Ceist, cé cheannódh oileán?

Ar shlí is cuma nó faisean é i measc an aosa ollairgid gan teorainn

Ceapadh ar tús gur scéal grinn a bhí ann. Ceapadh gur le magadh a bhí Trumpa na bhFlaitheas nuair a luaigh sé gur theastaigh uaidh an Ghraonlainn a cheannach. B’fhéidir nárbh iontas é sin ó dhuine a shíleann gur ceannach agus díol is ea an saol go léir, ach ansin, nach gceapann an domhan caipitlíoch fad a ritheann gur ceannach agus díol is ea an saol go léir?

Ní rud uafásach ann féin é oileán a cheannach. Ar shlí is cuma nó faisean é i measc an aosa ollairgid gan teorainn. Cheannaigh Nicholas Cage oileán Leaf Cay sna Bahámaí, agus Celine Dion Ile Gagnon in Quebec, agus d’fhonn a léiriú nár bhain an ráig seo oileáin a cheannach le hilmhilliúnaithe an scáileáin amháin, tá inis bhréige gan ainm ag Michael Schumacher in Dubai.

Ar a laghad i ngach aon chás díobh sin ní raibh daoine le díbirt sul ar chuaigh na billúnaithe i gceannas a ríochta. Murarbh ionann agus muintir na n-oileán Chagos a dhíbir an Bhanríocht Aontaithe leathchéad bliain ó shin ar son go bhféadfadh an US bunaíocht mhíleata a lonnú ann. Glacaim leis go bhfuair an bhanríon agus a cuid airí lab dollar ar son na díbeartha.

Is mó sin oileán in Inse Gall na hAlban a bánaíodh ar son seilbhe tiarna talaimh aneas éigin agus a chuid caorach. Abraimis Eilean Rúm, mar aon tsampla uaigneach amháin de na dosaein gan áireamh. Ar a laghad tugadh fógra bliana dóibh, murab ionann agus go leor eile, ach níor fhág sin nárbh éigean dóibh an bád bánaithe a thabhairt go dtí Nova Scotia sa bhliain 1826. Cuireadh 8000 caora dhubh ina n-áit, agus níor tada a méileach siúd le hais méileach na ndaoine a fuadaíodh as. Tháinig tiarnaí agus marquessachaí agus vischuntachaí agus úinéireachaí monarchanaí ina ndiaidh ar leo an t-oileán, ach ba chuma riamh na daoine.

READ MORE

Agus sin é cnó na ceiste. Is róchuma sa riabhach leis an dTrumpa faoi mhuintir na Graonlainne, beag ná mór ná idir eatarthu. Is é ‘an t-eastát réadach’ an buachaill agus an t-aon bhuachaill amháin, agus an cailín gleoite, agus an bhean ar an sliabh agus an fear sa chistin agus an boc ar an gcapall agus an chailleach san fhéar fada agus an t-aon dornálaí amháin a mheánn i gcluiche mór an airgid agus na cumhachta. Ná tógtar an méid sin air mura gceapann tú a mhalairt.

Gan amhras anonn bhí ár gcuid úinéirí oileán féin againn. Abraimis Cathal Ó hEochaidh a bhí ina rí ar an uaigneas ar Inis Mhic Aoibhleáin. Níl scéalta na háite sin inste fós, ach is féidir linn iad a shamhlú. Agus tá an t-úrscéal ‘Beatlebone’ le Kevin Barry againn atá suite, nó saghas suite ar Dhairinis, ar ceann de na milliúin oileán a thuirling ar Chuan Mó é, agus ar lorgaigh John Lennon fos ann nuair nár fhéad sé a chuid airgid a chaitheamh. Agus dá éamais sin, díoladh Inis Mac Neasáin amach as cósta Bhaile Átha Cliath le cúpla lá anuas.

Ba dhóigh leat gur ar an gcuma sin a d’fhéach an Trumpa ar an nGraonlainn trína chuid spéaclaí airgid agus sainte. B’fhéidir, leis, gur cuid de leathnú agus de chraobhú na Stát Aontaithe riamh é; tar éis an tsaoil is ag at is ag borradh atá siad ó chéadleagadh laidhricín coise ar ghaineamh an fhearainn ar leo anois é.

Ina dhiaidh sin is uile, tharlódh nach cnoc oighir go spéir é. Cuir i gcás in ionad na críche ar fad a cheannach dá bhfaigheadh na Trumpaigh tigh deas cluthair ar thaobh na fothana dóibh féin sa Ghraonlainn in Kangurlussuag nó in Arsuq nó Goleormiut nó Komoffitgut agus fanúint ann go héag, nár mhór an gar é don chine daonna?