Deis le húrscéal nua Bhreandáin Uí Dhoibhlin a phlé


Tá Breandán Ó Doibhlin ar dhuine de na scríbhneoirí is fearr atá ag saothrú na teanga. Tá fad saoil caite i mbun pinn aige agus is saibhre lucht léitheoireachta na Gaeilge dá bharr sin.

Tá úrscéalta, drámaí, filíocht agus ábhar fealsúnachta scríofa agus aistrithe aige do léitheoirí.

Is é Sliocht ar Thír na Scáth an t-úrscéal is nuaí dá chuid agus tá lá léitheoireachta agus caibidle le bheith ar siúl ar Ollscoil Mhá Nuad leis an tsaothar a phlé, Dé Sathairn, idir 10 a.m. agus 5 p.m.

Beidh cúig sheisiún ar siúl le linn an lae agus ‘stiúrthóir’ a bhfuil saineolas/spéis faoi leith aige/aici i réimse ar leith i mbun na seisiún. Déanfaidh an stiúrthóir cur i láthair gearr ag tús an tseisiúin chun an plé a spreagadh; léifear sleachta as an téacs agus tabharfar cuireadh do na rannpháirithe ar fad, ansin, a gcuid tuairimí a roinnt.

READ MORE

Cuireann lucht na hollscoile fáilte roimh mhic léinn agus roimh an phobal bheith i láthair; ní theastóidh ar an lá ach cóip den leabhar agus toilteanas smaointe a roinnt, de réir lucht a eagraithe. Beidh an Doibhlineach féin i láthair le linn an lae chun ceisteanna a fhreagairt.

Saor in aisce a bheidh na himeachtaí. Cuirfear tae agus caife ar fáil, ach fágfar faoi rannpháirithe a gcuid socruithe lóin féin a dhéanamh. Ní bheidh bialann ar bith ar oscailt ar an champas féin an lá sin ach tá neart bialann, caiféanna agus tithe tábhairne i Má Nuad.

Eolas: tracey.nimhaonaigh@mu.ie.