Cérbh é Muiris Mac Conghail?

Sliocht é seo as aitheasc a thug Breandán Feiritéar ar ócáid cheiliúradh shaol Mhuiris Mhic Chonghail

Foclóir: cúram - responsibility, fo-theidil - subtitles, flosc - zest, dílseacht - loyalty , farae - in the company of, craoladh - broadcast, puinn - not much, giotaí - bits, greann - fun.

Síos linn faoi na fo-theidil seo anois - agus cén Muiris atá le fáil againn thíos ann?

Na focail a shamhlaím le Muiris ná iad seo:

Flosc,

READ MORE

díograis,

fiosracht,

slachtmhaire,

sult,

maoithneachas

agus dílseacht.

Fiú is gan é ach i mbun cruinnithe bhuaileadh sé isteach le flosc agus le fuinneamh. Bhíodh faghairt ina aghaidh agus ina shúile agus bheadh a fhios agat do raibh obair agus cúram ar leith déanta aige fá choinne an chruinnithe seo cheana, roimh-ré. Bheadh aon téacs leis go slachtmhar leagtha amach agus ann bheadh greann chomh maith leis an ndáiríre.

Bhíogadh aon ugach nua feasa ar aon scéal nó téama é. Ba bhreá leis allagar agus díospóireacht a dhéanamh faoi; allagar a bheadh rí-mhinic go crua cealgánta - agus dá chealgánta a bheadh an argóint is ea is fearr a thaithnigh leis.

Bhíodh an rann úd ar a theanga a deir:

Boige le boige go mbraithfear do dhuine,

Mar a ghearrfaidh sé chugat gearraigh-se chuige,

Dá scoiltfeadh sé ribe é a scoltadh ina choinne!

Ná feic a bhfeicir agus ná clois a gcloisir

Is má fiafraítear díot, abair ná feadairís.

Má thug sé cúram le déanamh duit, d’fhan se ceangailte leis an gcúram. Ba shuim leis mar a bhí ag éirí leat nó a mhalairt agus níorbh leasc leis cabhair a thabhairt duit nó a lorg duit.

Níor fhág sé riamh uaigneach i d’aonar tú leis an gcúram. Ba chara dhó gach n-aon dá leag sé cúram air nó uirthi agus níor chríochnaigh a chairdeas ar a cúig a chlog - ná ar an Aoine - ná lá saoire bainc nó aon lá suaithinseach eile.

Ar bhonn pearsanta bhí sé féin - agus a theaghlach ar fad go deimhin - fíor dhílis de shíor. Chosnófaí tú - fiú agus fios agat féin chomh maith le cách nach agat a bhí an ceart ar do thaobh. Nuair a cháinfí cara ós a choinne sé an freagra a bheadh uaidh go simplí, díreach agus go dílis ná - is cara liom é.

Bhí giotaí as leabhra litríochta agus as agallaimh le daoine agus as cláracha a craoladh de shíor dá n-aithris agus dá ath-n-aithris aige. Siar i dtús na seachtóidí bhíodh argóintí idir mé féin agus é féin faoi phearsantacht Thomáis Uí Chriomhthain - údar Blascaodach An tOileánach.

B’é mo thuairimse gur fear ró-dháirire, milleánach uaireanta agus gur fear gan greann é. Níorbh shin é tuairim Mhuiris. “Fear breá lán de spleodar ab ea é,” a deireadh sé!

Tharlaigh gur chuireas agallamh le craoladh ar Sheán Ó Criomhthain, mac Thomáis, agus chuireas mo thuairim i leith a athar chuige.

Sé an freagra a fuaireas go díreach ó Sheán ná seo:

“Cé hé! Fear suilt ab ea é!” Freagra a thaitin go mór le Muiris.

Ariamh ina dhiaidh sin aon uair a ghlaoigh Muiris orm ar fón nó eile;

Déarfainn: Haló; chloisfinn “ Conas tá an fear suilt? Chugam ar an líne.

Ba é an blúire ba choitianta ar a bhéal ná giota as an leabhar An tOileánach féin leis an gCriomhthainach;

Cuireann Tomás Criomhthainn síos ar uair gur thugadar iasc leasaithe nó saillte go Cathair Saibhín le díol. mar gur chualadar gurbh fhearr an luach a gheobhaidís ann air. Ceannaíodh an t-iasc uathu agus thug an ceannaitheoir go dtí tigh an tábhairne iad, mar ar óladar cúpla deoch. Chuadar faoi shráid an bhaile mhóir ansan le hearraí beaga a cheannach. Ag cúinne sráide bhuail triúr ban bhreátha leo. Bhí fear liath ar dhuine des na Blascaodaigh agus ní raibh puinn Béarla aige.

Chuir an bhean ba bhreátha orthu - bean fionna rua a bhí sé troithe ar aoirde ceist ar an mBlascaodach liath:

Come along, Blashket man, won’t ‘ou have a dhrink?

D’fhreagair an fear liath: I bhóint not Meám, mar níor thuig sé an cheist go lán chruinn. Rug sí thiar ar bheist air agus do stracadh an droim aisti agus chuir an fear liath leis sa tsiúl ab fhearr a bhí aige.

Na cuimhintí is gléine agam féin ar Mhuiris ná sinn ar Inis Tuaiscirt le linn scannánaíochta ar Oileán Eile - sinn istigh sa mhúchán atá ann mar ar chónaigh na daoine deireanacha a mhair ann agus Seán Pheats Tom Ó Cearna in ár gcomhluadar.

Cuimhním air ar Inis Gé Thuaidh imeasc na bhfothrach,

agus ag cur líon saighní ar an dtráigh álainn sin ar an bhFód Dubh farae Sonny Mac Oireachtaigh.

Cuimhním air ar a shástacht ar an gCúinne ar an bhFeoghanaigh farae Willie Lee agus Nic Chláis Ruiséal ag trácht ar chúrsaí feirme agus farraige;

nó i dTigh Krugir farae Pound agus Faelí agus Seán Chaist;

nó i dTigh Kane i nGleann an Mháma ag comhrá le lucht cnoic agus caorach.

Is cuimhin liom é ar a shuaimhneas i nGarville Avenue agus Máirtí Ó Direáin go cumhthalach ina fhochair - iad ag plé cúrsaí an iarthair agus Árann…

B’shin iad a láithreacha draíochta - mar ar osclaíodh a intinn agus a chló cheart.

Le bhéarsaíocht leis an nDireánach a fhearfad deireadh ar an gcluiche caointe seo:

Ár nÓige:

Má deirid leat do chairde

Gur siolla den ghaoth trí fhál,

An siolla a chloisir de ghnáth,

Ar bhóthar Bhaile an Chláir

Nó láimh le Rathún na gCnámh,

Ná géill feasta dá ráite:

‘Sí ár n-óige í go dearfa

Ag éamh ar fud na háite.

Minic a d’fhill sí orm féin

Bhuail doras mo chuimhne

Is d’fhiafraigh go dian díom

Ar aithníos cé a bhí ann,

Ach ghabh cás is cian mé,

Is chuireas uaim siar í

Go bóthar Bhaile an Chláir

Is go Rathún na gCnámh.

Cérbh é Muiris Mac Conghail? Fear suilt ab ea é