Caithfidh muid labhairt faoin ghréin


Caithfidh muid labhairt faoin ghréin. Ní minic a bhíonn sí againn ach caithfidh muid í a cheiliúradh nuair a bhíonn.

Tá an oiread sin tagairtí ag Ó Dónaill don ghréin gur bhain sé preab asam. Nach pobal fearthainne agus fuachta muid?

Seo roinnt línte thar a bheith saibhir faoin réalta sin nach mbíonn le feiceáil chomh minic sin sa tsamhradh agus a ba mhaith linn: an ghrian ag éirí, ag soilsiú, ag dul faoi, the sun rising, shining, setting; Tá an grian ar an aer, ar an spéir, the sun is on high; Fad is a bheidh grian ar an aer, ag dul deiseal, ‘whilst the sun remains in the sky, on its course’, to the end of time; An ghrian a thabhairt abhaile leat, to get home before sunset; Níl a shárú faoi rás, faoi rothaí, faoi luí, na gréine, there’s nothing better than it under the sun; Síleann siad gur as a cheann atá an ghrian ag fás, they see in him the glory of the sun, think the world of him.

(Agus tabhair faoi deara gur ‘ceann’ atá ansin!)

READ MORE

Tá aidiacht ag Ó Dónaill fosta: grianach, sunny, cheerful, pleasant.

Agus, faoi dheireadh ar fad, cúpla líne le cur síos a dhéanamh ar nósanna daoine agus an ghrian sa spéir: tú féin a ghrianadh, to sun oneself nó grianadh a thabhairt duit féin, to bask in the sun.

Sea, sin rud nach ndéanann an cineál rua. Seachnaíonn muid an ghrian oiread agus is féidir.

Ní duine grianach mé agus an ghrian ag soilsiú!

PÓM