Cuimhne agus comóradh an Direánaigh

Tá an file ar shlí na fírinne ach maireann an fhilíocht agus na cuimhní cinn


I lár na 1960í agus mé ag staidéar don Mheánteist, bhí go leor dánta le cur de ghlanmheabhair ar an gcúrsa Gaeilge.

Ina measc siúd bhí An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin. Chuaigh an dán sin go mór i bhfeidhm orm de bharr go raibh sé neamhchasta agus go raibh an cur síos ar an saol in Inis Mór fadó, an-taitneamhach go deo:

Fear ag glanadh cré

De ghimseán spáide

READ MORE

Sa gciúnas séimh

I mbrothall lae:

Binn an fhuaim

San Earrach thiar.

Thairis sin bhí an file beo, murab ionann agus tromlach na bhfilí eile ar an gcúrsa.

Rugadh an Direánach i Sruthán, Inis Mór, sa bhliain 1910 ach, nuair a bhí 18 bliain slánaithe aige, d’aimsigh sé post ar an mórthír in Oifig an Phoist i gcathair na Gaillimhe. Ina dhiaidh sin, ghlac sé post sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath, phós sé Áine Colivet agus shocraigh síos i mbungaló ar Bhóthar an Halla Bháin. Bhí iníon amháin acu, Niamh.

Ar nós go leor filí Gaeilge eile, spreag na dánta siollacha agus na dánta aiceanta ar dtús é ach, tar éis don Direánach léamh go forleathan, tháinig sé isteach ar an tsaorvéarsaíocht.

Léirítear cumha i ndiaidh bhaile an deoraí sna chéad chnuasaigh – mar a bhfuil an maoithneachas mar dhlúth agus inneach iontu – ach ní hamhlaidh ar chor ar bith cás na gcnuasach a lean nó tá rian Yeats, Eliot agus Pound féin sofheicthe orthu. Le imeacht aimsire, bhí clú ar an bhfile mar a bhí ar a chomhbhádóirí, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi.

Go luath sna 1980í, agus mé i m'fhile óg, bhuail mé leis an bhfile agus d'éiríomar mór le chéile. É féin a spreag mé chun dul i mbun pinn sa Ghaeilge agus, níos fearr fós, a scríobh an réamhrá do mo chéad chnuasach, Sealgaireacht.

Seanduine ba ea an Direánach faoin am sin agus níorbh fhada go raibh mé ina ‘aide de camp’ aige á thionlacan chun imeachtaí cultúrtha. Ba ghreannmhar an radharc muid: é féin ina fhathach mór creigeach agus mise lena thaobh.

Rinne mé fístéip de scannán Robert Flaherty, Man of Aran, agus thug mé cuireadh do Mháirtín teacht go dtí mo theach chun é a fheiceáil.

Beidh cuimhne bhuan go héag agam den Direánach ina shuí sa seomra suite agus mo bheirt iníonacha óga ag déanamh iontais dá chosa fada, cosa a shín sé siar sa tolg.

‘Togha, a mhac’

Ba mhór agam go ndearna mé staidéar iarchéime ar a shaothar agus mé ag aistriú dánta dá chuid go Béarla. Faoin am seo bhí a bhean chéile básaithe agus é leis féin sa teach.

Nuair nach mbíodh an t-aistriúchán baileach cruinn agam deireadh sé “What are you at, Collinge?” ach nuair a bhíodh sé i gceart bhuaileadh sé a bhosa agus deireadh “Togha, a mhac!”

Thaitin braon seirise leis agus ba mhinic a d’ólaimis le chéile sa Terenure Inn. Bhí greann ann agus bhí go leor scéalta barrúla aige. Cé gur dhóigh le daoine nár thaitin an chathair leis bhí sé sásta go leor ann in ainneoin gur chaith sé anuas ar leadrán agus ar shaol marfach na státseirbhíse.

Fuarthas amach go raibh ailse ar an bhfile i lár na 1980í agus chuaigh sé faoi scian in ospidéal Shráid Bhagóid.

Tharla eachtra ghreannmhar agus an Direánach san ardaitheoir ar a bhealach chun na hobrádlainne.

D’aithin banaltra amháin é agus dúirt: “Tá aithne agam ortsa. Tusa Máirtín Ó Direáin. Theip ar chol ceathrair liomsa san Ardteist mar gheall ar do chuid dánta!”

Thuig sé ansin an clú a bhí air ó roghnaigh an Roinn Oideachais dánta leis don Ardteist.

Tháinig an file chuige féin beagáinín tar éis na sceanairte ach, faoin mbliain 1988, tógadh isteach i dteach banaltrais ar chnoc os cionn na gCloch Liath i gCill Mhantáin é.

Is maith is cuimhin liom gruaim an lae sin i ndúlúchair na bliana nuair a thug mé cuairt air don uair dheireanach.

Ba mhinic a bhí mé féin agus mo mhuintir sa bhaile álainn sin ar laethanta saoire fada samhraidh ach nuair a d’fhéach mé an cnoc anuas an lá sin bhí an fharraige liath garbh agus bhí ceo ar an gcladach thíos fúm.

Tá buanchuimhne agam ar dhuifean an lae sin i mí Eanáir; ní amháin go raibh an aimsir fuar feanntach ach gur inis an Direánach dom go raibh sé ag fáil bháis.

Fuair Máirtín uasal Ó Direáin bás ar 19ú de Mhárta, 1988. Is mór agam go raibh aithne agam ar an bhfathach ciúin seo.

Ba chóir dúinn uile machnamh a dhéanamh ar a línte buanchlúiteacha as Cranna Foirtil:

Coigil aithinne d’aisinge,

Scaradh léi is éag duit.