‘Creidim go bhfuil laethanta geala amach romhainn mar scríbhneoirí’

Bhain an leabhar Nóinín gradam ‘Leabhar na Bliana’ amach ag na mórghradaim litríochta ‘KPMG Leabhair Pháistí Éireann’ le gairid. Labhair Tuarascáil leis an t-údar, Máire Zepf.

Foclóir: Comghairdeachas - congratulations, físghlaoch - video call, aitheantas - recognition, dóchas - hope, barróga - hugs, ardchaighdeán - high standard, bomaite - minute, Fomhar - autumn.

Comhghairdeachas ó chroí leat as an ngradam Leabhar na Bliana a bhuachan. Cá raibh tú nuair a chuala tú faoi agus ar chuir sé ríméad ort?

Cosúil le gach rud mór a tharlaíonn na laethanta seo, chuala mé an nuacht ar fhísghlaoch Zoom! Ba mhór an t-iontas dom é agus ba ollmhór an t-ardú croí é.

Seo é an chéad uair ag leabhar i nGaeilge an phríomhdhuais a bhuachan, céard é do mheas ar sin?

READ MORE

Nuair a bhris an nuacht, ba bheag nár phléasc m’fhón le teachtaireachtaí ceiliúirithe agus tacaíochta ó gach cearn den tír agus den Domhan fiú. Ba léir gur mhothaigh pobal na Gaeilge gur aitheantas é anseo ar chaighdeán na foilsitheoireachta Gaeilge, agus ag an am céanna gur ábhar dóchais dúinn é mar phobal go bhfuil mór-dhuais mar seo bainte amach againn.

Arbh ait é dar leat an duais a bhuachan agus an ráig ghalar fós inár measc? Tá a fhios agam go raibh tú féin tinn - ar mhúscail an nuacht do mhisneach nuair a chuala tú faoi?

Ba mhór an trua ar bhealach gur i rith pandéime a bhuaigh mé an duais. Ach ab é sin, bheadh lá mór againn i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh le chéile le seaimpéin agus barróga.

Ach, mar a dúirt tú, bhí cuid mhór tinnis le fulaingt againn féin sa teach anseo le cúpla mí anuas, agus mar sin, bhí an nuacht seo níos milse ná riamh. D’ardaigh sé ár gcroíthe.

Cén uair ar chuir tú suim sa scríbhneoireacht?

Bhí suim agam i gcónaí sa scríbhneoireacht, ach thosaigh mé ag scríobh ‘do dhaoine eile’ thart faoi deich mbliana ó shin. Bhí mé sa bhaile le páistí go lán-aimseartha agus thosaigh mé ag scríobh colúin (In Ainm na Máthar) don iris An tUltach. Bhí mé gafa leis ó shin, ag scríobh leabhar do gach aoisghrúpa, ó naíonáin go déagóirí.

Inis dom faoi Nóinín, cá bhfuair tú an smaoineamh don leabhar?

Tá mé i mo chónaí le scaifte déagóirí. Is dóiche gurb iadsan agus na ceisteanna lena mbímid ag plé go laethúil a bhí taobh thiar den leabhar seo. Insíonn an leabhar scéal dorcha faoi Nóinín - déagóir cúthail a thiteann i ngrá le buachaill a chasann uirthi ar an idirlíon. Baineann sé le mealltóireacht ar líne, le cairdeas, grá, freagracht agus locht. Tá na téamaí trom, go háirithe i gcomparáid leis na leabhair eile atá scríofa agam do pháistí níos óige. Sílim gur chuir sé iontas ar go leor daoine gur scríobh mé an leabhar seo!

Inis dom faoin bpróiseas scríbhneoireachta, ar scríobh tú go tapaigh é, nó píosa ar phíosa?

Bhí go leor taighde le déanamh agam ar dtús sula dtiocfadh liom luí isteach ar an scríbhneoireacht féin, agus ghlac sin roinnt ama orm. Ansin, dhírigh mé ar an modh scríbhneoireachta. Bhí a fhios agam gur mhaith liom é a scríobh mar úrscéal véarsaíochta - is é sin i bhfilíocht ó thús go deireadh - ach bhí an cur chuige sin úrnua dom chomh maith, mar sin bhí cuid mhaith chleachtaidh de dhíth orm.

