Cáineann an coimisinéir an ‘cur i gcéill’ a bhaineann le cúrsaí teanga an Stáit

Léiríonn taighde nua atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, an “cur i gcéill” a bhain le polasaí an Stáit maidir le húsáid na Gaeilge sa chóras poiblí le breis agus 80 bliain anuas.

Ag fógairt an taighde nua i mBaile Átha Cliath aréir, thug an Coimisinéir Teanga rabhadh láidir don Rialtas go raibh sé thar am deireadh a chur leis an “gcur i gcéill” seo agus dul i ngleic i ndáiríre le hábhar atá curtha ar an méar fhada leis na cianta.

Agus é ag seoladh Choláiste na hÉireann, institiúid nua tríú leibhéal Gaelchultúr, dúirt Ó Cuirreáin gur léirigh an taighde gur “soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis” maidir le riachtanas na Gaeilge sa státchóras ó bhlianta tosaigh an Stáit.

De réir a chuid taighde, cuireadh siar an spriocdháta maidir le feidhm a thabhairt do rialacháin teanga sa státchóras 54 uair idir 1928 agus 1966.

READ MORE

Níor tugadh feidhm riamh do na rialacháin a bhí in ainm is a chinntiú go mbeadh dóthain daoine sa státchóras le freastal i nGaeilge ar mhuintir na Gaeltachta.

Tugann an taighde léargas dúinn chomh maith ar an mímhacántacht a bhain leis an gcinneadh i 1974 deireadh a chur leis an nGaeilge éigeantach sa státseirbhís.

Cé gur thug an Rialtas le fios go poiblí ag an am gur chreid siad gur chun leas na teanga a bheadh an cinneadh, de réir meamraim éagsúla atá tagtha chun solais i dtaighde an choimisinéara, thuig siad go rímhaith go bhféadfadh an cinneadh dochar nach beag a dhéanamh do sheasamh na teanga sa státchóras.

Dúirt Richie Ryan, an tAire Airgeadais ag an am, mar shampla, go raibh an Rialtas "lánmhuiníneach" go músclódh an cinneadh maidir le Gaeilge éigeantach "dea-mhéin bhreise don Ghaeilge" agus go gcabhródh an cinneadh "le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís".

'Legitimate criticism'
Ach tuairim eile ar fad a bhí ag an Aire Richie Ryan i meamram Rialtais faoin dualgas teanga a bhí ar an Stát faoin mBunreacht: "There has been legitimate criticism that this responsibility has not always been discharged. The position will tend to worsen if staff without Irish are recruited."

Is léir ó mheamram eile, nach raibh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, dall ach an oiread ar na fadhbanna a leanfadh an cinneadh faoin nGaeilge.

I litir a scríobh sé chuig an Aire Ryan i mBealtaine 1974, mhol Cosgrave gur cheart déileáil leis an gceist i gcomhthéacs beartais níos leithne i leith na Gaeilge agus d’admhaigh sé go raibh an baol ann go bhfágfadh an polasaí nua nach mbeadh fágtha sa tseirbhís phoiblí ach fíorbheagán daoine a bheadh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar.

Agus athbhreithniú ar siúl faoi láthair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt Ó Cuirreáin go raibh “deis stairiúil” ag polaiteoirí na linne seo gníomh fónta a dhéanamh ar son na teanga: “Tá leasuithe le déanamh ar an Acht Teanga agus cinntí tábhachtacha le déanamh faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Níor cheart an deis seo a ligean le sruth – ní féidir géilleadh do Bhéarla éigeantach. Mura seasfar anois le cearta teanga na nGael, má dhiúltaítear an deis a thapú, ní mhaithfidh na glúnta atá le teacht dúinn é.”

Dúirt Ó Cuirreáin gur cheart go gcinnteodh na leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeadh Gaeilge “gan cheist, gan choinníoll” ag fostaithe an Stáit atá ag freastal ar phobal na Gaeltachta: “Ag tráth go bhfuil an státchóras ag díriú i dtreo dualgais phleanála teanga a leagan ar na pobail féin sa Ghaeltacht, creidim go mbeadh sé áiféiseach go mbeadh an státchóras féin ag brú Béarla orthu lena gcuid gnóthaí a dhéanamh.

“B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga pobail ach ná labhraígí linne í!”.”

Dúirt sé gur ghá freisin dul i ngleic leis an easpa daoine sa chóras poiblí a raibh dhá theanga oifigiúla an Stáit acu. Is í seo “an fhadhb is bunúsaí dá bhfuil ann” maidir le seirbhísí stáit trí Ghaeilge.

“An bhfuil muid – agus muid ag druidim le comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca 1916 – chun Béarla éigeantach a chur in áit na Gaeilge éigeantaí i gcóras stáit na tíre seo?” a d’fhiafraigh Ó Cuirreáin.