliana, measaim. Ní raibh néal ar bith sa spéir a bhainfeadh aird an choisí den ghréin. Níl mé ag rá go raibh sé te. Ní raibh. Ach ní raibh sé fuar ar fad ach an oiread.

Thug an ghrian mhór sna hairde gealltanas nárbh fhada go mbeadh teas ann. Lá geal galánta a bhí ann. Bhí Sliabh Speirín le feiceáil go soiléir thiar agus Dubhais – cnoc mór Bhéal Feirste – le feiceáil thoir. Deir Patrick McKay in A Dictionary of Ulster Place-Names go gciallaíonn Dubhais “black ridge/peak”.

Is maith mar a ainmníodh í; ní thiocfadh leat gan í a fheiceáil, fiú agus í 20 inteacht míle ar shiúl. Tá casáin leagtha amach faoi Dhubhais. Má bhíonn tú sa chathair, is mór is fiú dul ag spaisteoireacht ann. Tá radharc ar dóigh ar an chathair, ar thuatha Aontroma, ar an Dún agus ar shléibhte Thír Eoghain.

Ní raibh na healaí ag cur spéise i sliabh ar bith. Bhí tuairim is dhá scór acu ar an loch, idir ar a suaimhneas idir na sléibhte thiar agus thoir. Bhí siad ag Gaeilgeoireacht leo – ggggáááááá.

READ MORE

Cá bhfuil an duine nach smaoiníonn ar Chlann Lir nuair a fheiceann sé eala? Tá dán ag Nuala Ní Dhomhnaill a bhfuil Oidhe Chlainne Lir air.

Ag an fhile an focal scoir faoi na healaí ar an loch idir na sléibhte: “An chaor aduaidh ag soilsiú oraibh ó am go chéile/faid is a bhíonn an ghaoth aduaidh de shíor ’bhur suathadh.”

PÓM