Moladh an saibhreas fileata teanga agus na tagairtí do mhiotais na hÉireann atá sa leabhar. Agus téamaí téagartha tráthúla chomh lárnach sin agat ann, an dúshlán ar leith é scéal agus ábhar mar seo a chur in oiriúint do dhaoine óga?

An dúshlán is mó a bhí agam ná cén dóigh chun an scéal seo a insint sa bhealach is nach sílfeadh déagóirí go raibh mé ag iarraidh ceacht a theagasc díofa. Ach chuidigh an saor véarsaíocht go mór liom ansin, sílim - cuireann sé an léitheoir i gcroí an aicsin ar bhealach speisialta.

Ainmníodh Áine Ní Ghlinn mar Laurete na nÓg le gairid agus bhuaigh tú féin Leabhar na Bliana. An bhfuil borradh ar leith faoi scríbhneoireacht na Gaeilge faoi láthair?

Ar ndóigh is aitheantas iad na rudaí sin ar fad ar an ardchaighdeán foilsitheoireachta atá bainte amach againn le blianta beaga anuas. Ach is comharthaí dóchais iad chomh maith, agus spreagadh dúinn chun tuilleadh a bhaint amach. Creidim go bhfuil laethanta geala amach romhainn mar scríbhneoirí, foilsitheoirí, oideachasóirí agus léitheoirí na Gaeilge agus go gcaithfidh muid bheith sásta an obair a chur isteach chun an fhís seo a chur i gcrích.

An dóigh leat go bhfaigheann scríbhneoirí na Gaeilge dóthain tacaíochta agus aitheantais ó na meáin?

Is iontach an taca iad meáin na Gaeilge, nó a bhfuil ann díofa. Ó thuaidh, tá leithéidí Meon Eile, BBC Gaeilge, Raidió na Gaeltachta agus Raidió Fáilte - tá siad fuinniúil, freagrúil. Mar an gcéanna le tuairisc.ie, Nós, Raidió na Life agus cuid mhór eile ar fud na tíre.

Bíonn sé níos deacra bheith feiceálach sna meáin Bhéarla, áfach.

Tá bac, nó deighilt éigin ansin a choinníonn amach ón ‘phríomhshruth’ muid.

Is minic go mbíonn sé deacair teacht ar leabhair i nGaeilge i siopaí leabhar - cén fáth, dar leat, atá leis seo agus an dóigh leat b’fhéidir go gcabhróidh an duais a bhuaigh tú é seo a athrú?

Bíonn na siopaí móra - na siopaí sraithe - ag smaoineamh go bunúsach faoi bhrabach sílim agus bíonn drochthionchar ag seo ar rogha na leabhar. Ach caithfidh mé a rá go bhfaca mé féin rud fíor-shuimiúil maidir le Nóinín ach go háirithe - is é sin go bhfuil cuid mhór daoine ag léamh an leabhair nach léann trí mheán na Gaeilge de gnáth. Daoine nach bhfuil líofa fiú, agus iad ag úsáid foclóra. Tá gluais den leabhar déanta anois ag leabharlanna JCSP (clár tacaíochta do mhúinteoirí an Teastas Sóisearach) chun cuidiú leo chomh maith. Tá súil agam go meallfaidh an duais níos mó daoine i dtreo na léitheoireachta Gaeilge.

An bhfuil aon ghné eile den scríbhneoireacht gur mhaith leat tabhairt faoi?

Ba mhaith liom úrscéal véarsaíochta nua a scríobh. Bhí sin ar intinn agam cheana féin sular bhuaigh mé an duais seo, ach anois tá mé cinnte faoi! Tá mé ag obair ar script do scannán beochana don chéad uair riamh, ar ghearrscéal agus ar a thuilleadh pictiúr-leabhar. Is leor sin don am i láthair!

An bhfuil sé róluath a bheith ag smaoineamh ar do chéad leabhar eile?

Tá an chéad leabhar eile, Rita (an 6ú sa tsraith) scríofa agam cheana féin agus tá Andrew Whitson ag obair ar na maisiúcháin faoi láthair. Beidh sin ag teacht amach san Fhomhar. Ach ag an bomaite tá muid ag ceiliúradh pictiúr- leabhair nua bhruite a tháinig ar an saol i rith an dianghlasála. Leabhar darbh ainm 'Míp' - maisithe ag Paddy Donnelly agus foilsithe ag Futa Fata. Scéal faoi róbat a théann go Mars ar thóir eachtraí.

Tá Nóinín, le Máire Zepf, foilsithe ag Cois Life.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.