Cuimhní na Nollag san ardchathair

Imíonn an t-am ach ní imíonn an caidreamh le daoine


Beidh cuimhne chruinn ag go leor daoine a rinne staidéar ar Peig sa mheánscoil ar an tuairisc a thug Peig ar an Nollaig sa Daingean. Agus í in aimsir ansin mar dhéagóir Oíche Nollag. Bhí cumha i ndiaidh baile uirthi ach ba ghearr gur tháinig sí chuici féin ag cur síos ar an eidhneán agus cuileann, ar an arán donn agus bán agus ar na duain bheannaithe a chan na mná rialta sa séipéal áitiúil.

Nuair a bhí an méid seo á léamh agamsa sa mheánscoil bhí trua agam don chailín bocht sin ó Bhaile Bhiocáire, Dún Chaoin, agus bhí mé den tuairim go raibh a saol ainnis an-teoranta – go mórmór um Nollaig. Dar liom go raibh cúrsaí na féile i bhfad Éireann níos fearr agam féin agus ag mo mhuintir.

Agus mé i mo pháiste théadh m’athair suas san áiléar mar a raibh na maisiúcháin Nollag i dtaisce. Tharraingíodh sé aníos mé le lámh amháin agus d’iarradh orm gan siúl ar an bplástar idir na giarsaí.

Chabhraínn féin agus mo dheartháir beag ansin chun na maisiúcháin a chur i bhfearas ar an gcrann Nollag agus na dealbha beaga a chur sa chruib, a thóg uncail linn as sraithadhmad. Ba mhinic nach n-oibríodh na soilse de bharr go raibh na sreanga in achrann ach tar éis do m’athair iad a bhaint ó chéile lasaidís go tobann agus bhíodh gach liú áthais asainn.

READ MORE

Ar scoil bhíodh na hamhráin á gcanadh againn: Bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go léir/Tá Daidí na Nollag ag teacht anuas,/Anuas an simléar.

An lá deireanach roimh laethanta saoire na Nollag, ba bheag ceachtanna a bhíodh ar siúl: bhímis ag cur snasa ar bhinsí agus ar urláir na seomraí ranga. Thugadh na múinteoirí milseáin dúinn agus ba bheag píonós a bhí ann an lá sona sin.

Bhí draíocht ar leith ann i gceol na gcantóirí carúl. Rithimis amach go doras an tí chun a bheith ag éisteacht leo agus chaitheadh ár máthair go fial leis na mic léinn óga, gléasta ina gcótaí geimhridh agus scaifeanna daite.

Thógadh ár máthair isteach go Clerys Shráid Uí Chonaill muid, chun bualadh le San Nioclás agus bhainimis an-taitneamh go deo as dul suas staighre san ardaitheoir a raibh mogall iarainn mar dhoirse air.

Ba í an sméar mhullaigh ansin dúinn lón a ithe i mbialann an ollstóir. Ní raibh ann ach pónairí agus sceallóga ach dar linn, go sásódh an béile féin rí!

Ó ba bhuachaill cráifeach mé, deirinn mo phaidreacha faoi dhó Oíche Nollag de bharr go raibh breithlá Íosa ann! Ní raibh teas lárnach sna tithe ag an am sin agus chuireadh ár máthair buidéal te ceirmeach inár leapacha. Bhíodh pitseámaí nua againn go léir don ócáid.

Ní nach ionadh, dhúisímis go luath maidin lae Nollag agus bhíodh ár stocaí líonta ag San Nioclás: ciarsúr daite; oráiste; pinn luaidhe dhaite agus bronntanais bheaga eile nach iad. Dá mbeadh an leagan bliantúil den Beano nó den Dandy fágtha ag San Nioclás, léimis faoi na blaincéid iad faoi sholas tóirsí.

Bhíodh Mamó sa teach ar cuairt lá Nollag agus, le linn dinnéir ghuíodh sí sláinte agus sonas orainn uile sula mbíodh na deora léi agus í ag caoineadh ghaolta a bhí ar Shlí na Fírinne. Bhíodh mé féin agus mo dheartháir ag scigireacht os íseal; mar b’aisteach linn na deora sin agus muid chomh sona sásta an lá aoibhinn úd, muid dall ar chruatan an tsaoil.

Trí scór bliain ina dhiaidh sin is maith a thuigim deora mo Mhamó. Bhainfeadh cora crua an tsaoil deora asam féin ó am go chéile ach a mhalairt ar fad atá an Nollaig ar na saolta seo. Féach páistí an lae inniu sáite i dtáibhléidí nó fón cliste agus na céadta euro á gcaitheamh ag na tuismitheoirí ar bhronntanais den chéad scoth nó saoire gheimhridh sa Laplainn.

Fógraítear an Nollaig i bhfógraí teilifíse ón tSamhain amach agus cuirtear brú as cuimse ar theaghlaigh suas le €1,000 a chaitheamh i rith na féile. Feictear ‘sléibhte’ de channaí beorach agus de bhoscaí seacláide sna hollmhargaí.

Uaireanta bíonn sé deacair féin bronntanais a cheannach do pháistí a bhfuil raidhse de bhréagáin acu cheana féin ach ná déanaimis dearmad orthu siúd atá gan dídean agus iad ina gcodladh amuigh faoin aer ar shráideanna fuara ár gcathracha. Chun a gcearta a thabhairt do na cumainn charthanachta bíonn dídean ar fáil do na créatúir bhochta sin agus béile breá lá Nollag ach is réiteach teoranta é sin féin ar fhadhb iad siúd gan chónaí.

Agus céard faoi Pheig Sayers? Cé go ndeir na mílte daoine nach raibh siad róthógtha le béal bocht beathaisnéis na mná céanna, caithfimid a admháil gur scéalaí den chéad scoth a bhí inti a thug cuntas cruinn, ní amháin ar Nollaig na bliana 1886, ach ar shaol an Bhlascaoid Mhóir i gcoitinne.

Go ndéana Dia trócaire ar a hanam dílis.