Dá mba rud é gur sinne a bheadh á rialú

Is deacair do dhuine ar bith glacadh lándáiríre le stát ar bith a bhfuil banríon nó rí á rialú

Ós tuigthe anois nach féidir le Sasanaigh iad féin a rialú, in ainneoin a bhfuil de cheachtanna daonlathais múinte do phobail dhorcha an domhain in aghaidh a dtola acu, b’fhéidir gurbh fhiú dúinn smaoineamh ar mhalairt scéil.

Cuirimis i gcás, abraimis, ligimis lenár n-ais, go díreach mura mbeadh ann ach le teann spraoi, nach iad siúd a cheansaigh sinne, ach a athrach sin timpeall. Dá dhochreidtheacht is atá, sa chás is go mbeadh daonra níos fairsinge againn, cruach agus gual faoi na móinteáin, agus loingeas a sheolfadh sclábhaithe siar ar son earraí aniar, ní cás gan dóchúlacht ar fad é ach samhlaíocht a chaitheamh leis.

Is é barr agus barr an scéil ná go mbeadh siad i bhfad níos fearr as ar gach uile shlí dá mba gur sinne a bheadh á rialú seachas iad féin. Molaim go n-áiteodh Leo seo ar an Maybot.

Ar an gcéad dul amach, dá mba rud é gur sinne a bheadh á rialú, bheadh siad á dtarraingt isteach san 18ú haois againn. D’oirfeadh dóibh a bheith á nua-aimsiriú agus deireadh a chur leis an teaghlach lofa ríogúil, (óir tá gach teaghlach ríogúil lofa) iarsma de na piseoga sin a bhronn draíocht ar dhaoine toisc gur mharaigh a sinsir níos mó daoine ná mar a mharaigh do shinsir féin. Is deacair do dhuine ar bith glacadh lándáiríre le stát ar bith a bhfuil banríon nó rí á rialú san aois seo gan tiarnaí 2019.

READ MORE

Fairis sin, bheadh de bhuntáiste acu go mbeadh deighilt idir an stát agus an eaglais. D’fhágfadh ár riail orthu nach mbeadh ach aon stát amháin fágtha ar domhan inarbh ionann an ceann stáit agus ceann an reiligiúin oifigiúil ann (An Vatacáin, ós tú a fhiafraíonn). Ní ligfí d’easpaig na heaglaise bunaithe (nach mbeadh ann níos mó) suí i Seanad Phoblacht na nUileOileán seo.

Sa chás is go mbeadh siad nua-aimsirithe mar sin agus fuíoll dheiridh na meánaoiseanna caite uathu acu againn, d’oirfeadh dúinn bunreacht scríte a chur siar orthu. Thabharfadh sin níos gaire do bhrollach na haoise seo iad.

Bheadh de bhuntáiste eile nach gcuirfí fir óga na Poblachta nua ag troid i gcríocha aineoil in aghaidh daoine aineoil ionas go dtiocfadh siad abhaile i gcónraí gan eol ar son cúise aineoil nach dtuigfeadh aon duine cúig bliana ina dhiaidh sin. Fág as an áireamh an mhaitheas nach mbeifí ag marú daoine sna gaineamhlaigh thall thairis nár dhein aon dochar riamh dóibh.

Ar leibhéal i bhfad níos laethúla, gan amhras, bheadh taisteal níos saoire go mór ar fud na críche gan chuaird. Bheadh córas taistil poiblí acu mar atá ag formhór de thíortha sibhialta an domhain agus ní bheadh pinginí beaga an allais ag titim isteach i bpócaí ramhra mhuintir na bpócaí ramhra cheana féin.

I gcás an daonlathais de, bheadh córas acu a chomharthódh toil an phobail a bheag nó a mhór. Is é sin, ní fhéadfadh feasta 33.34% de na vótaí gach suíochán a ghnóthú siar amach mar atá acu faoi láthair. Is d’fhéadfaí ceann an stáit a roghnú gan buíochas d’fhuil ghorm ná eile.

Go deimhin, b’fhéidir go mbeadh ar na nuachtáin agus ar na meáin shóisialta gan aird ar bith a thabhairt ar Sparkle Markle ná ar Willie Nillie ná ar Annraoi a Nocht agus díriú ar fhadhbanna na scine sna mórchathracha agus ar an éaogothroime shóisialta agus ar na scoileanna a urlacann amach pribhléidí de thoradh imeachtaí na 15ú/16ú/17ú haoise déag.

Muran stumpaí cabáiste ar fad iad feisirí Shasana, ba cheart dóibh casadh malartach a bhaint as an gceist a chuir John Humphrys ar Helen McEntee: ‘Why don’t you just come in with us and dump the mediaeval trappings?’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar