Cad iad na prionsabail a bhaineann le saoránacht a bhaint de dhuine?

Nárbh fhearr go mór prionsabal leathan a leagadh síos a bheadh réasúnta agus inchurtha i bhfeidhm?

Bhain an tAire Dlí (agus Cirt) saoránacht na hÉireann d’Ali Charaf Damache anuraidh. Is ar an mbonn gur thug sé tacaíocht do sceimhlitheoirí Ioslamacha a dhein sé sin agus gur shéan sé ina ghníomh ‘an mionn dílseachta a thug sé do náisiún na hÉireann agus do Stát na hÉireann’ dá réir.

Rud tromchúiseach is ea saoránacht a bhaint de dhuine, ar an gcuma chéanna é gur rud tromchúiseach is ea saoránacht a bhronnadh. Is mó sin duine gan áireamh atá ag cur a mbundún amach - agus nithe is measa ná sin - ar son páirtíocht sa stát seo a thuilleamh. Ní móide go mbíodh sheikheanna saibhre na ngaineamhlach ag tál na milliún ar son pas na tíre tráth dá raibh, nó go mbeadh éileamh chomh dian sin ar fhoirmeacha ar son an phais chéanna ar Bhóthar na Seanchille féin.

Is í an cheist atá ann, cad iad na prionsabail a bhaineann le saoránacht a bhaint de dhuine ar bith? Nó an bhfuil prionsabail ar bith ann? Cheithre mbliana anois ó shin chuaigh saoránach Éireannach eile, Joshua Molloy, chun troda ar son an YPG, nó Aonaid Chosanta Mhuintir na gCurdach. Tar éis a ghafa, agus ansin nuair a ligeadh saor é, d’fháiltigh an tAire Dlí (agus Cirt) céanna roimh a fhuascailt. Ní raibh aon chaint ann ar a shaoránacht a bhaint de.

Beidh sé soiléir go maith cad ina thaobh sin. Is beag duine a mhaífeadh nach dream barbartha gránna iad formhór gach géag d’ISIS, agus go bhfuil éileamh cóir éigin ag na Curdaigh ar stát dá gcuid féin. Níl aon chorraíl mhór abhus, gan amhras, ar son an éilimh sin a fhíorú, ach scaoilimis an fhimíneacht sin tharainn go réidh bog ar chúla téarmaí.

READ MORE

An é go díreach go bhfuil sé chomh simplí sin, gur maith linn gluaiseacht mhíleata amháin, agus gur gráin linn ceann éigin eile? Cuir i gcás go raibh cogadh cathardha na Spáinne ar siúl inniu, an é go mbeadh sé ceart go leor dar le FG troid ar son Franco go léineghoirmiúil ach go mbainfí saoránacht na tíre de dhaoine a bhí ag troid sna Briogáid Idirnáisiúnta ar son an rialtais dhleathaigh? Agus dá mbeadh rialtas FF i gcumhacht go mbeadh sé ócé troid ar son an rialtais dhleathaigh agus saoránacht a bhaint…ach tá ag teip ar an tsamhlaíocht anseo.

Tá an domhan amuigh breac le feachtais treallchogaíochta, le buíonta éagsúla ag cur in aghaidh rialtas agus cumhachtaí agus deachtóirí agus uaslathach agus uaisle agus ardbhoc atashéite i ngach aon chúinne den chruinne chuarach. Bíonn clostrácht éigin againn ar al-Qaeda agus al-Aqsa agus Farc agus Boko Harúm, agus cá bhfios, an Janjaweed féin, ach ár gcluasa a bheith beagán ar oscailt. Ach is cinnte go bhfuilimid dall ar cad tá ar bun ag an Davanoye, ag Fronta Saoirse Orono, ag an FALZ, MRTA, ASG, GRAPO, POQO, DUPO, FFO…

B’é dícheall aon duine nó dícheall na Roinne Gnóthaí Eachtracha (agus Trádála) féin ceart agus éigeart gach buíne díobh seo a roiseadh ó chéile. An dream atá mídhleathach inniu thiocfadh dóibh a bheith i mbun rialtais amárach.

Nárbh fhearr go mór prionsabal leathan a leagadh síos a bheadh réasúnta agus inchurtha i bhfeidhm?

Cad mar gheall air seo? Aon duine a ghabhann chun troda ar son airm eachtrannaigh ar bith ba cheart an tsaoránacht Éireannach a bhaint de.

Ba chóir go réiteodh sin gach fadhb ar a simplíocht is ar a neamhchastacht. Tar éis an tsaoil, má ghabhann duine chun cogaidh ar son tíre/gluaiseachta eile tá a dhílseacht ‘do náisiún na hÉireann agus do Stát na hÉireann’ séanta aige - i bhfocail an Aire.

Nílim ach ag iarraidh cabhair a thabhairt.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar