Cad é a rinne an tAontas Eorpach dúinn riamh?

Tá an tAontas Eorpach trí scór bliain ar an saol polaitiúil


Tá an tAontas Eorpach/An Comhphobal/An Cómhargadh trí scór bliain d’aois.

Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag meath, fiche bliain…?

Beidh cuimhne ag daoine áirithe ar an gceist sin a cuireadh sa scannán úd The Life of Brian: "What have the Romans ever done for us?", agus nuair a tugadh freagra, deir an ceisteoir: 'Ceart go leor mar sin, i leataoibh ó chóras sláinte, míochaine, oideachas, fíon, ord poiblí, uisce reatha, bóithre, ospidéil, leigheas, seachas iad sin, cad é a dhein na Rómhánaigh riamh dúinn?'

Dob fhéidir an fhiafraí chéanna a chur faoin Aontas Eorpach agus a shinsir bheannaithe siar.

READ MORE

Is fíor go raibh gach aon earra sibhialtachta díobh sin thuas againn sular chlasaíomar leis na buachaillí móra, agus leictreacheas chomh maith, agus gluaisteáin, agus daonlathas, agus leithris taobh istigh fiú amháin.

Is í an tsíocháin an chéad bhua a mhaítear. Is fíor nár ghabh an Phrúis agus an Fhrainc ag pleancadh a chéile ar pháirc an áir ó shin, ach is é is dóichíde gur saoirse na tuirse a bhí anseo, saoirse den tsaghas a leathnaigh ar fud na hilchríche tar éis don Impire Bónaparte a chuid mísce a dhéanamh. Is é sin, bhí fonn na fola diúgtha faoi dheireadh.

Níor chuir sin aon stop le hairm sin na hEorpa a gcuid innealra báis a thabhairt ar deoraíocht leo.

An fiú liosta a dhéanamh de na tíortha sin a raibh airm Eorpacha gníomhach iontu (lasmuigh den Eoraip) le leathchéad bliain anuas?

Bhuel, An Iaráic, an tSiria, Mali, an Cote d’Ivoire, an Afganastáin, Libia, Gabon, Senegal, Poblacht Lár na hAfraice, Congó nó Congó eile, an tSomáil, Angola, An Chéinia…ach tá páipéar gann.

An chúis go raibh mo leithéidse riamh anall amhrastúil faoin ‘Eoraip’ seo ná an oidhreacht choilíneach seo, oidhreacht stairiúil ar leith amháin, ach fírinne an lae inniu chomh maith céanna.

Ach an chaoi a bheith ar fáil, agus all the fine young men a bheith ann, bheadh gunnaí Lúnasa 1914 réidh ullamh arís, cé go mbeadh a n-aire dírithe ar fine young men agus cách eile i mbaill i bhfad uainn soir ó dheas.

Is róbhaol an nasc neamhscríofa seo idir geafair stiúrtha NATO agus barúin bheaga bhoga na polaitíochta Eorpaí a thuigeann go maith nach cumhacht go cumhacht airm.

Ní mór ná gur glac agus ordóg iad NATO agus Tánaistí na dtíortha ar an ilchríoch. Pian sa phrumpa is ea sinne agus cúpla beach eile nach bhfuil toilteanach an pósadh deiridh a dhéanamh.

Má tharlaíonn choíche go mbeidh orainn luí síos leis na striapaigh allúracha a bhfuil a n-aghaidh soir agus ó dheas acu mar a bhí ag a sinsir san 19ú haois, beidh gach dar sheasamar riamh dó mar phoblacht neamhspleách dingthe sa chiseán bruscair.

Ós rud é, áfach, go raibh an colún seo riamh meáite agus measartha, agus meánach, agus gan a bheith claonta, is gur thug sé cothrom na Féinne do chách agus do chac, bheadh éagórach gan creidiúint éigin a thabhairt don Eoraip álainn mhaorlathach nuashnasta.

Tá na bóithre nua a chabhraíonn le muintir Chiarraí teicheadh abhaile go beo tar éis dóibh craobhchluiche eile a chailliuint.

An córas ionmhalartach sláinte a fhágann go bhfuil tú i dteideal cár nua fiacla a fháil in Bod na Péiste ar chostas aon stoitheadh amháin i gCorcaigh.

Scéim bhreá Erasmus a thugann deis do mhic léinn na hEorpa an méid nach ndéanfadh siad sa bhaile a dhéanamh abhus, agus a athrach sin timpeall.

Gan amhras ar bith, áfach, is mór an feabhas a chuirfidh imeacht na Banríochta saghas Aontaithe ón ‘Eoraip’ ar gach gné den scéal.