Comóradh Ceart

Ba chuige an stát dínit a thabhairt dúinn inár mbeatha shaolta agus inár mbeatha idéalaíoch

Táimid ag druidiúint cóngarach go leor do chomóradh céad bliain an stáit Éireannaigh ó dheas. Ní léir go bhfuil sé i gceist aon ráiteas mór glórmhar a dhéanamh ina leith. Go deimhin deimhnitheach, ba dhóigh leat go bhfuil na húdaráis leithscéalach gur bhain ár stáitín a saoirse amach in aon chor. B’fhearr leo nár ghá dul i ngleic leis an tslí gur ráinig ann dúinn.

Fágtar é sin i leataoibh na slí go fóill beag, ba ghníomh gaisciúil amach is amach é cumhacht an himpireachta b’fhairsinge ar domhan gona dtancanna is gona ngunnaí gan chrích a thabhairt chun an bhoird réitigh. Agus ba ghaisciúil an gníomh gur baineadh saoirse amach don chuid is mó den tír.

Mo thuairim gur mar sin d'fhormhór na dtíortha ar domhan a d'éalaigh ó chrúcaí impireachta lofa ar bith, bíodh sin ina impireacht Rúiseach, Fhrancach, Ottamanach, Bhriotanach nó cibé, gur chúis áthais agus ghairdeachais dóibh é. Tar éis an tsaoil, is é is brí le himpireacht ná go mbeadh an pobal cloíte ina sclábhaithe duit, ina dtráillithe, ina ngéillseanaigh den dara grád. Níl sin róchasta, an bhfuil, ar eagla nach raibh a fhios agat?

Is é is brí le bheith id ghéillseanach d’impire nó do rí nó do bhanríon ar bith ná gur féidir leat a bheith seacht míle acra agus cúpla billiún cillín intinne níos géire ná an dúradán a fuair oiliúint sa scoil is mó saibhris sa mháthairthír, agus ní tú a gheobhaidh cothrom an tsaoil. D’éirigh leis an réabhlóid Éireannach, ar a laghad, cothrom ar an ndréimire a thabhairt dúinn.

READ MORE

Ach níor chuige sin an stát. Ba chuige an stát dínit a thabhairt dúinn inár mbeatha shaolta agus inár mbeatha idéalaíoch. Níor baineadh iomláine na mbáirí sin amach riamh agus ní bhainfear a choíche ná go deo. Dá mbainfí idéal ar bith amach go deo déanach, gheofaí bás le leamhas.

Ach níl gar dá shéanadh, agus tá á shéanadh gach lá riamh, ó sheanaontachtóirí nár imigh riamh, ó eagarfhocail an nuachtáin seo agus an inidipindint, ó nua-impiriúlaigh na meán sóisialta, ó staraithe nár léigh Dáibhí Ó Bruadair ná Raiftearaí riamh, ó éágain neamheabhracha ar líne, ó ghamail nár shínigh a tuiscint níos sia amach ná Brighton pier, ó dhaoine ar chóir go mbeadh eolas níos fearr acu, go gceaptar gur theip ar an stáitín beag seo.

Níor theip.

Tá an stát againne ar cheann de na stáit is fearr dar éirigh leis riamh ar chlár an domhain bhraonaigh seo.

Is chuige sin is cóir a bhfuil déanta agus bainte amach againn a chomóradh gan cheann faoi, gan náire, gan dul i bhfolach, gan leithscéal.

Conas is fearr é sin a dhéanamh, sa chás is gur mhian linn é?

Mar chomóradh céad bliain ar shaoirse na Fionlainne thógadar leabharlann i lár na cathrach Helsinki. Smaoinítear air, leabharlann a thógáil nuair atáthar ag iarraidh deireadh a chur le leabhair i scoileanna na hÉireann!

Foirgneamh mór ealaíonta a bhfuil an taobh amuigh de ar nós muisiriúin atá ag claonadh i dtreo an talaimh ar leith amháin agus ar bulgóidí aníos anuas iad ar an dtaobh istigh. Is cuma nó pálás faisnéise agus foghlama é don phobal nach bhfuil bac ná teir ar aon fhoinse taighde ann, ach a bhfuil an seanleabhar eolasach samhlaíoch fós ina lár. Is ann a ghabhann muintir na hardchathrach chun cabaireachta, chun caifé, chun comhchaidrimh.

Ní mhaífinn go leanfaimisne tír nó eiseamláir ar bith eile. Ach in ionad máirseáil na haonuaire trasna ar Ardoifig an Phoist agus ráiteachais fholamha na bpolaiteoirí bána gona gclíséanna nach gcreideann siad féin iontu, cad ina thaobh nach ndéanfaimis beart éigin a chomórfadh agus a cheisteodh a bhfuil bainte amach againn ó leagamar na slabhraí ar lár?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar